Mo ghráin sibh a Celtic agus Rangers

Posted on Deireadh Fómhair 22, 2013 le

0



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Agus duine i mbun cholúin, ba chóir a bheith conspóideach, ach chan ró-chonspóideach.

Ba chóir tuairimí a léiriú ach ní gá do thuairimí pearsanta FHÉIN a léiriú.

Ach tá mé chun na rialacha sin a lúbadh don cheann seo áfach.

160466-rangers-v-celtic-team-news-and-preview-410x230

Cha féidir ceann acu gan an ceann eile

Tá fuath … ní hé … gráin agam do Celtic agus Rangers.

Ní labhróidh daoine áirithe liom arís ach, agus mé i mbun taighde don cholún seo, fuair mé amach go n-aontaíonn go leor daoine liom.

An t-aon rud a chuireann imní ar dhaoine ná go gcuirfí éilíteachas ina leith dá ndéarfadh siad a dhath diúltach faoin dá chlub – Gaeilgeoirí go háirithe mar cuirtear an éilíteachas inár leith go minic, ní gan chúis.

Bheadh go leor de lucht Celtic ar buille liom agus mé ag lua chlub s’acu san abairt chéanna le Rangers. Ní léir dom uaisleacht Celtic thar Rangers caithfidh mé a rá.

Títear domsa go n-imríonn an lánúin seo tionchar ar an pholaitíocht agus ar fhéiniúlacht dhaoine in Éirinn, thuaidh agus theas, agus in Albain, agus nach dea-thionchar é sin.

Má tá tú in amhras faoi thionchar Celtic ó dheas, déan comhaireamh ar mhéid geansaithe Celtic atá le feiceáil ag cluichí na Poblachta.

Siomtóim iad Celtic agus Rangers seachas na cúiseanna dar le roinnt daoine, sin mar a thosaigh siad b’fhéidir, ach chan amhlaidh an cás inniu – is iad an dá chlub bunchloch fhéiniúlacht go leor daoine i nGlaschú agus in Éirinn leis.

Níos tábhachtaí ná dílseacht do náisiún, do pholaitíocht, do chultúr nó do theanga.

Aontachtóirí a sheanann gur aontachtóirí iad

Jim_Murphy

Jim Murphy MP – “Ní aontachtóir mé agus ní raibh mé i m’aontachtóir riamh … Ach creidim go bunúsach gur chóir go mbeadh Albain mar chuid den Ríocht Aontaithe.”

Mar shampla, dúirt an MP do Shiorrachd Rinn Friù, Jim Murphy ó Phàrtaidh Làbarach na h-Alba anuraidh agus é ag déanamh trácht ar an díospóireacht faoi neamhspleáchas na hAlban :

“Ní aontachtóir mé agus ní raibh mé i m’aontachtóir riamh,” a dúirt sé “Ach creidim go bunúsach gur chóir go mbeadh Albain mar chuid den Ríocht Aontaithe.”

Ceann de na ráitis is mí-ionraice agus is seafóidí dar chuala mé sa pholaitíocht riamh –

Níl amhras faoi – is aontachtóir Jim Murphy– is é an rud atá sé ag rá i ndáiríre ná gur Celtic Fan atá ann agus nach Protastúnach atá ann –season ticket holder atá ann. “ní Billy mé ach Tim.”

Tá go leor polaiteoirí eile in Albain atá ina dtacadóirí Celtic agus ina aontachtóirí go smior, cosúil le George Galloway agus le John Reid.

Níl amhras faoi – is aontachtóir Jim Murphy– is é an rud atá sé ag rá i ndáiríre ná gur Celtic Fan atá ann agus nach Protastúnach atá ann –season ticket holder atá ann. “ní Billy mé ach Tim.”

Níl a dhath cearr leis sin –tá cuid mhór de lucht tacaíochta Celtic ar aon fhocal leo – d’ainneoin a bpoblachtachas bréagach gach tráthnóna Dé Sathairn – an ndéanann sé aon chiall a bheith fanaiceach, mar dhea, faoi neamhspleáchas na hÉireann ach i gcoinne neamhspleáchas na hAlban.

Ar an láimh eile, is soiléir má thugann duine scagadh ar na meáin shóisialta go bhfuil bunús lucht tacaíochta Rangers i gcónaí neamhspleáchas na hAlban chomh maith. Seans go bhfuil bunús polaitiúil leis sin ach is doiligh gan a bheith den tuairim gurb amhlaidh an scéal de bhrí gur Rangers Fans iad go príomha seachas Albanaigh.

Cha bhaineann sé liomsa

 Ach ní Albanach mise, ní bhaineann ceist neamhspleáchas na hAlban liomsa go díreach, ceist do mhuintir na tíre sin é agus ceist a fhreagrófar an bhliain seo chugainn nuair a bheas reifreann ann.

Tá rialtas na hÉireann neodrach mar is cuí ach cad faoi náisiúntóirí na hÉireann? Cuireann an cheist mearbhaill orthu.

Tá mé ag ceapadh gurb é an rud deireanach atá uaidh ceannaire an SNP, Alex Salmond ná aon ionchur ó Éirinn – níor mhaith liom an díospóireacht a bheith truaillithe ag Celtic agus Rangers agus ag polaitíocht na hÉireann níos mó ná mar atá cheana féin.

Ach tá iarracht déanta ag Salmond, agus é in Éirinn, an dá chúis a nascadh – rud a dhiúltaigh iar-cheannaire an SDLP Séamus Mallon go feargach – “bhí Albain mar chuid den tromaíocht in Éirinn,” a mhaígh sé.

“Bhí reisimintí na hAlban anseo, ag cur i bhfeidhm eascaire na Breataine.”

 Mór an trua mar sin gur éirigh leis an dá fhoireann seo, gaol nár réab an fharraige riamh mar a dúirt Somhairle Mac Ghill Eathain a scaradh ón chéile.

An uair dheireanach a bhí mé ag spaisteoireacht ar Bhóthar na bhFál, bhí go leor bratacha le feiceáil, ó bhratach Thír na mBascach go bratach na Palaistíne – ach ní raibh bratach na hAlban le feiceáil in áit ar bith? Bhí sé le feiceáil i gceantair dhílseacha áfach.

Mar fhocal scoir, chuir mé ceist ar Ghaeilgeoir as Glaschú de bhunadh Thír Chonaill blianta ó shin an raibh mórán teagmháil aige le Gaeil na hAlban thall, “ní raibh”, a mhínigh sé, “Lucht Rangers atá iontu sin.”

Mór an trua mar sin gur éirigh leis an dá fhoireann seo, gaol nár réab an fharraige riamh mar a dúirt Somhairle Mac Ghill Eathain a scaradh ón chéile.

Tuigtear dom go bhfuil gaol i bhfad níos sláintiúla idir an dá dhream inniu mar sin féin.