Gnéasachas, Gaeilge agus Ceartaiseacht pholatúil

Posted on Deireadh Fómhair 23, 2013 le

8



Smaointí ar an nGnéasachas inniu le Dónal Ó Catháin

Tá sochaí an lae inniu chomh forbartha is a bhí ariamh. Is dlíthe comhionannais a bhíonn á gcumadh ag an Rialtas go han-mhinic- ag na huaireanta sin nuair nach mbíonn siad ag déanamh tuilleadh scriosta don tír. Is daoine sibhialta sinn ar an mórchuid.RosieSexism

Tá deireadh curtha leis an sclábhaíocht (don chuid is mó, tá sí fós go forleathan i dtíortha neamh-fhorbartha agus is trua sin), agus ní féidir idirdhealú a dhéanamh ó thaobh cúrsaí cine, reiligiúin ná gnéis de, a deir an dlí. Is cinnte go mbíonn idirdhealú ar bhun fós, ach ‘s é mo phointe é ná go bhfuil idirdhealú den chineál seo i gcoinne an dlí agus nach mbíonn sé ag titim amach chomh rialta is a bhíodh.

Is toradh mí-ámharach ar an ngluaiseacht seo i dtreo chearta na ndaoine atá sa cheartaiseacht pholatúil. Ní bhíonn an t-ábhar seo bainteach le gníomhartha a bhíonn ar bun ag daoine, ach leis na nithe a deir siad, nó nach ndeir siad.

Léigh mé alt le déanaí sa Guardian a rinne trácht ar thuairimí a bhí ag A. A. Milne, scríbhneoir leabhar Winnie The Pooh, i leith an Bhéarla. Níor chreid sí go mba chóir go mbeadh an focal ‘Miss’ ann. Is téarma é seo le haghaidh mná nach bhfuil pósta.

An argóint a bhí aici ná nach raibh a leithéid d’fhocal cosúil ann d’fhir. D’aontóinn léi, níl aon chúis ar cheart go mbeadh an focal seo ann. Is fearr i bhfad ‘Ms’ a úsáid mar leagan baineann de ‘Mr’, nó b’fhéidir go mb’fhearr dom is fearr ‘Mr’ mar leagan fireann de ‘Ms’ a rá.

Tá an t-athrú sin ciallmhar agus go breá. Theastaigh uaithi tuilleadh athnuachana a dhéanamh ar an teanga áfach. In ionad na bhfocal ‘He’ agus ‘She’ a bheith ann, bhí sí i bhfábhar leagain neodraigh ‘Heesh’ a d’úsáidfí don dá chás. Dá nglacfaí an cur chuige seo ní bheadh racht feirge ar mhná ar léamh ‘He’ nó ‘His’ dóibh, áit nach bhfuil inscne faoi leith luaite.

Is féidir é seo a sheachaint tríd ‘One’ a úsáid, saorbhriathar an Bhéarla mar dhea. Ach más duine tú a mbíonn ‘one’ in úsáid agat an t-am ar fad is mó an méid fuatha a bheidh ag do chairde duit ná meas as ucht do chuid neodrachta teanga.

Is dócha go mbíonn an fhadhb chéanna sa Ghaeilge. Tá sé deacair agus casta a bheith ag rá sé nó sí, nó a (h) chuille huair gur gá úsáid a bhaint as an tríú pearsa uatha. Anuas ar sin níl a leithéid den fhocal ‘it’ sa Ghaeilge mar atá sa Bhéarla, gan inscne. An chúis atá leis sa Bhéarla ná nach bhfuil inscne ag focal ar bith sa Bhéarla.

Mar is eol dúinn sa Ghaeilge áfach, bíonn chuile hainmfhocal firinsceach nó baininscneach, agus cuid acu ina ndéghnéasaigh toisc nach féidir leo a n-aigní a dhéanamh suas.  Tá an claonadh ann sé a úsáid chun ‘it’ a rá sa Ghaeilge an t-am ar fad.

Tá sé sin i gceart de réir an Chaighdeáin don mhórchuid, ach le haghaidh na nuaireanta sin a mbítear ag déanamh tagairte d’ainmhocal baininscneach níl sé i gceart go teicniciúil. Mar shampla: Sin í an fhadbh.

Bhí sí ag cur as dom ní ba luaithe. Tá sé dúshlánach a dhóthain a bheith ag iarraidh na rialacha gramadaí eile a leanúint go bhfuil sé fíor-fhurasta dearmad a dhéanamh ar an gceann seo nach bhfuil ró-dháirire go fírinneach. Tá sé inghlactha sí nó sé a úsáid sa chomhthéacs seo.

 Teanga álainn gan amhras, ach teanga atá beagán cúl-chéimnitheach ag an am céanna?

Is iontas nach bhfuil feiminigh Ghaelacha ag gearán faoin ábhar seo- gach seans nach bhfuil aon fheimineach Gaelach ann chun a bheith ag clamhsán faoi, agus gurb í sin an chúis nach mbíonn aon ní le cloisteáil faoi. Is teanga thraidisiúnta atá sa Ghaeilge. Teanga álainn gan amhras, ach teanga atá beagán cúl-chéimnitheach ag an am céanna?

Nílim ag rá nach bhfuil na hoibrithe atá ag obair sa Roinn Gaeltachta “thíos leis na páistí” mar a déarfaí. Le déanaí chuir siad na focail ‘féinphic’ (selfie) agus tvuít (tweet) leis an teanga Ghaelach, i measc roinnt ceann eile.

An rud atá á rá agam ná go bhfuil sé deacair beannú do dhuine gan tagairt a dhéanamh do Dhia an Ghiúdachais. Is féidir “Haigh” a rá ar ndóigh, ach an bhfuil éinne ag iarraidh é sin a dhéanamh, go fírinneach? Ní féidir le dóchas bheith i saol an Ghaeilgeora gan beithinse an Dia chéanna a admháil.

Nílim ag rá go bhfuil Dia ann nó nach bhfuil ach táim ag rá go mb’fhéidir nach mbeadh baill de reiligiúin eile ró-shásta leis an nGaeilge ón taobh sin de.

An eachtra ar chuir mé ag machnamh faoi na cúrsaí seo ar fad ná scéal eile ar léigh mé sa Guardian, le bhur dtoil, bíodh tuiscint agaibh do mo liobrálachas.

Bhí Jo Swinson, Aire i bParlaimint na Breataine ina seasamh le linn do cheisteanna a bheith á gcur ar an bPríomh-Aire. An chúis a bhfuil sé seo conspóideach ná go raibh sí ag iompar le seacht mí ag an am. Anuas air sin ní fhéadfaí suíochán a thairiscint di toisc go mbeadh “gnéasachas” i gceist.

A chairde, i mo thuairimse, seo an cheartaiseacht pholatúil ag éirí áiféiseach. Is cinneáltas daonna a bheadh ann ag ofráil cabhrach do dhuine a bhí i ngátar, ní drochbhuanchruth á shamhlú i leith ban lag. Is cinnte go mórán bainte amach ag feiminigh sa 20ú haois do mhná. Ach níl aon bhuaiteoir in eachtra mar seo. An t-aon rud a tharlaíonn ná go gcailleann an chiall chomónta.

Sexism_Feature

Posted in: Tuairim