Polaiteoirí na Tíre – Is Sinne atá freagrach astu!

Posted on Deireadh Fómhair 26, 2013 le

6



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Agus muid ag léamh na bpáipéar, ag éisteacht leis an raidió, nó más féidir linn cur suas leis, ag coimhéad ar Vincent Brown, cluineann muid an tráchtairteacht ag caint faoi pholaiteoirí agus á gcáineadh gan stopadh.

1950s_DeValera

Eamonn de Valera

Pobalachas gan náire atá ann – ná creid aon fhocal de.

I mo phost lae mar thuairisceoir íseal bíonn sé de dhualgas orm labhairt le polaiteoirí go minic.

Agus bainim sult as, den chuid is mó is daoine cliste tiomanta ionraice agus suimiúla iad.

Tuigim go maith cé chomh mí-chúthál agus atá sé sin a rá.

Agus deirimse leat, má chuireann tú ceist ar iriseoirí go príobháideach, déarfadh an chuid is mó acu an rud céanna.

Ach ní féidir le duine ar bith sin a mhaíomh go poiblí.

Seans dá mbeinn féin ar Vincent Brown, go ndéarfainn a mhalairt, agus mé ag iarraidh dul i gcion ar an lucht éisteachta mar a déarfá.

Dá gcuirfeá ceist ar lucht vótála na hÉireann áfach, bheinn den tuairim go mbeadh 99% acu den tuairim go bhfuil ár gcuid polaiteoirí go holc amach is amach agus gan aon mheas tuillte acu ar chor ar bith.

Ach ar ndóigh, sinn féin a vótáil dóibh, níor cuireadh aon iachall orainn – stát daonlathach é Poblacht na hÉireann agus sin mar a bhí ó chéad lá Saorstát Éireann.

926_charles_haughey_1

Charlie Haughey, Ard-Rí Inis Mhic Aoibhleáin

“Sa daonlathas, faigheann daoine an rialtas atá tuillte acu” a dúirt an fealsamh Francach Alexis de Tocqueville.

Is cuimhin liom fear ag rá liom, gur vótáil sé don pholaiteoir de bhrí “gur éirigh leis árasán a fháil” dó.

Thug sé vóta dó mar bhuíochas. Shíl sé go mbeadh sé go hiomlán mí-ionraic agus mí-chothrom gan amhlaidh a dhéanamh,

Ach ní hionann suimeanna an pholaiteora údaí sin agus suimeanna mo charaid. Ní hionann an córas soc-eacnamaíochta a bheadh ar leas an pholaiteora seo agus an córas a bheadh ar leas an fhir seo ná aon bhaol air.

Ach bhí ceart vótála aige, bhí sé freagrach as agus d’úsáid sé é mar ba chóir – dar leis.

index-john-charles-mcquaid

Ardeaspag McQuaid – fear an-chumhachtach a bhí ann ach cárb as ar tháinig a chumhacht?

Deir roinnt daoine go bhfuil easpa físe le mothú i measc pholaiteoirí na hÉireann. Cinnte, tá míbhuntáiste ag an daonlathas I gcomparáid le córais eile, cothaíonn sé measarthacht ach cothaíonn sé lagmheasarthacht in éineacht leis.

Ach tá comórtas ann, caithfidh siad an chéad toghchán eile a bhuachan – ní bhaineann tú toghcháin in Éirinn le fís faraor.

An nglacann daoine le freagracht s’acu mar is ceart?

Mar a dúirt, bhí an daonlathas againn sa Sé Chontae is Fiche ó d’fhág Sasain agus a giollaí armtha i 1922 ach cha bheadh a fhios agat ag éisteacht le cáil mhaith daoine.

Agus daoine ag caint faoi Éire Chaitliceach, an cultúr fóir-Chaitliceach a d’fhás in Éirinn ó bunaíodh an stát agus nach bhfuair bás go dtí tús na nóchaidí shílfeá gur deachtóireacht faoi thionchar na hEaglaise a bhí ann cosúil leis an Spáinn agus leis an Phortaingéil ach níorbh amhlaidh an cás.

Vótáil daoine don chultúr sin, thug siad cead dó, ghlac siad páirt ann – ach níl muid ábalta sin a admháil go fóill.

Mar a’ gcéanna le polaitíocht De Valera, agus sin polaiteoir a raibh fís aige gan amhras, arís shílfeá gur deachtóir a bhí ann. Ach níorbh amhlaidh an cás, polaiteoir a toghadh go daonlathach, arís, arís agus arís eile thar thréimhse 6 bhliain is caoga.

Cinnte, tá lámh in uachtar ag polaitíocht phumpa an pharóiste ach sin an rud a roghnaigh muid féin.

Ní hé go bhfuil mé ag aontú leis, chan fheil, ach caithfidh mé cuid den fhreagracht a ghlacadh as.

Ar ndóigh – baineann obair phumpa an pharóiste le hiarrachtaí an pholaiteora an chéad toghchán eile a bhuachaint ach b’fhearr go mbeadh polaiteoirí ag díriú ar na ceisteanna móra sóisialta morálta agus eacnamaíochta ach is doiligh feiceáil cén chaoi gur féidir linn sin a fheabhsú.

An bhfuil duine ar bith ag iarraidh comhairleoirí na tíre a dhéanamh níos cumhachtaí i ndáiríre – is doiligh a chreidbheáil go ndéanfadh sé sin rud ar bith ach polaitíocht phumpa an pharóiste a neartú.

Níl ann ach leasú amháin ar féidir leis an chóras a athrú – sin an leasú ar féidir linn ar fad a dhéanamh.

Tá sé ar chumas an phobail gach uile pholaiteoir sa Dáil a chaitheamh ar an tsráid am an chéad toghchán eile – ní dhéanfaidh muid sin ar ndóigh.

Cuirfidh muid na daoine céanna istigh agus cuirfidh muid an milleán orthu as gach fadhb faoi spéir –ní ghlacfaidh muid aon fhreagracht as na daoine a chuir muid sa Dáil.

Is é an cheist a bheadh agamsa ná an bhfuil an córas briste nó an bhfuil muidne briste?

Ar cheart dúinn, ní éirí as an ghéarán ach a bheith níos aibí? Ar cheart dúinn freagracht a ghlacadh as ár vótaí?

Posted in: Tuairim