Éire Neamhspleách : An fiú an tairbhe an trioblóid?

Posted on Samhain 6, 2013 le

1



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Airgead an cheadúnais teilifíse a íocann as Clár Chormaic agus as Raidió na Gaeltachta i ndeireadh na dála, airgead an phobail.

Mar sin de, cé nach bhfuil leisce orm labhairt faoi pholaitíocht sa cholún seo, níor mhaith liom díriú isteach ar pháirtí ar leith

Sílim nach mbeadh sé sin cothrom – agus tá a fhios againn go léir cad a tharla don gharraíodóir gnéasach a labhair amach faoi chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá leisce orm labhairt as Gaeilge faoin Ghaeilge chomh maith, buartha go mbeinn ag cur leadrán ar dhaoine.

Ní dóigh liom go bhfuil an dara rogha agam an tseachtain seo áfach.

***

ireland-financial-crisis-145-390x285Thuairiscigh Nuacht TG4 an tseachtain seo caite go bhfuil “cinneadh déanta ag an rialtas deireadh a chur le pointí bónais as Gaeilge d’arduithe céime agus earcaíocht sa tSeirbhís Phoiblí.”

“I gcás earcaíochta agus arduithe céime, bunófar painéil agus beidh Gaeilge ag 6% de na daoine sin sna ranna cuí.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur “céim amháin chun tosaigh agus dhá chéim ar chúl” a bhí i gceist.

“Ní chun sochar na teanga a rachas an leasú ar na pointí bónais don Ghaeilge sa státseirbhís” a dúirt sé.

Rinne Conradh na Gaeilge cur síos ar an ghníomh seo mar “céim ar chúl eile ón Rialtas seo don tseirbhís Ghaeilge do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.”

Tuigim nach bhfuil gach Gaeilgeoir ar aon fhocal faoi sin agus go bhfuil daoine ann a bhfuil dóchas acu go gcuirfear fios ar an Ghaeilge san áireamh agus “buanna” iarrthóirí ar phoist sa státseirbhís á meas.

Ní bheinn féin chomh dóchasach sin, agus cé go bhfuair mé seirbhís den scoith ó státseirbhíseach as Gaeilge ar na mallaibh, bheinn buartha go mbeadh fios ar an Ghaeilge ina mhíbhuntáiste ar an ábhar gur léir cé chomh frithGhaeilge is atá eilimintí áirithe ag barr na seirbhíse agus cé chomh dílis is atá siad don ghalldú.

Títear domsa go bhfuil deireadh éifeachtach curtha le cibé stádas a bhí ag an Ghaeilge sa státchóras.

Is dearfach an beart é chun a chinntiú go mbeidh 6% den státseirbhís ábalta freastail ar phobail na Gaeilge – cé gur uimhir an-íseal ar fad é sin.

Ach bheinn go mór in amhras go gcuirfear an beart sin i bhfeidhm choíche – gheofar bealach chun é a chur ó mhaith.

Títear domsa nach mbeidh aon chumas ag an státseirbhís a gcuid dualgais is leith pobail na Gaeilge a chur i gcrích.

Chan ionann sin is a rá go raibh an seanchóras ag obair, cha raibh ach is trua nár ghlacadh deis chun an córas sin a leasú seachas an gníomh fealltach a rinneadh.

Níl fágtha againn ach Acht na dTeangacha oifigiúla gach seans gurb é sin an chéad targaid eile.

***

Ach níl aon iontas orm.

Seo an rialtas is gallda agus is frith-Ghaeilge ó d’fhág na Sasanaigh agus tá siad ag tapadh lena ndeis chun baint ó stádas na Gaeilge – tá an cúlú eacnamaíochta ina leithscéal den scoith.

Níl a fhios agam an bhfuil an neart ag an Ghaeilge maireachtáil ar chor ar bith má bheas an comhrialtas seo i gcumhacht tar éis an chéid toghcháin eile.

Ach ná smaoinigh go réiteodh rialtas Fianna Fáil agus Sinn Féin a dhath – ní bheidh uatha ach caint, caint agus baothchaint.

Ar a laghad, níl aon fhimíneacht ann le Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre – ní mhaíonn ceachtar acu go bhfuil siad ar son athbheochan na Gaeilge, d’ainneoin gur Gaeilgeoirí den scoith ceannairí an dá pháirtí sin.

Agus i ndeireadh na dála, is leis na Mandairínigh an fíor-chumhacht, cibé fíor-chumhacht a bhfuil fágtha againn sa tír cibé ar bith.

michael-collins-commander_iBím féin ag smaoineamh :

Cad a shílfeadh an Piarsach dá bhfeicfeadh sé Éire inniu – an mbacfadh sé leis an Éirí Amach ar chor ar bith?

Cad faoi Mhicheál Ó Coileáin- an síneodh sé an Conradh dá dtuigfeadh sé cé chomh gallda is a bheadh an saorstát a rugadh is a tógadh mar thoradh air?

Shíl siad beirt go raibh siad ag bunú tearmann do chultúr agus do theanga na hÉireann ach níorbh athbhunú stát Gaelach a bhí ann ach an stát gallda ag leanúint ar aghaidh gan aon athrú ach péint ghlas ar na boscaí poist.

***

Ní cóir go mbeadh an uber-Ghalldachas seo ina ábhar iontais áfach.

Smaoiním féin ar dhaoine ar nós James Creed Meredith, an breitheamh a bhain úsáid as an seandlí tar éis gur bunaíodh an stát – cha raibh sé ina aonair, bhí dlíodóirí eile ann a bhí ag iarraidh go mbeadh tionchar ag córas dlí na nGael ar an tsochaí úr.

Tá mé féin i mbun staidéar ar dhlíthe na mbreithiúna faoi láthair, go leor le foghlaim uatha, go leor rudaí arbh fhéidir linn a úsáid is mór an trua nár glacadh cuid de isteach – bhí go leor de samhnasach ar ndóigh – mar shampla, ní raibh gach duine comhionann faoin dlí.

Ghlac an saorstát leis an dlí Gallda go huile is go hiomlán agus chuir dlíthe na nGael faoi chois, fianaise lom chrua faoi cén chineál stát a bheadh i gceist.

***

Caithfidh mé a admháil agus mé ag labhairt na Gaeilge mar ghnáth-theanga an tí ní mhothaím go suíonn sé sin le cuspóirí agus aidhmeanna an stáit.

Gníomh fríth-stáit atá ann dar liom, gníomh frithbheartaíochta fiú. Níl mé compordach sin a rá ach sin mar atá faraor.

Ach cha rabh conradh sóisialta idir mé féin agus stát ar bith riamh, tá mé cleachtaithe leis, tá súil agam gur féidir le Gaeil an deiscirt éirí cleachtaithe leis chomh maith.

***

Tír gan teanga, tír gan anam slua-ghairm an Chonartha agus taitníonn sé go mór liom.

Gan Gaeilge cén tír a bheadh ann, an é nach bhfuil inti mar Éire ach oileán agus geilleagar.

Mura bhfuil cultúr ag tír – cad is fiú stát a bheith ag an tír sin – an féidir tír gan cultúr?

Caithfear an cheist a chur, mura bhfuil aon chearta teanga ag Gaeilgeoirí in Éirinn – agus leis an fhírinne a dhéanamh níl – cad is ciall le hÉirinn?

Cad is fiú leanúint ar aghaidh le neamhspleáchas na hÉireann gan cultúr na tíre a chothú – an fiú an tairbhe an trioblóid?

Craoladh gearr-leagan den phíosa seo mar cholún raidió ar Chlár Chormaic@cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta,

Féach chomh maith

Cén fáth go bhfoghlaimeodh aon stát seirbhíseach an Ghaeilge a thuilleadh?

5/11/13/

Posted in: Tuairim