Nua-Ghaeltachtaí : Ar scáth a chéile a mhaireann muid

Posted on Samhain 16, 2013 le

12



Óráid Shéamuis Mhic Sheáin le muintir Ghaeltacht Cheanada.

gaeltacht bhthar seoighe

Gaeltacht Bhóthar Seoighe

D’ainneoin a bhfuil de fhoirgníocht nua déanta ar fud na hÉireann níl i mbaile mór amháin, sráid , céide, corrán, ascaill ná scéim tithe dá laghad atá Gaelach nó leath Ghaelach féin.

“Ní bheidh aon rath go deo ar fhoghlaim na Gaeilge go dtí go mbíonn sí á labhairt go nadúrtha i dtimpeall an fhoghlaimeora, agus ní haon mhaith a bheidh ag iarraidh ar lucht na mbailte mór dul siar go bailte beaga na Gaeltachta a foghlaim. Mura bhfeiceann siad agus mura gcloiseann siad an teanga i bhfeidhm ag a leithéidí féin ní thaobhóidh siad léi go deo.”

Agus arís, ” Caithimid baile mór a thógáil muid féin agus ná bí ag ceapadh go mba ní do dhéanta é. Níorbh ea. Níor ghá ach ionad feiliúnach a thoghadh cumann foirgníochta a bhunú na tithe a thógáil agus busanna faoi leith a bheith ann le daoine a thabhairt isteach agus amach chuig na gcuid oibre. Teastaíonn baile mór ó lucht na Gaeilge. Bunaídis féin é.”

Ba é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir clúiteach agus gníomhaí teanga a scríobh an mhéid sin i 1952 agus sílim gur chuir sé a mhéar ar cheann dena chúiseanna nach bhfuil toradh follasach le feiceáil ar athbheochan na teangan fríd Éirinn ainneoin na n-iarrachtaí móra uilig a rinneadh ó bunaíodh Conradh na Gaeilge i 1893/

Nuair a hiarradh orm labhairt leis an chomhluadar anseo anocht bhí áthas orm ar chúpla cúis. bhí áthas orm go mbeinn ag caint le daoine a bhí ag iarraidh rud éigin cruthaíoch radacach a dhéanamh ó thaobh forbairt na Gaeilge de agus go mbeinn ag caint le daoine a bhí ag smaoineamh ar thodhcaí na teanga seachas a bheith ag plé le stair na teanga.

Támuid ró thugtha dar liom don chúlchoimhéad agus tá mé ag ceapadh go bhfuil níos mó leabhar scríofa faoi sheanchanúintí na hÉireann atá marbh le blianta ná faoi theanga an lae inniu, go háirithe ag lucht acadúlachta ghluaiseacht na teanga.

1348570839an_carn_1

Carn Tochair

Chomh maith le sin cuireann an tionscnamh atá ar bun agaibh i gCeanada an tionscnamh ar chuir muid féin tús leis 50 bliana ó shin i mBéal Feirste i gcuimhne domh ach ar bhealach go bhfuil sibh féin i bhfad níos uaillmhianaí ná bhí muid féin nó tá 63 acra talaimh agaibh nuair nach raibh ach breis agus dhá acra againn féin.

San am céanna tá cosúlachtaí idir an dá thionscnamh sa mhéid is gur tionscnaimh phríobhaideacha iad, is on phobal aníos atá siad ag eascairt seachas ó bharr anuas agus is mó go mór an seans go n-éireóidh leo dá bharr sin dar liom.

Is aisteach an rud é ar bhealach ach ainneoin go bhfuil iarrachtaí tréana ar bun ó bhí 1893 ann agus roimhe sin in Éirinn an teanga a athbheo nár tugadh iarraidh ach go hannamh an teanga a athbheo mar theanga shóisialta pobail ach i bhfíor chorr-áit.

Ag tús bunú an stáit ó dheas i 1922 bhí díograis agus dóchas ann go dtiocfadh an teanga a athbheo ach an stát go leor achmhainní a chur taobh thiar dí. Rinne siad amach go mbeadh uair a chloig de theagasc na Gaeilge in achan scoil gach lá, rud mór ag an am ach tá sé suimiuil fosta go dtug siad á mbeannacht agus chuidigh siad le scéim tithíochta a fhorbairt i dTuaisceart Bhaile Átha Chliath ar tugadh páirc na Gaeltachta uirthi mar an chéad iarracht leis an Ghaeilge a athlonnú mar theanga phobail taobh amuigh den Ghaeltacht.

Níor éirigh leis an iarracht sin ar an drochuair ach léirigh sé san am chéanna gur thuig daoine an tam sin féin go raibh tábhacht le comharsanachtaí a bhunú taobh amuigh den Ghaeltacht a mbeadh an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail iontu má bhí an Ghaeilge le bheith beo arís in áiteanna a bhfuair sí bás iontu thar tréimhse dhá chéad bliain roimhe sin.800px-Tamworth_Canada_Gaeltacht_sign

Níor thug an stát faoi thionscnamh cosúil le sin arís go gcionn 14 bliana nuair a d’aistrigh siad cúpla céad duine aniar as Gaeltachtaí Iarthair na tíre i 1936 go talamh mhaith chontae na mí go dtug siad gabháltais dóibh ag súil as go dtiocfadh leo a theacht i dtír orthu , rud a bhí deacair a dhothain thiar. Tá an teanga beo beathaíoch go fóill i Rath Carn ach ar an drochuair is beag dí atá fágtha i mBaile Ghib sa chontae chéanna de réir cosúlachta, ceantar eile ar bhog daoine as Iarthar na tíre go dtí é.

Ba iarrachtaí stáit iad an trí cheann sin ach b’ éigean fanacht go dtí 60í na haoise seo thart sul ar tosaíodh ar dhá Ghaeltacht Nua a bhunú i gCorcaigh agus i mBéal Feirste.

Dar ndóigh is Gaeltachtaí uirbeacha iad sin mura b’ionann iad agus Rath Cairn agus Baile Gibb agus bhí siad difriúil fosta sa mhéid a’s nach cainteoirí dúchais Gaeilge a bhí sna daoine a bhunaigh iad.

Tá Ard Barra i gCorcaigh agus Gaeltacht Bhóthair Seoighe i mBéal Feirste ann i rith an ama agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail iontu i dtólamh 50 bliain i ndiadh a mbunaithe.

I dtaca le Gaeltacht Bhóthar Seoighe de tá an triú ghlúin de chainteoirí Gaeilge anois á tógáil ann agus sílim gur féidir a rá gan áibhéal ar bith gur éirigh leo an teanga a athbheo in áit a bhfuair sí bás ann cúpla nó trí chéad bliain ó shin, fiú má tá líon an dá phobal beag go leor

Mar a dúirt mé tá cosúlachtaí idir Gaeltacht Nua Mheiriceá Thuaidh agus Gaeltacht Bhóthar Seoighe sa mhéid a’s gur as díograis an phobail féin a d’fhás siad.

I gCanada cheannaigh sibhse píosa talaimh leis an Ghaeltacht a bhunú ann agus rinne muid féin an rud céanna i mBéal Feirste i 1965.

Thóg muid 5 theach ar dtús agus bhog muid isteach sna tithe i 1969 agus de réir a chéile tógadh tithe eile agus scoil agus tháinig daoine a chónaí ann go raibh  22 teach ann de chineál éagsúil. Rugadh páistí ann , tógadh teaghlaigh ann agus fuair daoine bás ann. Sin comharthaí seoirt phobal ar bith áit ar bith ach gurb í an Ghaeilge teanga comónta na ndaoine ann.

Tá coincheap na nua0gaeltachtaí furast go leor a thuigbheáil agus ní glacann sé mórán dua lena samhail. Is i suíomh sóisialta a mhaireann teanga ar bith agus is i ndlúthchaidreamh le daoine eile a labhraíonn an teanga chéanna a mhaireann sí mar sin is iontach nach raibh lonnaíochtaí Gaeilge ina phríomhchuspóir ag lucht na hathbheochana ón tús agus níor mhiste fáil amach cad chuige nach raibh.

Ábhar taighde do dhuine éigin b’fhéidir? Ach an féidir a bheith ag súil le go n-éireóidh leis an athbheocháin in Éirinn mura bhfuil an dul chun tosaigh le feiceáil go soiléir ag an mhór phobal ó lá go lá?

Dar leat gur mór an spreagadh agus an misneach a thabharfaí do mhuintir na tíre a fheiceáil nach mbeadh an teanga sioctha go deo taobh istigh de teorannacha na sean Ghaeltachta ach go raibh sí ag bruachtáil thar teorainn amach agus ag lonnú i áiteanna eile mar atá á dhéanamh i gCarn Tochair i gCo. Dhoire le roinnt bliana anuas.

An é easpa fáis na gceantar “Nua-Gaeltachta” taobh amuigh den “Sean Ghaeltacht” is cúis leis an tsíor chreimeadh ar an teanga atá ag dul ar aghaidh go fóill glúin ar ghlúin i ndiaidh bunú an stáit ó dheas?

Le glúin anuas is ioma ábhar dóchais a bhí againn idir fás na nGaelscoileanna, bunú Raidió na Gaeltachta, Bunú TG4 ,srl ach fós féin ní chreideann an pobal go fóill gur féidir an teanga a athbheo ainneoin gur mhaith lena mbunús go ndéanfaí í a athbheo.

Sílim go raibh an ceart ag Ó Cadhain nuair a dúirt sé nach dtaobhódh muintir na tíre leis an teanga go dtí go bhfeicfeadh siad an teanga á labhairt ag a macasamhail féin ina gceantar féin mar ghnáth mheán chumarsáide.

Tá tábhacht ar leith dar liom ag baint le ceantair éagsúla a bhunú fríd Éirinn a mbeadh an Ghaeilge mar an teanga chumarsáide iontu. Is í an chéad chéim thábhachtach eile í ó thaobh na hathbheochana de measaim agus níl aon amhras orm go bhféadfadh scéim s’agaibhse i gCeanada a bheith ina chabhar mhór leis an choincheap a dhaingniú in intinn mhuintir na hÉireann. Molaim bhur misneach agus bhur gcruthaíocht.

Tá ábhar dóchais againn féin i mBéal Feirste cinnte. Nuair a bhunaigh muid féin Gaeltacht Bhóthair Seoighe i 1969 ba é an chéad rud a rinne muid ná bunscoil a bhunú do pháistí óga a bhí á dtógáil le Gaeilge ,an chéad scoil dá macasamhail sna sé Chontae.

An lá atá inniu ann tá 20 naíscoil,10 mbunscoil lán Gaelach i mBéal Feirste chomh maith le Coláiste dara leibhéal a bhfuil 600 páistí ann.

Nuair a bhunaigh muid féin an scoil i 1971 ní thiocfadh linn múinteoir a fháil i mBéal Feiste a bhí in inmhe rang scoile a theagasc fríd mheán na Gaeilge ach féach anois i 2013 go bhfuil na céadta múinteoir ag teagasc i nGaelscoileanna fríd na sé chontae agus go bhfuil 70 múinteoir ag teagasc suas le fiche ábhar éagsúla i gColáiste Feirste féin.

Is ábhar suntais é gur chuir 14 múinteoir isteach ar aon phost amháin i nGaelscoil i mBéal Feirste ar na mallaibh. rud a bheadh dó chreidte againn i 1971.

Tá an fás sin ann de bharr na gcúrsaí atá á gcur ar fáil ag Coláiste Oideachais Naomh Muire atá in aice láimhe anseo agus a bhfuil roinn ar leith acu do mhúinteoirí ar mhaith leo teagasc i nGaelscoil. Chomh maith le sin tá thart 50 grúpa éagsúla ag obair sa chathair ag forbairt na teanga ar dhóigheanna éagsúla agus tá plean anois ag lucht stiúrtha na Ceathrún Gaeltachta abhus scéim tithe do Ghaeil a fhorbairt ar phíosa talaimh de dheas don Chultúrlann.

Mar sin ainneoin drochchúinsí eacnamaíochta an lae inniu tá rudaí ag bogadh ar aghaidh ó thaobh na Gaeilge de agus beidh bhur gcuairt anseo ina spreagadh acu cinnte le dlús a chur leis an obair. Guím gach rath ar bhur gcuairt inár measc.

Duine de bhunaitheoirí Pobal Feirste, nó Gaeltacht Bhóthar Seoighe é Séamus Mac Seáin.

Posted in: Tuairim