Léanaimis leis an déine ar mhaithe lenár bpáistí

Posted on Samhain 28, 2013 le

0



Déanann Ciarán Dúnbarrach athmhacnamh ar an déine

Samhlaigh gur dhúirt do chomharsan leat lá go raibh gliondar air. Go raibh sé thar a bheith sásta nach raibh an banc chun é féin agus a theaghlach a chaitheamh amach ar an tsráid, nach mbeadh le déanamh aige ach an morgáiste a íoc agus morgáiste gach duine eile ar an eastát a íoc chomh maith.

MichaelNoonan2012Unhappy_large

An tAire Airgeadais, Michael Noonan

Agus go raibh lúcháir air ar an ábhar gur féidir leis dul arís chuig siorcanna iasachtaí áitiúla cairdiúla agus airgead a fháil ar iasacht uafa ar mhaithe le híoc as slí bheatha nárbh fhéidir lena thuarastal íoc as.

Ach nach raibh fadhb ar bith ann dáiríre mar ní bheadh sé air féin an t-airgead sin a íoc a ar ais choíche. Bheadh an dualgas áirithe sin ar pháistí s’aige agus ar pháistí s’acu agus mar sin de.

Ní bheadh gliondar ort féin, shílfeá go raibh an socrú leis an bhanc sheafóideach agus mí-mhorálta agus go raibh sé mícheart agus mí-nadúrtha fiú a bheith ag súil go n-íocfadh a pháistí agus a gharpháistí as saol s’aigesean inniu.

Ach nach é sin an rud atá tar éis tarlú anseo in Éirinn? Éalóidh Éire as tarrtháil na Triúrachta 15 Mí na Nollaig – gheobhaidh muid ár bhflaitheas eacnamaíochta ar ais go pointe – scéala maith gan amhras.images

Ach tá sé dearbhaithe ag an Aire Airgeadais go mbeidh Éire ar ais sna margaí ag tús na bliana seo chugainn cé nach bhfuil an t-airgead sin de dhíth orainn an bhliain seo chugainn.

Is é sin le rá – rachaidh muid ar ais chuig na siorcanna iasachta. Títear domsa go bhfuil sé ar mire glan chun easnamh síoraí a bheith ann sa bhuiséad, gur droch-eacnamaíocht é, go ndéanfaidh sé dochar don gheilleagar sa deireadh agus go bhfuil sé mícheart go bunúsach a bheith ag súil go n-íocfaidh ár bpáistí agus ár ngarpháistí as ár mbillí cárta creidmheasa.

Agus sin a bhfuil i gceist leis na margaí airgeadais – córas creidmheasa cosúil le cárta creidmheasa, tá sé amaideach don duine aonair agus tá sé amaideach do gheilleagar stáit. Ach fuirigh go fóill a deir na sóisialaithe, sin polaitíocht na heite déise – caithfidh muid ár seirbhísí a bheith againn!

Tá an argóint sin intuigthe – ach arís, cad atá cothrom, sóisialach nó féaráilte faoina a bheith ag súil go n-íocfaidh na glúinte atá le theacht as ár gcaighdeán maireachtála inniu agus go mbeidh siadsan níos boichte ná sinn féin?

Agus arís, cad atá sóisialach faoi smacht ar an gheilleagar a thabhairt chuig na margaí seo – nach é sin an fáth a dtugann siad an t-airgead dúinn sa chéad dul síos? Agus na heacnamaithe – cad a déarfadh siadsan – chan fhuil barúil ag an cholúnaí Gaeilge soineanta sin faoin eacnamaíocht.

Goille, suigh síos agus lig dom scéal a arsaí dhuit faoi chúrsaí eacnamaíochta. Tá Cumann Eacnamaíochta Iar-Chliste (Post-Crash Economics Society) bunaithe ag mic léinn eacnamaíochta Ollscoil Mhanchain i Sasanaí.

Séanann na mic léinn seo gur eolaíocht atá i gceist leis an eacnamaíocht, dar leo gur scoil smaointeoireachta atá i gceist,  agus tá siad ag éileamh go rachaidh siollabas s’acu i ngleic leis an chliseadh eacnamaíochta seachas neamhaird a dhéanamh air mar a dhéanann faoi láthair – an cliseadh nár thuar eolaíocht na heacnamaíochta mar dhea.

Anois, ná bíodh aon amhras faoi, shíl mé féin nuair a shocraigh Fianna Fáil fiacha na mbanc a íoc go raibh sé sin mícheart. Shíl mé go raibh sé mímhorálta fiacha príobháideacha ar iasachtaí neamhurraithe a phoiblí. Tá sé go hiomlán mícheart go bhfuil brabús an chaipitleachais príobháideach agus go bhfuil caillteanas an chórais chéanna poiblí.

Bheinn féin ar son na scairshealbhóirí udaí a dhó gan aon dabht. Ní féidir aon rud atá mícheart ó thaobh na moráltachta de a bheith ceart ó thaobh na polaitíochta de. Bhí an polasaí déine a cuireadh iachall orainn a ghlacadh orainn féin mícheart, níl déanta aige ach marbhántacht a bhunú – cé go bhfuil comharthaí dóchais ann.

stiglitz

Joseph Stiglitz, eacnamaí

Dúirt an t-eacnamaí Meiriceánach Joseph Stigiltz, a bhfuil duais Nobel buaite aige, ar RTÉ ar na mallaibh go mbeidh “deich mbliana caillte” ag Éirinn mar gheall ar an déine – “Tá a fhios againn nár oibrigh déine riamh go bunúsach agus ní thuigim faoi spéir conas nár thuig ceannairí na hEorpa sin” a dúirt sé.

Ach tá sé ro-mhall anois, thosaigh muid ar an pholasaí sin agus dar liomsa ba chóir é a chur i gcrích go hiomlán sula gcuirfear deireadh leis anois. Ba cheart leanúint leis go dtí nach mbeidh aon easnamh sa bhuiséad agus é a choinneáil mar sin – sin an t-aon bhealach a choinneoidh muid ár bhflaitheas eacnamaíochta.

Ní féidir borradh eacnamaíochta a bhunú ar fhiacha ar na siorcanna iasachtaí Faighimis na siosúir, gearraimis an cárta creidmheasa, fágaimis saibhreas ar an chéad ghlúin eile – ní ár bhfiacha lofa.  

Clibeanna: ,
Posted in: Tuairim