Ar Chanúintí na Gaeilge

Posted on Nollaig 4, 2013 le

1



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

(Craoladh seo cheana ar RTÉ Raidió na Gaeltachta)

Agus mé ag scríobh an cholúin seo le tamall anuas, ní nach ionadh, scríobhaim sa chaighdeán oifigeil é, agus fiú agus mé á léamh, déanaimse an-iarracht cloí leis an lár-chanúint a leag m’iar-ollamh ollscoile, Dónall P. Ó Baoill amach.

Arú ‘nois a deir cáil mhaith agaibh, tá sé chun labhairt ar an Ghaedhalg fhéin!download

Tá – an uair seo faraor.

Má tá, i mo thaithí mar iriseoir Gaeilge tá fianaise daingean agam nach gcuireann lucht na Gaeilge nas mó spéis ine rud ar bith eile ná an Ghaedhaelg féin – agus sna canúintí sin go háirithe.

Feictear domhsa nach ‘eil aon cheist ann a fhaigheanns greim ar aird na nGael ná canúintí.

Muise, fuair Gaelscéal ‘hatemail’ féin ar an ábhar – é ar fad i mBéarla bhinn gan rian de chanúint ar bith!

Scríobh mé blag ar an ábhar ar na mallaibh agus buailtí d’alt chan fhuair mé riamh cosail leis a’s spriog sé go leor díospaireachta – mé ag tabhairt rabhadh d’fhoghlaimeoirí soineanta faoi na trollanna ar líne a bheas ag iarraidh canúintí bréagacha dara lámh a reic dófa.

Tá sé amuigh orm gur fear mór canúintí mé ar an ábhar gur scríobh mé dhá leabhar ar Ghaedhalg Oirthear Uladh agus go bheil blagannu á scríobh agam orthu.

publications4-24-1Scríobhann daoine chugam ag iarraidh mo chomhairle ar an ábhar agus ag iarraidh mise dul i gceannas ar éirí amach na gcanúintí.

Ach lig domh mo rún a scaoileadh libh coinfheascar inniu – tá mise fhín go mór ar son an chaighdeán oifigeil a scríobhadh oir’d agus is féadar.

Dar liomsa, cruthaíonn sé cudromacht eadar na canúintí agus go dtugann sé deis do chineál Ghaedhalg maireachtail mar theangaidh náiseanta.

Má tá, cathfaidh mé a rud éinteach a aideachadh – dá mbeinn beo in aimsir chogadh na gcanamhaintí bheinn ag taobhadh le hOsborn Ó hAimhirgín agus iad siúd a bhí ag iarraidh Gaedhalg an Chéitinnigh a úsáidiú mar chaighdeán, má tá, d’imigh sin agus tháinig seo agus scríobh an dream eile an stair.

‘Dé as a scríobh mé na leabhair mar sin, cad tuige na blagannu?

Bhál – Tá mé fhéin ag éascú ceardlann ar Ghaedhalg Ó Méith sa Ghaeláras ar an Iúir i láthair na huaire agus tá freastail iontach maith air – tá breis is cúig duine is fiche ag teacht amach chucu.

Mios tú i ndáiríre go dtiocfadh an méad céanna amach dá dtabharfainn ‘rang cruinnis’ nó ‘rang foghraíochta’ nó ‘rang saibhris’ air?

Cha dtiocfadh siad gan aon amhras.

Más féidir foghraíocht, nadarthacht agus saibhreas na Gaedhailge a theagaisc faoin lipéid ‘canúint’ cén dochar?

images (1)

Bearna, áit a bhfuil cainteoirí dúchais ach nach maireann an Ghaeilge mar theanga phobail.

Meallann sé na daoine mar cruthaíonn sé nasc idir an teanga agus an pobal, an teaghlach agus an duine aonair.

Is le muintir Ó Méith Gaedhalg Ó Méith, chan fheil sa chaighdeán ach ábhar scoile nár thaitin le daoine.

Cuireann daoine ceist orm ar cheart dúinn seanchanúintí a athbheochanú – tá an freagra céanna agam i gcónaí – cha bhaineann sé liomsa – labhair cibé dóigh a ba mhaith leat féin.

Tá mo shaith agam féin le daoine a chuireann béim ar chanúintí gan stop ach nach bhfeil ag iarraidh cudromacht ar bith ach lámh in uachtar a bheith aige canúint s’acusan – do mo cheartú fiú i mo thoigh fhéin!

‘Dé a spreag an racht seo?

Má tá, léigh mé alt le laoch de mo chuid ar na mallaibh agus bhí cáineadh ann d’acadúlacht na Gaedhailge as an iomadaí ama a chaitheamh ag teanamh staidéir ar chanúintí.

Chan aontaím leis – cha dearnadh go leor a deirim – tá go leor canúintí i mbéal a mbáis gan staidéar ceart déanta orthu ar bith.

Tá go leor aca nach bhféadfaí a shábháilt de bhrí nach bhfeil aon pháistí á dtógáil iontu nas mó.
Is é an fhírinne nach dtearnadh aon staidéar cuimsitheach eolaíochta ar mhéad dochrach mór des na chanúintí a bhfeil fágtha againn.

Cuir i gcás Gaoth Dobhair, Árainn Mhór, Na hOileáin Árainn, Inis Bó Finne, Rann na Feirste, Gort a’ Choirce, Dúiche Sheoige mar shampla – ach tá rud beaga ama againn sa cásanna sin.

Tá canúintí eile ann áfach, mar shampla Gaeilge an Tearmainn, Achréidh na Gaillimhe, Mhaigh Cuilinn, Bhearna, a rachfas in éag gan oir’d is facal acadúil scríofa orthu.

Má tá, chan fheil sé romhall chun staidéir teangeolaíochta a theanamh othru agus bheinn féin ag iarraidh go n-amharcfadh na hollscoileanna, an Roinn is an Foras, ar an cheist sul má bheas sé ro-mhall.

‘Dé is fiú a deir sibh, bhál, p’fheadfaí, lá éinteach amach anseo go suífidh scabhta le chéile chun staidéar a dhéanamh orthu, chun nasc orgánach a bheith acu leis an teangaidh agus chun í a fhoghlaim in athuair cosail le muintir Ó Méith Mara fhéin.

Dála an scéil, char bhac mé leis an chaighdeán oifigial don alt seo p’fhéadfaí nach mbacfadh mé léithe aríst eile.

Mo bhlag ar Ghaeilge Ó Méith http://oirialla.blogspot.com/

Gaeilge an Dúin http://cluaindaimh.blogspot.com/

Gaeilge Ard Mhacha http://irishofthefews.blogspot.com/

Gaeilge Thír Eoghain http://gaeltachtnaspeirini.blogspot.co.uk/

Gaeilge Reachlann agus Aontroma http://rathlingaelic.blogspot.co.uk/

Gaeilge Chill Chainnigh http://kilkennyirish.blogspot.co.uk/

Posted in: Tuairim