‘Ba chóir an tSínis a fhoghlaim ar scoil in Éirinn in áit na Gaeilge’

Posted on Nollaig 5, 2013 le

7



Tuairim le hEoin P. Ó Murchú

Tá an ráiteas thuas conspóideach go maith ach creidim gur chóir an cheist seo a chíoradh níos mó ná mar a rinneadh cheana. Tá trian de fhostóirí na tíre seo ag iarraidh go bhfoghlaimeodh mic léinn an tSínis ar scoil. Anuas air sin deirtear go bhfuil easpa i scileanna teanga ag cur as do thrádáil leis an tSín, dar le taighde a cuireadh i gcrích le déanaí.

Labhraítear an Mhandairínis ar mhórthír na Síne, sa Téaváin, i Singeapór agus is beagán de mhuintir na Síne a bhfuil Béarla maith acu. Tá Institiúidí Confúicias á mbunú i ngach cearn den chruinne. Déanann Éire thart faoi 3 bhilliún a easportáil chun na Síne chuile bhliain agus í an tSín an céile trádála is mó atá againn san Áis. D’fhéadfaí sin a mhéadú, agus ag an tráth seo in Éirinn ba mhór an gar sin.

Samhlaigh é, thosóimis ag múineadh na Sínise do pháistí ag aois óg, an script a mhúineadh i mbealach nádúrtha spraoiúil. Tá inchinní na bpáistí mar a bheadh spúinsí eolais ann is iad faoi bhun chúig bliana. Tá go leor daoine in Éirinn le Sínis mar atá. Is dóigh liom féin gur chuma faoi cháilíochtaí, ba chóir díriú ar dhaoine a bhfuil na scileanna teanga féin acu agus splanc chun múinteoireachta, gan an iomad airde a bheith againn ar cháilíochtaí.

Nach deas an smaoineamh é? Fáil réidh le cloch mhuilinn na Gaeilge agus sinn féin a theilgeadh isteach is re úr rachmais a spreagadh áit a mbeadh an tír ar ais ar a seanléim is déagóirí ó Dhomhnach Bat ag díol earraí le muintir Nanjing, is muintir as an Muileann gCearr ag reic le slua as Hangzhou.

Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Bheartaíos beagán taighde a dhéanamh mar gheall ar an gceist seo ar fad, agus feiscint an raibh aon fhírinne taobh thiar de bhéal bán lucht gnó. An argóint thuas is argóint í a chloisfeá ó shlua sách líonmhar in Éirinn, ach leis an bhfírinne a dhéanamh níl ansin ach cuid bhídeach den scéal.

Tá tuairimí spéisiúla ag muintir na hÉireann ar an gceist seo. Ar phobalbhreith ar an journal.ie d’fhreagair 59% gur chóir go mbeadh an tSínis roghnach ar an meánscoil. Dúirt 6% gur chóir go mbeadh an tSínis éigeantach ar an meánleibhéal agus mheas 20% gur chóir go múinfí í ar na bunscoileanna.

Bhí suirbhé eile ar an suíomh céanna ina raibh 50% ag rá gur chóir go mbeadh sí ar fáil i ngach scoil, 29% ag rá gur chóir go mbeadh sí díreach ar fáil ach nach raibh tábhacht rómhór ag baint léi is dúirt 20% nár chóir go mbeadh sí ar fáil in aon chor. (Is gá cuimhneamh gur daoine óga, oilte ar ríomhairí is nuatheicneolaíocht is mó a bhíonn ar an suíomh, ar nós do leithéidse!)

Tá an tSínis ar fáil i 13% de scoileanna sa Bhreatain ach níl an tSínis mar ábhar ardteiste in Éirinn fós. Tá scoileanna áirithe abhus ag déanamh staidéir uirthi mar sin féin. Is ait an rud seo mar gur teanga mhór atá sa Mhandairínis. Sa Bhreatain bíonn 3,200 ag déanamh na Sínise ag leibhéal na nA-leibhéal chuile bhliain. Dá dtarlódh go ndéanfadh céatadán mar sin staidéar uirthi in Éirinn is fíorbheagán a bheadh ann. Daoine de shliocht na Síne an mhórchuid acu.

Creidim féin nach mbeadh spéis rómhór ag gnáthmhuintir na hÉireann staidéar a dhéanamh ar an ábhar, is féidir go bhfuil meath mo bharúla orm gan amhras. Ceist eile ná cá háit a bhfaighfí na múinteoirí? Ainneoin mo chuid tuairimí faoin múinteoireacht thuas ní dóigh liom go mbeadh an stát sásta ach dream cáilithe a fhostú, agus dris chosáin a bheadh ansin.

Teanga thónach atá sa tSínis, a bhfuil roinnt scripteanna éagsúla aici agus a bhfuil an iliomad canúintí agus go deimhin féin teangacha éagsúla meascaithe ann. Níor leor an caighdeán oifigiúil a fhoghlaim le feidhmiú ó thaobh an ghnó de. Do thír a bhfuil fadhb dhamanta againn teanga amháin a fhoghlaim, teanga a bhfuilimid ar maos inti ar go leor bealaí, ní chreidim go bhfeadfaí greim a fháil ar theanga níos faide uainn arís. Má tá deachrachtaí ag daoine Gaeilge a fhoghlaim níl fáth ar bith nach mbeadh na fadhbanna céanna, nó fadhbanna i bhfad níos casta fós agus iad i mbun na Sínise. Teipeann go dona ar an gcóras oideachais daoine a oiliúint i labhairt na Gaeilge, creidim gur teip i bhfad ní ba mhó a bheadh in iarracht an tSínis a shealbhú.

Béarla teanga an ghnó go hidirnáisiúnta sa lá atá inniu ann, más olc maith le daoine é. Más ag dul don ghnó atá tú, Béarla a theastaíonn. An dream úd a deir gur chóir dúinn Gearmáinis a fhoghlaim chun go n-éireodh linn sa ghnó is léir bunmhíthuiscint s’acu ar chúrsaí teanga. Feidhmíonn go leor mórchomhlachtaí as Béarla sa Ghearmáin féin, agus d’éinne a thaisteal fiú ar feadh roinnt ama thall is léir gur deacair líofacht sa Bhéarla a sheachaint. Níl an Béarla rófhorleathan sa tSín ach tá ina measc siúd atá ag dul don ghnó. Is gcás na Síne tá an chuid is mó den ghnó ag titim amach i gcathracha, leithéidí Hong Cong is Shang-hai áiteanna a bhfuil an Chantainis mar an teanga is mó a labhraítear. Arbh fhéidir í sin a fhoghlaim chomh maith?

Más ar thóir an ghnó atá daoine shamhlóinn luach i bhfad níos mó a bheith ar scileanna ríomhaireachta i ndomhan a bhfuilimid ag druidim le monaplacht teanga an Bhéarla cheana féin. Ní duine mé a bheadh i gcoinne aon teanga a fhoghlaim, ach os rud é gur chun gnó a mholtar a foghlaim, is gá dom ceistiú bhfuil fírinne leis. Rinne mé cúpla lagiarracht script is focail na Sínise a fhoghlaim agus táim cinnte go ndéanfaidh mé arís. Tá a luach féin ag gach teanga, agus luach le gníomh féin na foghlamtha, ach measaim gur ‘tuairim chliste an lae’ atá ann a bheith i bhfách le Sínis a bheith mar chroíchuid den scolaíocht in Éirinn. Baineann cuid de sin le drochmheas ar ár gcultúr dúchais.

Tá gealladh abhalmhór faoin mBéarla mar theanga shóisialta roghnaithe na n-Eorpach tríd is tríd, is ní chreidim go mbeidh cur ina aghaidh sin is ollchultúr Mheiriceá ó thaobh na teanga ar deireadh thiar. Is dócha go mbeadh buntáiste bheag ann ó thaobh an ghnó de, ach arbh fhiú an tairbhe an trioblóid? Ba chóir breathnú ar mbealach go dteipeann orainn teangacha a shealbhú roimhe sin.

Mar fhocal scoir, is dóigh liom gur chóir go mbeadh an tSínis ar fáil mar ábhar ardteiste roghnach, is ba bhreá liom féin tuilleadh a fhoghlaim ná an cúpla focal atá agam, ach ní dóigh liom go bhfuil bunús ciallmhar le hí a fhoghlaim go héigeantach mar bhuntáiste gnó. Rud eile de, ní mé an iarracht eile fós baint ó stádas phríomhtheanga oifigiúil na tíre sa chóras oideachais.

Is féidir Eoin a leanúint ar twitter @murchadhmor

Pictiúir le @momeachair

Posted in: Tuairim