Preasráiteas ó Chonradh na Gaeilge.
Tá An Garda Síochána tar éis seirbhís Ghaeilge a dhiúltú do shaoránach arís agus go leor stró agus brú breise a chur ar an bhfear agus é ar an tslí go dtí ospidéal Beaumont, Baile Átha Cliath, i mí Iúil 2013, de réir fianaise curtha in iúl don chúirt i mBaile Átha Cliath inné, Déardaoin, 5 Nollaig 2013.
D’iarr an fear seirbhís Ghaeilge ón nGarda Síochána nuair a stopadh é agus dúirt an Garda leis go mbeadh air Béarla a labhairt leis mar gheall nach raibh Gaeilge ag an nGarda. Is teip iomlán é seo arís ar cheart gach saoránach plé leis an nGarda Síochána as Gaeilge más mian leis an saoránach.
Is ball de Chonradh na Gaeilge é an saoránach a stopadh agus tá an eagraíocht an-bhuartha gur chaith na Gardaí chomh dona leis an bhfear nuair a lorg sé seirbhís as Gaeilge.
Bíonn an Conradh ag iarraidh lucht labhartha na Gaeilge, go háirithe daoine óga, a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go poiblí agus go rialta agus tugann cás mar seo droch-theachtaireacht ar fad dóibh, ní amháin nach mbeidh seirbhís Ghaeilge ar fáil ach go bhféadfadh impleachtaí diúltacha breise a bheith ann má bhaintear úsáid as príomhtheanga oifigiúil na tíre.
Dúirt Donnchadh ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
Tá an scéal seo níos measa fós nuair a chuirtear san áireamh sonraí den imscrúdú a d’eisigh An Coimisinéir Teanga ar 1 Lúnasa 2012 maidir le heachtra inar sháraigh an Garda Síochána an dualgas reachtúil teanga atá daingnithe i bhfo-alt 18(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, fad agus a bhain sé le fo-alt 1.3 de scéim teanga an Gharda Síochána, áit inar diúltaíodh seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil don ghearánach sular gabhadh é agus tugadh é faoi ghlais lámh go stáisiún Gardaí i nDún Droma, Baile Átha Cliath ar 11 Feabhra 2011. Rinneadh an moladh seo a leanas san imscrúdú i measc moltaí eile:
Go gcinnteodh lucht bainistíochta an Gharda Síochána go bhfuil comhaltaí an fhórsa i gcoitinne ar an eolas laistigh de dhá mhí ó dháta na tuarascála seo faoina ndualgais teanga faoi scéim teanga an Gharda Síochána, go háirithe faoin bhforáil go n-aithníonn an Garda Síochána ceart gach saoránaigh a c(h)uid gnó a dhéanamh i nGaeilge leo.
Is léir ón eachtra leis an gConraitheoir i mBeaumont i mí Iúil nach bhfuil an moladh tábhachtach seo ó Oifig an Choimisinéara Teanga curtha i bhfeidhm go fóill ag an Garda Síochána.
Beidh Conradh na Gaeilge ag lorg cruinnithe le Coimisinéir an Gharda Síochána go práinneach chun labhairt leis faoin eachtra i mBeaumont agus go leor leor eachtraí eile atá an eagraíocht ar an eolas faoi a bhaineann leis an Garda Síochána ag diúltú seirbhíse Ghaeilge a chur ar fáil nó / agus impleachtaí diúltacha breise a d’éirigh as na diúltaithe sin.
Is gá don Gharda Síochána cód cleachtais oiriúnach agus iontaobhach a chur i bhfeidhm do shaoránaigh gur rogha leo an Ghaeilge a úsáid go práinneach.
ancroiait
Nollaig 7, 2013
Ná glac le Béarla agus beidh orthu athrú.
Modh? Refusal http://www.youtube.com/watch?v=PcJGPKdgGBE
Diúltaigh Béarla. Beidh gá ansin dóibh Gaeilge a labhairt.
Go dtí go bhfuil gá ann, ní dhéanfaidh siad é.
Ní neart go cur le chéile.
Fear N Fearn
Nollaig 12, 2013
Bhal, tá alan shatter ag earcaíocht gardaí arís.
Gairm le Gaeilge? Éinne?