Cé leo oidhreacht Mandela?

Posted on Nollaig 18, 2013 le

3



Ciarán Dúnbarrach ar Nelson Rolihlahla Mandela, a oidhreacht agus a dhearcadh maidir le foréigean polaitiúil

Tá leabhar amháin Ghaeilge léite agam arís agus arís eile, sin Caisleán Óir le Séamus Mac Grianna, éiríonn sé níos fearr gach uair a léimse é.

Tá clú agus cáil ar thús an leabhair agus ar an chuntas a rinneadh ar chéad lá an phríomhcharachtair, Séimí Phádraig Duibh Ó Gallchóir ar scoil.

Muise, tá scigaithris déanta ag Myles na gCopaleen ar an eachtra.

Chun achoimre a dhéanamh air, faigheann Séimí greadadh nuair nach n-aithníonn sé féin a ‘ainm’ féin, mar dhea, James Gallagher, an t-ainm a bhí a mhúinteoir scoile tar éis a thabhairt dó.

south-africa-young-mandela-pd-001

Nelson Rolihlahla Mandela agus é óg

Tháinig an scéal sin chun cuimhne domh an tseachtain seo chuaigh thart agus mé ag déanamh staidéir ar shaol Nelson Mandela.

Cosúil le Séimí Phádraig Duibh, fuair Mandela an t-ainm ‘Nelson’ ar a chéad lá ar scoil – mar síleadh go mbeadh ainm Béarla de dhíth air.

Thug a mhúinteoir Iníon Mdingane an t-ainm sin dó, mar a ba nós in am na himpireachta, díreach mar a b’amhlaidh in Éirinn.

Chaith mé go leor ama ag iarraidh foghlaim cén dóigh fíor-ainm Mandela a rá ach theip orm, beidh orm ligin dó féin a rá leat cén chaoi a rá, gabhaim leithscéal.

Caithfidh mé a rá – tá mé in amhras dá mbeadh an clú céanna ar an Madiba dá mba rud é gur chlóigh sé leis an ainm a thug a athair dó.

Agus níl aon amhras agam nach gcluinfeadh aon éinne trácht air dá mba rud é nach raibh Béarla den scoth aige.

Ach ná ligimis don bholscaireacht dul i bhfeidhm orainn, cé nach luaitear é go minic, níorbh chainteoir dúchais Béarla é, cainteoir dúchais Xhosa a bhí ann.

Níorbh aon Dhónall Ó Conaill é ach an oiread, níor shéan sé riamh a theanga dhúchais.

Agus bhí roinnt de na searmanais an tseachtain seo caite i dteanga dhúchais Mandela, ach cha bheadh a fhios agat sin ag éisteacht leis na meáin Bhéarla.

images

Mandela ag caitheamh éadaí a thréibhe

Ach le seachtain anuas, bhí stair Mandela á athscríobh agus gach polaiteoir ar an saol, seachas Jim Allister ón TUV, ag iarraidh Mandela a lua mar laoch s’acu agus mar thionchar mór orthu.

In amanna, bhí sé sin díreach seafóideach, le David Cameron na Breataine ag maíomh a leithéid – d’ainneoin go raibh sé ina bhall d’eagraíocht a bhí ag iarraidh go gcrochfaí Mandela mar sceimhlitheoir agus d’ainneoin go ndeachaigh sé ar thuras go dtí an Afraic Theas urraithe ag eagraíocht a bhí ag feachtasaíocht i gcoinne smachtbhannaí in aghaidh Apartheid.

Anseo in Éirinn, caithfidh muid a bheith níos seafóidí ná gach duine eile ar ndóigh agus caithfidh mé a rá, d’éirigh linn baint de dhínit na seachtaine leis.

Mar shampla, chuir an Taoiseach Enda Kenny in iúl don Dáil gur síochánaí a bhí ann agus chuir sé i gcomparáid le Mahatma Ghandi é.

Dá mba rud é gur dhúirt sé go raibh sé ina chiníoch bheadh sé chomh míchruinn céanna.

Ba é Nelson Mandela an chéad cheannaire ar eilit mhíleata an ANC (Umkhonto we Sizwe,” nó “Sleá an Naisiúin,”) agus bhí traenáil míleata déanta aige.

image004

Iarmhairt an ‘Church Street Bombing’ san Afraic Theas. Umkhonto we Sizwe a bhí freagrach as. Fuair 19 bás agus gortaíodh 217 duine.

Bhí tionchar níos láidre ag Mao Tse Dong agus ag Che Guevara– agus Carl von Clausewitz fiú ar Mandela ná mar a bhí Ghandi.

Is fiú cuimhneamh gur ofráil Uachtarán na hAfraice Theas saoirse go Mandela in 1985 dá shéanfadh sé foréigean agus agóidíocht fhoréigeanach mar dhóigh chun athrú a bhaint amach san Afraic Theas.

Dhiúltaigh sé don ofráil – ag cur in iúl nach ndeachaigh an ANC i mbun fhoréigin ach nuair nach raibh aon bhealach eile ar fáil dóibh.

Níor éirigh sé as an mhíleatachas go dtí gur thosaigh cainteanna sa bhliain 1990 ach bhí sé ar liosta faireachais sceimhlitheoirí SAM go dtí 2008.

Dúirt Uachtarán na hAfraice Theas Jacob Zuma an tseachtain seo caite, dar le Mandela, “chun go mbainfeadh an Afraic Theas síocháin amach, bhí an streachailt armtha dosheachanta, ach ba dhóigh chun cuspóir a bhaint amach, níorbh é an cuspóir é.”

Tuigeann muid in Éirinn áfach go bhfuil seach-chogadh ar bun, bhí sé tábhachtach don Taoiseach a chinntiú nach mbainfeadh Sinn Féin aon sochar polaitiúil as bás Mandela – laoch a bhí ann do Phoblachtanaithe agus bhí baint idir an IRA agus Umkhonto we Sizwe – fíric na staire atá ann.

Guard-of-Honour

Gerry Adams ina sheasamh mar chuid de Ghárda Onóra ar chónra an Madiba.

Táthar ann a mhaigh go bhfuil Sinn Féin ag baint ó dhínit Mandela as trácht a dhéanamh ar a bhás agus go bhfuil sé sin chomh dona céanna leis an Toraithe ag feadaíl a bpoirt athraithe anois.

Seans go raibh ciall éigin leis an argóint sin – ach ansin chonacthas Gerry Adams ina sheasamh mar bhall den gharda onóir ar chónra Mandela – sílim gur chuir sé sin deireadh leis an argóint, agus cibé barúil atá ag daoine ar Gerry Adams, ba shoiléir tuairim an ANC agus Mandela féin.

Cad tuige mar sin a mhaíonn gach duine go bhfuil baint acu le Mandela –bhál, tá freagra simplí ar sin – bhain sé – agus is maith le daoine a bheith luaite le buaiteoirí.

Ach cinnte, tá sé níos doimhne ná sin, rinne sé go leor don athmhuintearas – níor lorg sé díoltas, níor chuir sé éinne ar thriall, níor chuir sé cosc ar an Afrikaans

Ach ba thábhachtaí arís do cheannairí an Iarthair – níor chuir sé isteach ar an chaipitleachas agus ní dhearna sé mórán iarracht ar athdháileadh saibhris – leathréabhlóid a bhí ann ach thar aon rud eile – sin an fáth a rinneadh naomh as.

Ar bhotún é sin – níl a fhios agam.

Dá mba rud é go ndearna sé iarracht talamh an chine ghil a dháileadh ar an chine ghorm, dhéanfadh meáin an Iarthair diabhal as – mar a rinne sé le seanchomrádaí s’aige, Robert Mgabe.

Ach is cinnte liom go ndearna sé botún ollmhór amháin – is é sin nár scoir sé an ANC agus an cogadh bainte acu – creidim go léiríonn caimiléireacht an pháirtí inniu go bhfuil an ceart agam ar an phointe áirithe sin.

Seans go bhfuil daoine agaibh míshásta liom ar an ábhar gur roghnaigh mé cuid den fhírinne a léiriú anseo agus b’fhurasta ligin do na bréaga.

Sharpeville Victim

Fear armtha ina sheasamh in aice le corp fhear marbh tar éis sléacht Sharpeville ina bhfuair 69 duine bás.

Ach dar le Mandela, bhí foréigean riachtanach chun deireadh a chur le Apartheid – dar liomsa, bhí an ceart aige.

 

Posted in: Nuacht, Tuairim