Suíomh Nua Nuachta FnaG – Ní Leor Ceann Amháin

Posted on Eanáir 7, 2014 le

2



Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Tá colún na seachtaine seo á scríobh san Iodáil agus tá bac scríbhneora orm – Tá sé deacair tosú arís ar an obair tar éis saoire.

igaeilge

An suíomh nuachta neamhspleách – igaeilge.ie/

Deirtear go mbíonn scríbhneoir ag obair agus é nó í ag stánadh amach ar an fhuinneoig, ach ní aon scríbhneoir mise ach tuairisceoir.

Mura bhfuil mé ag clóscríobh nó ag léamh, cha ligim orm féin go bhfuil mé ag obair.

Is tuairisceoir mé ar an ábhar go bhfuil mé féinfhostaithe go lánaimseartha mé sa ról sin.

Dar liomsa, is é an tuairisceoir an fíor-iriseoir seachas an ‘tuairimeoir’ mar a cheaptar go minic, in Éirinn go háirithe.

Maith nó olc ní ceist domhsa é sin ach don lucht éisteachta agus thar aon duine eile, don eagarthóir.

Níor cheistigh mé tuairimí nó orduithe eagarthóra riamh caithfidh mé a admháil, mar a theagasctar i leabhar na samurai, an Hagakure, dílis do mo fhostóir a bhí mé riamh, fiú nuair nach n-aontaím le treoir-línte m’fhostóra, leanaimse iad.

‘Northern Ireland, Londonderry, terrorist, murder,’ deirimse na focail seo gach lá ar an ábhar gurb é sin an rud a dheachtaíonn na treoirlínte.

Polaitíocht na n-Úinéirí agus níos tábhachtaí arís eacnamaíocht an mhargaidh is bunús leis seachas aon phrionsabal a bhaineanns le hiriseoireacht.

Go han-bhunúsach, sin an tuairisceoireacht, eolas a fháil, a atheagrú de réir fhormála, iarracht a dhéanamh cur leis, agus é a chur i láthair.

Is é mo thuairim phearsanta gurb é príomhról an tuairisceora ná tuairisciú gan claonadh, más féidir é sin in aon chor de réir na dtreoirlínte a thugtar duit ar an chéad lá.

‘Reuters Style Guide’ mo Bhíobla féin, is mór liom an neodracht a bhaineann siad amach.

An lá a thosaigh mé ar an iriseoireacht go lánaimseartha, chuaigh mé amach fá choinne siúlóid agus rinne mé mo sheacht ndícheall mo thuairimí féin a fhágáil i mo dhiaidh i gcoill an Lagáin.

Tá scoil smaointeoireachta eile ann áfach a deir gur chóir go mbeadh gach iriseoir iomlán soiléir agus oscailte faoi chuid smaointeoireacht féin ionas gur féidir leis an éisteoir nó leis an léitheoir a thuiscint gur féidir go bhfuil an tuairisc nó an anailís faoi thionchar na dtuairimí sin.

Chan aontaím leis sin ach ritheann sé liom gurb é sin an scoil a bhfuil an lámh in uachtar aici in Éirinn.

Is minic a bhíonn plé againn mar Ghaeil ar na focail ‘iriseoir’ agus ‘iriseoireacht’.

Títear domsa go bhfuilimid i gcónaí ag iarraidh an méid is mó agus is féidir a dhéanamh as an fhocal, chun uaisleacht a thabhairt do, ról na bhfilí sa seansaol Gaelach a thabhairt dó.

An iriseoir mé féin? Más ea, ní focal a shantaím é. Is cuma liom faoi. Mar a dúirt mé, scríobhaim agus léim an nuacht, ní aon ealaíontóir mé agus cosúil le mórchuid de mo chuid chomhghleacaithe, chan fhuil aon amhras ná gur duine den lucht oibre mé.

Cén fáth a bhfuil an fear seo ag cur leadráin orainn leis an chaint siopa seo a deir sibh?

Bhál, mothaím agus plean Fhoras na Gaeilge chun nuachtán ar líne a mhaoiniú, arbh fhiú €300,000 sa foras_logo_daitebhliain é, go bhfuil an iriseoireacht mar choincheap acadúil agus ealaíona á plé i gcónaí agus tábhacht na hiriseoireachta don togra céanna thar a dhath eile.

Ach ritheann sé liomsa gur tábhachtaí tuairimí lucht gnó agus margaíochta don togra i ndeireadh na dála, ach mar thuairisceoir nach é sin an rud atá uaim i gcónaí, treoirlínte, ríomhaire, deasca agus fón, san ord sin seachas aon chaint faoin iriseoireacht.

Níor chuala mí na focail ’journalism’ nó ‘journalist’ riamh sa seomra nuachta a bhím féin ag obair ann.

Cluinim daoine ag caint faoi léamh ‘stadach’ nó abairt amscaí nó foghraíocht aisteach – i bhfocail eile – an táirge seachas an teoiric mar chan fhuil aon tábhacht le teoiric ó thaobh chúrsaí gnó de – agus sin a bhfuil ann, táirge, gnó, nuacht agus cé nár mhaith linn a admháil, siamsaíocht.

Ach cén táirge? cér leo é? cén chineál ruda a bheas ann? cé a bheas i bhfeighil air? cé a bheas mar eagarthóir nó eagarthóirí air, cé a bheas mar iriseoirí ann?

Cén seasamh a bheas aige ó thaobh teoiricí na hiriseoireachta agus an mbeidh sé liobrálach, liobraíoch, coimeádach, sóisialach nó caidé?

Agus cén seasamh a bheas aige ó thaobh na Gaeilge de, má cheadófar an cheist a phlé fiú – radacach? Forásach? Éabhlóideach? Coimeádach?

Dar liomsa, is cuma cé chomh hiolraíoch is a bheas sé, nó cé chomh maith is a bheas sé, ní féidir le suíomh amháin freastail ar riachtanais phobail éagsúla, fiú pobail atá chomh beag le pobail labhartha na Gaeilge féin.

Gan trácht ar a easpa léitheoireacht a dhéantar sa Ghaeilge cibé ar bith.

Seans gurb é an réiteach ar sin ná an éagsúlacht, gréasáin de shuíomhanna neamhspleácha ag freastal ar dhearcaí éagsúla, ar áiteanna éagsúla, ar Ghaeltachtaí éagsúla.

Thiocfadh leo ar fad teacht le chéile ar shuíomh ar nós Nuacht1.com ach lena bhféiniúlachtaí féin acu i gcónaí.

Seans go spreagfadh an éagsúlacht sin, agus na ceangail dhíreacha a spreagfadh sé, léitheoireacht na Gaeilge ar chaoi nár éirigh le meán ar bith eile a dhéanamh go dtí seo?

Cibé ar bith, creidim gur féidir leis an Fhoras níos mó na suíomh amháin a mhaoiniú leis an mhéid airgid atá i gceist.

Dála an scéil, is féidir liom tuairisciú go bhfuil spéis as cuimse a chur sa chomórtas seo, is ar éigean go bhfuil aon duine nach bhfuil ag cur isteach air!

Gach rath ar an bhuaiteoir ach beidh an-díomá ar go leor leor daoine mar gheall ar an chomórtas seo chomh maith, tá súil agam nach spreagfadh an díomá sin olc nó searbhas.

Posted in: Tuairim