Cá bhfuil mo scoil?

Posted on Eanáir 14, 2014 le

0



Tá Gael-Choláiste an Phiarsaigh, iarbhunscoil nua i nDeisceart Átha Cliath, le hoscailt go hoifigiúil ar an 1 Meán Fómhair 2014, ach níl aon tuairisc ar cá mbeidh sé lonnaithe.

Tá suas le 200 dalta cláraithe sa Ghael-Choláiste agus 46 acu sin ar liosta Meán Fómhair 2014.

Photo 13-01-2014 - Gael-choláiste an Phiarsaigh

Ag Lorg Treorach Chun na Scoile” tá : Cillian Duibhginn (12) agus Luke Flynn (11)

Thug Lorcán Mac Gabhann, Cathaoirleach an Ghael-Choláiste, le fios nach bhfuil aon chumarsáid dhíreach idir an Bhord Bainistíochta agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ar ábhar suímh na scoile.

Go dáta ní raibh aon ionchur ag tuismitheoirí nó Bord an Ghael-Choláiste i roghnú suímh na scoile nó fiú i roghnú an  cheantar ina mbeidh sé lonnaithe.

Thóg an Roinn Oideachais agus Scileanna cinneadh, breis is dhá bhliain ó shin, an Gaelcholáiste seo a bhunú agus tá sé do-thuigthe do na tuismitheoirí nach bhfuil suíomh fógartha go fóill.

Tá frustrachas ollmhór ar na tuismitheoirí maidir leis an easpa eolais atá ar fáil dóibh. Dar le Donal Duibhginn, tuismitheoir amháin: “Níl aon scoil lánGhaeilge eile ar fáil agus is é Gael-Choláiste an Phiarsaigh an seans deireanach dúinn oideachas Gaeilge a sholáthar dár bpáistí.”

Dúirt Sarah Flynn, tuismitheoir eile “go bhfuil sé deacair ar na páistí nuair nach bhfuil tuismitheoirí in ann a rá leo cá mbeidh siad ag freastal ar scoil i gceann cúpla mí agus go bhfuil an easpa eolais seo ag cur brú ar na páistí óga seo.”

Tá Bord an Ghael-Choláiste ag éileamh cruinnithe ar bhonn práinneach leis an Aire Oideachais agus Scileanna maidir leis an easpa cumarsáide agus maidir leis an easpa ionchur atá ag tuismitheoirí sa phróiseas áirithe seo.

Clibeanna: ,
Posted in: Nuacht