Moltaí ó Chruinniú Mór an Chonartha

Posted on Eanáir 15, 2014 le

3



Curtha ar fáil ag Julian de Spáinn, Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Na Moltaí ón bhFóram Poiblí – 11 Eanáir 2014

1491585_10152184390431241_1295867037_n

  • Moladh go gcaithfidh Coimisinéir Teanga nua a cheapadh agus gur ghá brú a chur ar an Rialtas maidir le seo. Nuair a bheidh an CT nua ceaptha, iad a úsáid níos minice ná mar a bhí. Tá sé ró-éasca casadh ar an mBéarla. Beidh muid in ann ár spriocann a bhaint amach i ndiaidh é seo a dhéanamh.

  • Troid mhór le déanamh ach tá sé rí-thábhachtach go mbeidh fócas láidir ann chun na spriocanna a bhaint amach

  • Gá le bheith cliste agus straitéiseach- ná tabhair slat dóibh siúd atá i gcoinne na Gaeilge chun muid a bhualadh. Ní fanatics na Gaeilge múis is gnáth-éilimh réasúnta iad seo. Moladh úsáid a bhaint as na teicneolaíochta is reatha. Léiríodh 10,000 ag máirseáil go bhfuilimid mí-shásta agus aontaithe.

  • An fiú 30% státseirbhísí a bhfuil cumas acu sa Ghaeilge a lorg? Seans go gceapfar go bhfuil an feachtas ag dul that fóir?

Pointe iontrála 30%, cuireadh an pointe seo trasna i gcruinniú bhíodh 2% á phléigh acu agus méadóidh é seo. Bhí daoine eile ag lorg 50%. Níl ach 1.5% de státseirbhísí go bhfuil an Ghaeilge ar a gcumas acu, ardóidh an fig. seo go 10% leis an bpolasaí seo.

  • Díriú ar na meáin Bhéarla

  • Aontú ar phointí áirithe, soiléiriú a thabhairt.

  • Cruinniú a eagrú le RTÉ, níor thug siad cothrom na féinne do scéal éirigh as an gCT i gcomparáid leis cúrsaí Luimnigh.

  • Úsáideann RTÉ TG4 agus RnaG mar leithscéal nach gcaitheann siad ard mhór a thabhairt ar saol na Gaeilge. Gá le níos mó brú a chur ar na meáin Bhéarla (ag moladh ráiteas Aoife thuas)

  • Tá post an Choimisinéara ofráilte cheana féin

  • Gá le ceannaireacht cheart i saol na Gaeilge – an bhfuilimid ag léiriú ceannaireachta cearta? Mar a luaigh SML, ní fiú na polasaithe a bheith ann mura bhfuil na daoine i gcumhacht sásta iad a chur i bhfeidhm.

  • Lucht agus na meáin Bhéarla a mhealladh le feachtas tarraingteach.

  • Na hearnáil sna sé chontae, An Ghaeilge agus an Rialtas ó thuaidh – braitheann gach gné sa todhchaí ar cad a dhéantar anois.

  • Feachtas dírithe: rannóg rialtais a roghnú – cinn difriúla gach seachtain agus go mbeidh daoine ag cur glaochanna, comhfhreagrais éagsúla i nGaeilge ar an lá ag lorg seirbhísí i nGaeilge, ag líonadh foirmeacha i nGaeilge, ionas go bhfeicfear go bhfuil tóir ar na seirbhísí i nGaeilge. Ní lorgaíonn daoine seirbhísí i nGaeilge toisc go bhfuil sé ró-dheacair

  • GNÍOMH SEACHAS CAINT

  • Fócas láidir a bheith ann.

  • Na deacrachtaí a bhaineann le páistí a thógáil trí Ghaeilge – ró-dheacair teacht ar bhunseirbhísí. Luadh dhá scéal.

  • Cén fáth nach bhfuil fiosrúchán neamhspleách curtha ar bun maidir le héirí as an Choimisinéara? Ba cheart a fháil amach go díreach cén fáth ar éirigh sé as.

  • Mura bhfuil státseirbhísí agus ranna stáit ag déanamh a bpost i gceart an féidir cás cúirte a thógáil? Tá an reachtaíocht ann an féidir linn ó thaobh airgid de dul os comhair na cúirteanna?

  • D’fhógair an Rialtas Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i 2009 – níl faic déanta ar an bpolasaí ó shin. Níl éinné á chur i bhfeidhm.

  • Tá an Ghaeilge laghdaithe ag páirtithe polaitíochta, ar cheart páirtí nua a bhunú?

  • Éileamh réasúnta é 30%

  • Deirtear nach mbíonn muintir na Gaeltachta buartha faoin nGaeilge, ach tá.

  • Níos mó poiblíochta a dhéanamh ar na cásanna a luaigh Sorcha ar YouTube agus eile. Muintir na háite ag caint gan fhaitíos – bíonn leisce ar dhaoine labhairt amach.

  • An fiú mórshiúil amháin i mBÁC nó ar fiú léirsithe beaga ar fud na tíre sna Gaeltachtaí agus i mbailte Gaeilge chomh maith agus de réir a chéile díriú ar an lá mór náisiúnta.

  • Ag léiriú tacaíochta do CnaG.

  • Fáil amach cé hiad na polaiteoirí neamhbháúla. Aoir a dhéanamh orthu chun iad a náiriú. Ní cáineadh é seo ach magadh. M.sh John Stewart ar an Daily Show.

  • Níl na seirbhísí ann mar sin is gá díriú ar na soláthróirí seirbhíse. Is féidir bheith ag fanacht an-fhada ar seirbhísí ar nós thástáil tiomána.

  • Brú a chur ar na Roinne éagsúla mar a luaigh Anna

  • Comhionannais do Bhéarlóirí go bhfaighidh siadsan caighdeán na seirbhísí céanna.

  • Suíomh idirlín le háit éasca lárnach gur féidir ríomhphost a chur chuig

  • Tá ról faoi leith ag gach duine, ní gá páirt a ghlacadh i ngach aon rud. Spreag daoine eile dul i mbun an fheachtais. Cad iad na rudaí gur féidir leatsa a dhéanamh san fheachtas seo don ghlúin nua? Is dúinne é a chinntiú go mbeidh na seirbhísí ann do Ghaeilgeoirí na chéad ghlúine eile.

  • Gan an bóthar atá molta thar timpeall ar Iarthar na tíre a thógáil. Cuirfidh a leithid le líon na mBéarlóirí a bheas le feiscint sa Ghaeltacht rud a dhéanfaidh dochar don teanga.

  • Rí-thábhachtach pointí soiléire, simplí a chur os chomhair an phobail.

  • Cásanna na ndaoine nach raibh in ann teacht ar sheirbhísí i nGaeilge a chur os chomhair phobal an Bhéarla.

  • Dochreidte a laghad poiblíochta a bhfuair éirigh as SÓC agus anois tá an post tarraingthe do dhuine.

  • Níor ionsaigh Foras na Gaeilge an Rialtas riamh, rud a dhein SÓC go rialta. Gá go mbeidh an duine nua chomh láidir céanna.

  • Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha – baol ann go lagóidh an tAcht.

  • Gá le hagóid mhór eagraithe, ar nós cheann Chonradh na Gaeilge 100 bliain ó shin le hOifig an Phoist.

  • Rólanna éagsúla ag daoine, rólanna aontaithe. Díriú ar pholaiteoirí atá ag déanamh na ndroch-chinntí.

  • Ní haon bhréag é go bhfuil Gaeilge ag 1.77m duine tá bunús leis na figiúirí sin.

  • Armchair Revolution – Tír a Ghaelú ón tolg. Grúpa Gaeilge Amháin ar Facebook. Aon ghníomh amháin gach lá. Fócas cinnte, aontaithe, má théann gach duine chuig an suíomh céanna ag lorg seirbhísí. Cláraigh don ghrúpa.

  • Ní thuigeann pobal an Bhéarla nach bhfuil na seirbhísí ar fáil tá gá an scéal a chur amach ansin nach bhfuil na seirbhísí ar fáil agus cad iad na himpleachtaí a bhaineann leis sin?

  • Gan pléigh leis an Státchóras i mBéarla a thuilleadh!

  • Ní thuigeann muid an chumhacht atá againn mar phobal. Caitheann muid úsáid a bhaint as na toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Polaiteoirí a fháil chun a gcuid tacaíochta don Ghaeilge a léiriú.

  • Cáineadh a laghad poiblíochta a thug RTÉ do scéal SÓC. Buíochas le SÓC

  • Daoine i saol na Gaeilge nach lorgaíonn na seirbhísí i nGaeilge is gá é seo a réiteach

  • Chun an feachtas a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine bí cinnte go bhfuil píosa craic ag baint leis chun daoine óga a mhealladh. Teachtaireachtaí thar a bheith simplí

  • Léiriú nach bhfuil pobal na Gaeilge sásta glacadh le Coimisinéir Teanga atá lag

  • Is pobal amháin iad pobal an Bhéarla agus na Gaeilge mar sin daoine ón dá phobal a tharraing amach

  • Comhdháil na nOmbudsman – an Rialtas a náiriú ag leibhéal idirnáisiúnta.

  • Eagrúchán ceart a dhéanamh ar gach rud. Coistí maithe a chur le chéile

  • Tábhachtach go mbaineann gach cinneadh le Oileán na hÉireann

  • Níl cosaint nó cearta teanga ar fáil sna sé chontae. Níl Rialtas Shasana ag bogadh ar aghaidh.

  • Gá le plean B díriú ar dhaoine nach bhfuil sa Rialtas faoi láthair.

  • Iarr ar an Aire seasamh siar.

  • Buíochas le gach duine. Cuirfidh Grúpa Oibre le chéile, má tá suim agat bheith ar an ngrúpa oibre déan teagmháil le Julian@cnag.ie

Moltaí a tháinig chugainn i ndiaidh an chruinnithe ar an Satharn:

  • Achan rud a choinnealt ar bhonn uile Éireannach. Mholfainn gan bhogadh ar shiúil ó sin agus mar shampla grúpa nó imeachtaí ar leith a eagrú don tuaisceart , bheadh sé sin ina mheancóg. 

  • www.strcr.org.  Sílim go bhfuil seo stát-urraithe agus á reachtaíl ag an immigrant council mar “independent reporting system”, Ba mhaith liom go mbeadh sé an-éasca ag – mar shampla máthaireacha le clann óg, a bhfuil seirbhís diúltaithe dóibh, ach nach bhfuil am acu litreacha a scríobh chuig an chóras mar atá,  – logáil isteach ar shuíomh (nó app más fearr) agus tuairisc ghearr a scríobh, b’fhéídir le picitúr, ar an eachtra inár diúltaíodh dóibh, nó inár maslaíodh iad mar gheall ar Ghaeilge a labhairt srl.  Beidh tuairisc ag deireadh gach bliana faoi na tuairiscí ar fad a cláraíodh.

  • Cruinnithe Réigiúnda sna príomh-cathaireacha – Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Béal Feirste, Leitir Ceanainn, Trá Lí maraon le na Gaeltachtaí ar fad – ar an mbonn céanna is a bhí againn i Halla na Saoirse.  Agus an feachtas ag dul ar aghaidh, d’fhéadfaí cruinnithe a eagrú i mbruachbhailte Bhaile Átha Cliath chomh maith

  • Mórshiúl – mar a mhol an Chonradh – bheadh seo ag teacht le na cruinnithe réigiúnda agus d’fhéadfai daoine a thabhairt ar bhusanna ó na ceantair éagsúla,

  • Go mbeidh an feachtas seo oscailte do gach eagras agus don duine aonar .

(An smaoineamh atá agam anseo go mbaineann oidhreacht na tíre le gach duine etc.)

  • Go mbeidh sé soiléir gur dúshlán è do gach eagraíocht an easpa cearta agus comhionannas don Gaeilge agus go gcaithfimid tacaíocht a thabhairt agus a bheith ag co-oibriú lena chéile.

  • Molaim go gcuirfimis romhainn plean gearrthréimse agus fad thréimhse freisin.

(Táim ag smaoineamh ar roimis na toghcháin I mí an Mheitheamh agus sa Fómhair ansin agus ag dul ar aghaidh in 2015).

  • Pé grúpa a thagann le chéile I mBAC chun an feachtas a sheoladh – go mbeadh na heagrais timpeall na tíre ceangailte leis an feachtas go háitiúil mar shampla cumann spóirt, cumann cultúrtha, coláistí agus scoileanna.

  • Tá ceist bunúsach ach fíor thábhachtach don tír – beatha ár dteanga náisiúnta – an Gaeilge.

  • Mholfainn na héileamh/aidhmeanna a bheith gonta agus praiticiúil. Go mbeadh sé soiléir na postanna agus cúrsaí eacnamaíochta a bhaineann leis an gnó seo ar fad. Tacaíocht a lorg ó daoine clúite má’s féidir

  • Tá sé tábhachtach toil polaitiúil a thuilleamh srl. ach teipfidh ar iarrachtaí mura dtoilltear toil na státseirbhísigh. Dá bharr sin ba chóir cinntiú go ndíríonn aon fheachtas go suntasach orthu – n’fheadar go d’fheada déanamh, moltaí tapaigh ná:

    • Físeán a dhéanamh le iar-státseirbhísigh sinsearach a fhorbairt agus iad ag caint faoi thábhacht na Gaeilge sa státseirbhíse – Cathal Goan, Feargal Ó Moráin srl.

    • Gradam a sheoladh chun aitheantas a thabhairt d’fhoghlaimeoirí sa státseirbhís a dhéanann sár-iarracht Gaeilge a chur chun cinn san áit oibre

    • Ranganna Gaeilge saor in aisce a chur ar fáil do statseirbhísigh sinsearach – b’fhéidir i gcomhpáirtíocht le PSEU nó ceann dona ceardchumann

  • Go ndíreofar go mór ar úsáid físeáin in aon fheachtas. Bhí sé spéisiúil go raibh an-chuid fís-ceamaraí ag an ócáid ach nach bhfuil lucht na Gaeilge go maith ag físeán feachtasaíochta

  • Aontaím go bhfuil físeán aoir ag teastáil ar aon le cinn feasachta. Seans go mbeidh Eoghan Ó Murchú agus Andy Ó Faoláin go maith ag forbairt cinn aoir. Ceapaim go bhfuil ceann maith ann don Rialtas ag ceiliúradh 40 Bliain ó gur baineadh an Ghaeilge éigeantach ón Státseirbhís mar shampla.

  • Fiú má bhainimid amach na haidhmeanna sin, 30% de iontrálacha nua den stát seirbhís agus go bhfuil seirbhísí Gaeilge dírithe ar an nGaeltacht láithreach, ní leor é i mo thuairim.  I mo thuairim sé an príomhaidhm ná : go bhfuil an saoránach in Éirinn in ann aon gnó a mian leis / léi sa sochaí seo a dhéanamh trí Ghaeilge mar a bhfuil ar fáil ar cainteoirí Béarla.

  • cruinniú mullaigh (summit meeting).  Sé sin le rá go mbeidh gach grúpa sa sochaí ag plé ceist na Gaeilge agus céard a dhéanfaidh siadsan di.  Mar shampla dar ndóigh go mbeidh na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta ann, pleanálaithe teanga, polaiteoirí, stát seirbhísigh, ach chomh maith le sin gach gné eile den sochaí, ceardchumainn, na heaglais, eagraíochtaí spóirt, dochtúirí, innealtóirí, fir ghnó, na meáin, gach roinn stáit, na healaíon, scoileanna (béarla agus gaelscoileanna o naíonraí go ollscoileanna), srl.  Ansin ceist a chur ar gach dream céard atá sibh chun déanamh don Ghaeilge.  I mo thuairim an Cathaoilreach is fearr do ócáid mar seo ná Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, mar go bhfuil sé mar an céad saoranách agus agus garda an bhunreacht.

  • Cinnte caithfimid pobal na hÉireann i gcoitinne a fháil chun tacú leis an bhfeachtas seo.  Ach caithfimid iad a spreagadh agus lucht na Gaeilge, ag rá go bhfuil go mbeidh an Ghaeltacht marbh faoi ceann 14 bliana muna dhéantar aon rud anois.  Ba chóir póstaeir agus billboards a chrochadh ag rá mar shampla: ‘The Gaeltacht dead in 14 years, what are you going to do about it ? ‘ Pictiúrí ag taispeáint imeall na Gaeltachta i 1926 agus imeall na Gaeltachta inniu mar chomparáid. In 1926 there was 250,000, today there is less than 20,000.  Don’t see our ancient culture die ! ‘Not free merely, but Gaelic as well.  Are we to be free merely ?’ ‘Tír gan teanga, tír gan ainm.  Are we losing our soul ?’

  • Bhí mé ag smaoineamh ba chóir ainm simplí a bheith ann don feachtas.  Dar ndóigh ba chóir go mbeidh éasca le tuiscint do phobal na béarla chomh maith.  Céard faoi ‘Cothrom na Féinne’ ?  nó eile

  • Ba chóir liosta a dhéanamh de na daoine ar ‘naimhde’ iad ó thaobh na Gaeilge de. Abraimis go bpiocfaí duine amháin. Tugtar cuireadh dó/di ceist na teanga a phlé mar chuid de dhíospóireacht bheo ar YouTube (ar chainéal Chonradh na Gaeilge, cuir i gcás). Má ghlactar leis an gcuireadh, tugtar an seans don namhaid labhairt faoi chúrsaí na Gaeilge i mBéarla le hiarrthóir atá roghnaithe ag eagraíocht Ghaeilge ar bith. Ar a laghad, beidh seans againne a thaispeáint gur fíor-dhaonlathaithe sinn agus go mbíonn intinn oscailte againn. Mura nglactar leis an gcuireadh, is féidir ainm an namhad a léamh amach le linn craolta ar an gcainéal céanna. Taispeánfaidh sé sin go bhfuil lucht na Gaeilge ullamh an fód a sheasamh ar a son féin nuair is gá.

  • an feachtas a choimeád dhírithe ar trí ghnéithe,

    • 1 An Phobal / Polaitíocht

    • 2 Na Mhéan / Caidrimh Phoiblí

    • 3 Cearta / Bagairt dleathach.

  • cé/conas a a dhéanfaí freastal ar theachtaireachtaí a n-eiseofaí sna meáin nua – Facebook, idirlíon, tuíteáil. Tá an ‘cé’ chomh tábhachtach céanna leis an ‘conas’. Duine amháin nó beirt ina bhun sin, agus treoir soiléir ar cad atá le scaipeadh.

  • Toghcháin áitiúla ag teacht agus comhairleoirí amuigh ar a bhfeachtas féin cheana. Luaigh Anna Heussaff – an pointe ab fhearr ar an lá – an tábhacht le díriú ar rannóg i ndiaidh rannóige. Má tá rud amháin feicthe agam i mo ranganna i dTithe an Oireachtais, is é an t-asláithreachas a tharlaíonn nuair a bhíonn feachtas ar leith ar siúl – caithfidh siad freagra a thabhairt do na ríomhphoist a thagann isteach agus an fón. Agus Oifig an Uachtaráin chomh maith.. Pearsanú de dhíth ar a leithéid.

  • An bhfuil aithne ag daoine ar ‘mhóruaisle’ na Gaeilge – na léachtóirí 3ú leibhéil a bhfuil a jabanna spleách ar an teanga, na múinteoirí 2a agus 1ú leibheil? An bhfuil aon rud simplí a bhféadfaí a dhéanamh chun iad a thabhairt isteach sa scéal? Ach má chuirtear ábhar ar fáil gur féidir a úsáid sa seomra ranga, saor in aisce, bainfidh roinnt acu úsáid as. Ní amháin don Ghaeilge ach OSSP agus a leithéid.

  • An bhfuilimid ag baint lán-tairbhe as ról an Aontais Eorpaigh mar chaomhnóir cosanta na Gaeilge, anois agus an stádas Eorpach. Más léir go bhfuil ballstát faillíoch i leith a dhualgais faoi ábhar atá ceangailte air ag rialacháin/coinbhinsiúin na hEorpach, is ceart an gearán sin a thabhairt go leibhéal na hEorpa. Is cinnte go mbeadh náire i gceist.

  • Duine ó Mhálta nó an oifig sa Bhruiséil a lorg le heolas a roinnt linn faoin stádas san Eoraip

  • T á cearta ag lucht na Gaeilge —tá ag teipeadh ar an Rialtas na cearta sin a shlánú; Tá ag teipeadh ar an Rialtas—mar sin is cóír díriú ar an Taoiseach

  • Tá slánú cearta ag brath ar éileamh a bheith ann

  • Maidir leis an cuóta earcaíochta—aontaím leis an éileamh ar bhonn taictic— ach ní saoránaigh 6% na fiú 30% muid agus is cóir béim a leagan ar an bprionsabail sin. Ní mór bheith cúramach anseo áfach—tá foráil sa Bhunreacht go bhféadfaí soláthair a dhéanamh gur teanga amháin den dá ceann a úsáidfí i réimsí áirithe agus sílim gur de réir dlí a dhéanfaí é sin i.e., ní bheadh gá le reifreann

  • nótaí faisnéise a chur le chéile a bheadh cabhrach do dhaoine agus iad ag plé leis na meáin. Na fíricí agus figiúirí is tábhachtaí i dtaobh na Gaeilge agus na gciorraithe a rinne le blianta beaga anuas, comparáidí gonta le caiteachas Rialtais ar sheirbhísí agus scéimeanna eile, roinnt giotáin chainte (soundbites) áisiúla – an sórt sin ábhair atá i gceist agam

Na héilimh a pléadh:

Ó dheas

  • Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus gan é a lagú in 2014 (Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách agus a láidriú san áireamh)
  • Dáta go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll (ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit)
  • Go mbeidh an méid earcaíochta san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht i nGaeilge agus i mBéarla araon ardaithe ó 6% go 30% don chéad dheich mbliana eile (agus ardú céime)

Ar bhonn uile-oileánda

  • Nach leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017
  • An Pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus an Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh (is gá na struchtúir riachtanacha ardleibhéil a chur ar bun láithreach idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta).
  • Is gá na forais le freagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a mhaoiniú i gceart, i. stop a chur le haon laghdú eile ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta agus tús a chur leis na buiséid a mhéadú de réir a chéile le hobair na Straitéisí agus eile a chur i gcrích

Ó thuaidh

  • Go mbeidh straitéis láidir chuimsitheach ann i leith na Gaeilge foilsithe go luath agus go mbeidh an straitéis seo mar chéim i dtreo Acht Gaeilge

Posted in: Nuacht, Tuairim