173. Contaetha na hÉireann

Posted on Eanáir 16, 2014 le

0



ancroiait

Faoi láthair tá ainmneacha againn ar chontaetha agus níl brí dá laghad leo. Sin iad na Anglicizations cosúil le Antrim. Ní Béarla ná Gaeilge atá iontu. Drochiarracht Gaeilge a scríobh a bhí iontu. Tá an dráma Translations le Brian Friel bunaithe ar an gceist seo. Cosúil le Indiaigh a ghlaoch ar na dúchasaigh i Meiriceá anois, is botún é an teanga aisteach sin a fhágáil mórthimpeall orainn. Agus is masla do chultúr é. Tá daoine anois nach dtuigeann an bhrí atá ar an áit ina gcónaíonn siad agus níl sé sin ceart. Tosnaím anseo leis na contaetha. Seo comharthaí simplí a thugann ar ais dúinn ár dteanga agus a mhíníonn an bhrí agus an fhuaim do stráinséirí. Tá súil agam go bhfeicfidh mé iad ar thaobh an bhóthair in Éirinn lá éigin.

Seo iad

Foghlaim iad le subh anseo

Éist leo anseo

Ceannaigh mapaí anseo.

Féach ar na contaetha ó…

Amharc ar an alt bunaidh 420 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht