Cúram Cóma in Éirinn “mí-eiticiúil agus anchúinseach”

Posted on Eanáir 16, 2014 le

1



Tá an fear óg atá i gcóma ó bhí timpiste aige le linn an tsamhraidh anuraidh, Pádraig Schäler, fós go dona tinn san ospidéal, labhair Ciarán Dunbar lena athair, Reinhard.

 Níl a leordhóthain áiseanna ann do dhaoine a bhuail drochghortú intinne iad in Éirinn dar le hathair Ghael óg atá i gcóma ó bhí an samhradh ann.

Pádraig Schaler

Pádraig Schaler

 Dar le dochtúirí sa Ghearmáin tá an staid reatha maidir le daoine a bhfuil leaba athshlánúcháin do ghortú intinne ag teastáil uatha “mí-eiticiúil agus anchúinseach”.

 Bhuail veain 4.3 tonna Pádraig Schäler agus ag rothaíocht go dtí a chuid oibre é in Cape Cod, SAM, ar 27 Meitheamh na bliana seo caite ag 10:00 ar maidin.

 D’éirigh gortú intinne millteanach dó, tá sé i gcóma ó shin.

 Bhí sé díreach tar éis céim a chríochnú i gColáiste na Tríonóide agus bhí sé sna stáit ar Víosa J1 ag déanamh machnamh ar a thodhchaí.

 Gaeilgeoir aitheanta a bhí ann agus bhí Gaeil Bhaile Átha Cliath agus lucht Chlub Chonradh na Gaeilge go háirithe gníomhach maidir le hiarrachtaí airgead a bhailiú chun cabhrú leis agus lena theaghlach.

 Ar an drochuair tháinig tinneas bagrach dá bheatha air Oíche na Bliana Úire mar thoradh ar ghnáth-obráid riosca íseal.

 Bhí air dul faoi scian go práinneach arís mar gheall ar a bheith ag cur fola go hinmheánach.

 Tháinig Siondróm Freagairt Athlastach Shistéamach air mar thoradh ar an obráid sin ach tháinig feabhas air i ndiaidh mar gheall ar chóir leighis a fuair sé.

 Agus an t-alt seo ag dul i gcló, bhí sé i gceist ag dochtúirí é a chur ar ais chuig an ospidéal ina a raibh sé ag fuireach le tamall, an Schön-Klinik in Hamburg na Gearmáine.

 Tá teaghlach Phádraig dóchasach gur féidir go dtiocfadh feabhas air amach anseo.

 “Ní raibh mórán dóchas ag na dochtúirí in Cape Cod go mbeadh biseach suntasach air, déanta na fírinne, chreid siad gur dóiche go bhfaigheadh sé bás díreach tar éis na timpiste,” a dúirt Reinhard Schäler le Seachtain.

 “D’inis dochtúirí in Beaumont [BÁC] dúinn go dtabharfadh an chéad sé mhí sin le tuiscint maidir lena bhiseach sa todhchaí.

 “Deir dochtúirí anseo sa Ghearmáin gur mhothaigh sé feabhas ar a bhail ó tháinig sé anseo (mar a mhothaigh muid féin) agus go bhfuil go leor ama againn.

 “Sinne féin, creideann muid go bhfuil an inchinn guagach agus gur féidir leis rudaí iontacha a dhéanamh. Tá muid ag déanamh an oiread agus is féidir chun na coinníollacha is fearr a chur ar fáil do Phádraig maidir lena bhiseach.

 “D’fhoghlaim muid conas foighne a bheith againn,” a dúirt sé.

 Ach cad chuige ar socraigh teaghlach Phádraig é a aistriú go dtí an Ghearmáin?

 “Bhog muid Pádraig go dtí an Ghearmáin mar go raibh na coinníollacha in Éirinn go dona i dtaca lena bhiseach.

 “Rachainn níos faide arís agus déarfainn nach bhfaigheann othair le gortuithe intinne faighte cúram agus cóir leighis leormhaith in Éirinn.

 “Níor chóir go mbeadh sé in ospidéal géarmhíochaine (Beaumont) ar chor ar bith. Is féidir leo éirí contúirteach, go háirithe d’othair a bhfuil orthu fuireach go fada iontu.

 “Bhí sé faoi chúram máinlia néareolaíoch nuair a bhí lia comhairleach athslánúcháin nó, ar a laghad, néareolaí de dhíth air.

 “Níl a leordhotháin áiseanna luath-athslánúcháin d’othair a bhfuil gortú inchinne faighthe acu,” a mhínigh sé.

 “Níl ach trí leaba d’othair a bhfuil bail Phádraig orthu san aon ospidéal náisiúnta athshlánúcháin dá bhfuil ann sa tír i nDún Laoghaire.

 “Cé gur cuireadh ar an liosta feithimh é a lá a tháinig sé go hÉirinn ar 15 Iúil, bheadh air fanacht an chuid is mó de bhliain a chaitheamh ag fanacht le ceann de na leapacha sin – agus ansin ar feadh 3 mhí amháin.

 “Rinne lianna comhairliúcháin sa Ghearmáin a labhair muid leo cur síos air sin mar mí-eiticiúil agus anchúinseach,” a dúirt Reinhard.

 Cé go raibh go raibh árachas arbh fhiú €6.5m é ag Pádraig dhiúltaigh an comhlacht Go4Less cúram Phádraig a chlúdach ar an ábhar nach raibh clogad á chaitheamh aige nuair a tharla an timpiste dó.

 Measadh faoin pholasaí go raibh rothaíocht ar mhaithe le comaitéireacht “guaiseach” agus mar sin, ba ghá clogad a chaitheamh cé nach bhfuil aon ghá ann clogad a chaitheamh faoi dhlí Massachusetts.

 Faoi bhrú ón teaghlach áfach, shocraigh siad íoc as aerárthach othar Phádraig go Baile Átha Cliath ‘ex gratia’.

 Mar sin de, ní raibh aon chlúdach árachais ann don ghortú nó do mhíchumas mar thoradh air nó do chostais taistil a theaghlaigh.

 Tá an-aithne ag Gaeilgeoirí ar Phádraig, Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath go háirithe, ba reachtaire é ar an Chumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide agus bhí cláracha raidió agus ar Raidió na Lífe agus ar Raidió RíRá.

 “Tá an Ghaeilge agus Éire an-ghar dá chroí, cad chuige?” a d’inis Reinhard Schäler do Seachtain.

 “Don chúis chéanna a bhfuil gean ag gach duine eile dá dteanga agus dá gcultúr: leagann sé amach a bhféiniúlacht.”

Is leagan fada é seo d’alt a foilsíodh ar ‘Seachtain’, 16 Eanáir 2014.

IMG_1430[1]

Clibeanna:
Posted in: Nuacht