Séamus Mac Seáin ar Shinn Féin agus an Fáiltiú Béarla sin

Posted on Eanáir 18, 2014 le

1



Seo trácht a fuair antuairisceoir.com ó dhuine de na gníomhairí is mó measa air in Éirinn riamh, Séamus Mac Seáin, Béal Feirste.

download

Séamus Mac Seáin

“Ní iontas é ag cuid againn sna sé Chontae a thuigeann cúrsaí teanga abhus go gcuirfeadh SF fáilte roimhe an samhail nua maoinithe agus go ndéanfaí sin sa tsacs-bhéarla.

“Bhí sé de stráitéis acu ó thús seilbh a ghabháil ar an teanga mar ‘pheata súgartha’ dóibh féin agus tá an cinneadh is déanaí seo ag cur an dlaoí mhullaigh ar sin.

“In aon bhuille amháin tá imeallú iomlán déanta acu ar trí ghrúpa sna Sé Chontae a léirigh neámhspleáchas agus éifeacht i gcúrsaí athbheochana mar atá Pobal, Forbairt Feirste agus Iontaobhas Ultach.

“Ní glacann SF (dála gach páirtí polaitiúil eile) go héascaí le dream ar bith nach bhfuil faoina mbos féin agus a léiríonn neamhspleáchas. Thosaigh sé 15 bliana ó shin nuair a phacáil siad Foras na Gaeilge lena madraí lathaí féin gur baill an pháirtí iad go léir .

“Rinneadh sin dar ndóigh ar neamhchead do Ghaeil Ghluaiseacht na hathbheochana nach baill de pháirtí ar bith iad 90% acu. Ní bhaineann fáilte seo SF roimhe an samháil nua leis an teanga ná lena hathbheochan.

“Baineann sé le straitéis cheomhar éigin faoi ‘athaontú’ na tíre ar theip orthu a chur chun tosaigh sa tionól ó thuaidh. Ná mealltar sinn leis an bholscaireacht bhréagach.”

Posted in: Nuacht, Tuairim