“Is cúis mhór náire í d’Fhoras na Gaeilge an dóigh ar phléigh siad le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt”

Posted on Eanáir 22, 2014 le

0



Preasráiteas ó Altram

Cuirfidh Foras na Gaeilge deireadh le maoiniú d’Altram, eagraíocht réigiúnda na luathbhlianta ag deireadh Mhí Mheithimh 2014.

Caillfear 5 phost lánaimseartha agus post amháin páirtaimseartha.download

Tá Altram ag gníomhú go díográiseach agus go héifeachtach in earnâil na luathbhllianta le breis is fiche bliain.

Tá tuiscint, taithí agus saineolas nach beag ag an eagraíocht ar dhúshláin an tumoideachais ag leibhéal na luathbhlianta sa dlínse seo.

Ní bheidh sé seo ag eagraíocht atá lonnaithe i ndlínse eile nó ag eagraíocht nach raibh ag freastal go dtí seo ar sainriachtanaisí na luathbhlianta nó nach bhfuil tiománta maidir leo.

Tá eagla orainn go bhfágfaidh na socruithe úra bearnaí móra sa tsoláthar a rachfas go mór chun aimhleas ár bpáistí agus ár bpobail.

Is le cuid mhór dua agus íobairte gur éirigh le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt cibé aitheantas atá anois ann don Ghaeilge a bhaint amach.

Is cúis mhór náire í d’ Fhoras na Gaeilge an dóigh ar phléigh siad le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt sna cinnithe seo.

“Déanfar imeallú ar an tuaisceart, Fócas deisceartach a bheas ann feasta

Bradley: Feabhsú na samhla nua molta

 

Clibeanna: ,
Posted in: Nuacht, Tuairim