“Cinneadh tubaisteach: déanfaidh sé dochar don teanga go ceann i bhfad”

Posted on Eanáir 23, 2014 le

0



Deir POBAL gur cosúil go gcaillfear 14 phost i réimse oibre amháin, ‘Ardú Feasachta, Cosaint na Teanga agus Ionadaiocht’ mar gheall ar phróiseas Fhoras na Gaeilge le deireadh a chur le maoiniú do na heagrais bunmhaoinithe “seachas 6 eagras atá roghnaithe ag an Fhoras féin.”

Deir Janet Muller, Príomhfheidhmeanach POBAL, “Faoi chur chuige an Fhorais, caillfidh POBAL féin 4 as 5 phost lán-aimseartha.

images“Caillfear seirbhísí agus tacaíocht a cuireann POBAL ar fáil do phobal na Gaeilge, agus caillfear sainscileanna agus saineolas atá rí-thábhachtach don obair ar reachtaíocht, ar chearta, ar chomhionannas, ar Shainriachtanais, agus ar réimse leathan oibre eile a imríonn tionchair ar fhorbairt na Gaeilge ó thuaidh.

Níl oiread is eagras amháin do na heagrais atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge lonnaithe ó thuaidh.

Dar le Pobal, ciallaíonn sé sin “nach bhfuil an t-eolas ná an taithí áitiúil, pearsanta céanna taobh thiar dá gcur chuige, agus imreoidh seo dlúththionchair ar fhorbairt na Gaeilge abhus.”

“Níl an caidreamh fad-bunaithe le réimse leathan d’eochair- imreoirí ag eagras ar bith do na ‘ceanneagrais’, mar atá ag leithéidí POBAL. Beidh maoiniú d’eagrais an tuaiscirt atá curtha ar fáil do thograí Gaeilge ag maoinitheoirí eile i mbaol,” a deir ráiteas ón eagraíocht.

“Aithníonn Foras na Gaeilge go mbeidh bearnaí ann, mar admhaíonn siad go mbeidh ar na cheanneagrais roinnt daoine ó thuaidh a fhostú, ach déanta na fírinne, beidh níos lú phost ann ná mar atá faoi láthair, fiú.

“Beidh i bhfad níos mó daoine dí-fhostaithe ná mar a bhfaighidh post nua. Beidh titim oll-mhór chomh maith i rólanna ceannasaíochta, straitéiseacha d’oibrithe an tuaiscirt.

“Ciallaíonn sé seo, fiú má fhaigheann líon bheag de dhaoine ó thuaidh poist, go mbeidh sé thar a bheith deacair dóibh polasaithe na n-eagras a fhorbairt ná tionchair a imirt orthu fiú.

“Beidh sé doiligh dóibh idirbheartaíocht a dhéanamh le polaiteoirí agus le soláthraithe seirbhísí nó plean oibre a struchtúrú de réir riachtanais an phobal abhus. Beidh na ceisteanna seo uilig á socrú i mBaile Átha Cliath.”

Deir Janet Muller, “Próiseas scoilteach, fabhtach go smior a bhí i bpróiseas an Fhorais agus tá an teanga ó thuaidh thíos leis go mór.

“Rinne POBAL i gcónaí co-ordú, taighde agus obair tionscnamh ar bhonn uile-oileánda, ach is léir go bhfuil géarghá le cur chuige saineolach sa dhá dhlínse, mar go bhfuil an infrastructur ó thuaidh neamhfhorbartha i gcomparáid leis an infrastructur ó dheas, agus mar go bhfuil cúinsí sóisialta, polaitíochta agus reachtaíochta na teanga chomh difriúil sin againn uathu siúd atá i bhfeidhm sna 26 chontae.

“Chomh maith leis sin, aithnítear go forleathan go bhfuil fuinneamh agus cur chuige ar leith i bpobal na Gaeilge abhus, ach níor roghnaigh Foras ach eagrais Baile Átha Cliathach.’

“De réir Foras na Gaeilge, bualfaidh seisear ceannasaithe na sé eagras a mhaireann le chéile i bhFóram le cinntí agus co-ordú a dhéanamh ar na seirbhísí uilig atá le cur ar fáil.

“Beidh Foras na Gaeilge féin sa chathaoir ag an Fhóram seo.

“Eagrais móra, lonnaithe i mBÁC atá sna heagrais ar fad a roghnaigh Foras na Gaeilge. Ní bheith spás ar bith ar an Fhóram seo ach do na ceannasaithe seo agus Foras na Gaeilge féin.

“Ní bheith ar an Fhóram seo ach líon beag bídeach d’eagrais a bheidh ag brath ar mhaoiniú an Fhorais, ina suigh sa seomra céanna le hionadaithe an Fhorais, agus iad siúd freagrach as phleanáil fhorbairt na Gaeilge as seo amach. Is bagairt dáiríre é seo, ann féin, do neamhspleáchas earnáil na Gaeilge.

“Beidh cinntí an Fhorais i dtaca le ceanneagrais tubaisteach. Is léir nach féidir cead a chinn a thabhairt dóibh moltaí an Comhaireacht Thuaidh Theas a chur i gcrích gan treoir láidir. Gríosaíonn muid an tAire Carál Ní Chuilín seasadh isteach sa bhearna bhaoil agus miontreoir soiléir a phoibliú ar cad é mar is féidir an damáiste atá á dhéanamh ag moltaí an Fhorais a leasú,” a deir sí.

Posted in: Nuacht