Comharthaíocht Thurasóireachta Ghaeilge Anois!

Posted on Eanáir 23, 2014 le

0



800px-Church_Street_road_signs_Downpatrick_February_2010

Comharthaí i nDún Pádraig – ní céad Gaeilge orthu ó thuaidh – tá greamaitheoir de chuid an ghrúpa “ghníomhaíocht dhíreach”, na Ceithearnaigh Coille le feiceáil ann.

Tá an Bord Turasóireachta freagrach as réimse leathan de chomharthaíocht thurasóireachta a mhaoiniú agus a chur in airde, ach le tamaill fada bíonn siad ag diúltú do chomharthaíocht turasóireachta dátheangach (Gaeilge / Béarla).

Bhailigh POBAL samplaí do na diúltaithe seo, atá faighte ag grúpaí Gaeilge agus ag Comhairlí áitiúil mar aon, agus chuir muid an t-eolas roimh Choiste na Saineolaithe ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.  

An tseachtain seo, caite, ina 4ú tuarascáil ar fheidhmiú na Cairte, cháin na Saineolaithe an Bord Turasóireachta TÉ maidir leis an diúltú lena dhualgais faoin Chairt a chomhlíonadh agus dúirt gur cosúil go raibh na diúltaithe seo,  ‘an infringement of the Charter. ‘

Picéad ag oifigí Bord Turasóireachta TÉ

Dé Máirt 28ú Eanáir ar 11 a chloig

Bord Turasóireachta TÉ, Cúirt An Naoimh Áine, 59 Sráid Thuaidh, Béal Feirste BT1 1NB

Dé Máirt seo chugainn, 28 Eanáir, tiocfaidh Gaeilgeoirí agus tacaithe le chéile le picéad a chur ar oifigí an Bhoird Turasóireachta ó 11.00 go 12.00 nóin.

Beidh ceol agus siamsaíocht ann a léiríonn saibhreas chultúr na nGael, agus an díbhinn a thagann as don turasóireacht.

Beidh Pobal ag tabhairt litreach don Bhord, ag cur thorthaí na saineolaithe faoina súil, agus ag éileamh go gcomhlíonann sé a chuid dualgas.

Deir Pobal : “Is mithid don Bhord ról na Gaeilge a aithint  i dtaca le saibhriú na turasóireachta áitiúil, mar atá an cás le Gàidhlig in Albain agus le Breatnais sa Bhreatain Bheag.”  

Clibeanna: ,
Posted in: Nuacht