An Ghaeilge á ruaigeadh chuig imeall na sochaí

Posted on Eanáir 24, 2014 le

0



Nótaí Cainte; An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ag an Fhochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 23 Eanáir 2014, 2.15pm.

 A chathaoirligh agus a dhaoine uaisle,

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt daoibh as bhur gcuireadh teacht in bhur láthair inniu. Nuair a labhair mé le comhchoiste eile de chuid Thithe an Oireachtais i dtús na míosa seo caite, níor mheas mé go mbeinn ar ais anseo arís inniu ach is mór an onóir agus an phribhléid dom bhur gcuireadh a fháil. D’fhógair mé anseo i dtús mhí na Nollag go raibh cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga mí ón lá inniu, ar an 23 Feabhra, tráth a mbeidh 10 mbliana caite agam i mbun chúraimí na hOifige sin. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le mo bhuíochas ó chroí a thabhairt do gach duine a rinne teagmháil liom ó shin; is mór agam na teachtaireachtaí dea-mhéine ar fad a tháinig chugam go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Sula ndírím ar an phríomhábhar cainte anseo inniu – an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – ba mhaith liom na cúiseanna a ndearna mé an cinneadh seasamh siar ó bheith i mo Choimisinéir Teanga a chur faoi bhur mbráid. Go bunúsach, thuig mé i mo chroí istigh gur beag eile a d’fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa tréimhse ama dhá bhliain a bheadh fágtha agam sa phost.

Imeallú na teanga

Creidim go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí. Ní chreidim ar chor ar bith gur ar an aicme pholaitiúil is mó atá an locht ina leith seo ach feictear dom, cé go bhfuil daoine sa státchóras a thacaíonn go láidir leis an Ghaeilge, go bhfuil fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta.

Tá dul chun cinn áirithe déanta le 10 mbliana anuas ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm – go speisialta maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht phoiblí, i stáiseanóireacht agus i bhfoilseacháin éagsúla. Tá méadú ar an tuiscint ar chearta teanga agus tá an Oifig s’againne ann mar thaca aige sin.

Ach tá teorannú suntasach déanta ar an dul chun cinn a d’fhéadfadh a bheith i gceist de bharr na faillí i bhfeidhmiú chóras na scéimeanna teanga faoin Acht. Ní chreidim go bhfuil aon seans ann go n-éireoidh leis an chóras nua atá beartaithe méadú a chur ar líon na státseirbhíseach le Gaeilge. Níltear sásta barántas a thabhairt go mbeidh seirbhísí stáit á soláthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta gan cheist gan choinníoll, rud a chiallaíonn go bhfuil an státchóras le leanúint de bheith ag rá le pobal na Gaeltachta: “Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í”. Tá breis agus dhá bhliain caite i mbun athbhreithniú ar an Acht Teanga ach, fós féin, níl an chéad chéim leis an Acht a leasú, is é sin, foilsiú ‘chinn an bhille’, tógtha fós. Fógraíodh an tseachtain seo caite gur as seo go samhradh an sprioc nua d’fhoilsiú na leasuithe. Rinneadh cinneadh m’Oifig a chónascadh le hOifig an Ombudsman i ngan fhios dom féin agus don Ombudsman ag an am, ach arís agus níos mó ná dhá bhliain imithe, níl aon mhionsonraí ar fáil go poiblí faoina bhfuil molta ná faoin bhealach a cheaptar a n-oibreodh sé. Fógraíodh le linn na seachtaine seo caite go mbeadh an cónascadh sin déanta roimh Mheán Fómhair na bliana seo. Creidim nár tugadh don Oifig riamh na hacmhainní riachtanacha lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán.

Don té a chreideann gur cheart go mbeadh cearta teanga ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, is tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht. Mheas mé riamh nárbh fhéidir nó nár cheart breathnú ar an tacaíocht a theastaíonn don Ghaeilge i státchóras na tíre seo mar ábhar roghnach breise. Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.

Mura féidir leis an Stát dearbhú a thabhairt i dtaca le húsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta gan cheist, gan choinníoll agus a chinntiú go mbeidh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí nuair a bheas an tAcht Teanga á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur cur i gcéill a bheas ann.

An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.  Creidim go láidir i mo chroí istigh go ndearna mé an rogha cheart. Tá tús curtha anois le próiseas le Coimisinéir úr a cheapadh agus guím gach rath agus beannacht ar cibé duine a bheas mar chomharba agam.

An Straitéis

Tuigim go bhfuil fócas ar leith agaibhse mar Fhochoiste ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go bhfuil fonn oraibh go ndíreoinn cuid áirithe de mo chuid cainte ar an ábhar sin inniu.

Ghlac mé páirt ghníomhach in ullmhú na Straitéise – d’fhoilsigh mé moltaí ar an ábhar agus chas mé leis an ghrúpa saineolaithe idirnáisiúnta a bhí curtha le chéile le comhairle a sholáthar i dtaca le dréachtú na Straitéise féin.

Dúirt mé – agus mé ag seoladh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2008 – go bhféadfadh feidhmiú na Straitéise a bheith ar na gníomhartha is tábhachtaí do thodhchaí na teanga ó bunaíodh an Stát. Ach thug mé an rabhadh an-soiléir seo fosta ag an am: “Tá sé tábhachtach nach ligfimis i ndearmad, áfach, nach fiú tráithnín féir aon straitéis mura gcuirtear i bhfeidhm í. Caithfidh aontú agus foilsiú na straitéise a bheith ina thús ar aistear nua seachas ina cheann scríbe.”

Dúirt mé an bhliain ina dhiaidh sin go mbeadh sé riachtanach go gcuirfí tús éifeachtach agus gasta le cur i bhfeidhm iomlán na Straitéise agus mura raibh sin le tarlú, agus go rabhthas le caitheamh léi mar a tharla le hiliomad tuarascálacha inmholta roimhe sin, go mb’fhearr dá gcaithfí i leataobh láithreach í ar mhaithe le tuilleadh soiniciúlachta a sheachaint. Beart de réir briathra a theastaigh in áit focail mhilse, a dúirt mé ag an am.

An bhfuil, mar sin, an Straitéis á cur i bhfeidhm? Níl a fhios agamsa. Agus, i gcead daoibh mar Fhochoiste, ní shílim go bhfuil a fhios agaibhse ach an oiread mar nach bhfuil aon iniúchadh ná léirmheastóireacht neamhspleách á dhéanamh ar fheidhmiú na Straitéise.

Féin-mheastóireacht amháin atá i gceist agus ón taithí atá agamsa agus ag m’Oifig le 10 mbliana anuas i mbun iniúchadh ar scéimeanna teanga na n-eagras Stáit, is beag tábhacht nó luach atá le cur i ndeireadh na dála ar fhéin-mheastóireacht. In aon réimse den saol is deacair iontaofacht a chur i léirmheas ó pháirtithe leasmhara, ach os a choinne sin, tá ríthábhacht le fianaise atá bunaithe ar thaighde. Tá rud eile foghlamtha againn in imeacht na mblianta – go bhfuil bunús leis an fhrása “what gets measured, gets done!”  Mura bhfuil iniúchadh agus meastóireacht neamhspleách á dhéanamh, ní chreidim gur féidir le haon duine barántas a thabhairt faoin fheidhmiú.

Ach is féidir le duine tuairim a bheith aige: seo ceann ó shaineolaí amháin.

Bhí Seosamh Mac Donnacha as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar dhuine d’údair an taighde (le Conchúr Ó Giollagáin) ar a dtugtar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht – an saothar taighde a spreag an Straitéis.

Agus é ag labhairt ag Tóstal na Gaeilge anuraidh, dúirt sé nach ann don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a thuilleadh. “Tá a fhios agam go bhfuil cáipéis againn ar a dtugann muid an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ach ní ionann cáipéis agus Straitéis. Níl Straitéis bheo againn atá á cur i bhfeidhm ar bhealach seasmhach córasach…

Bhí an méid seo le rá ag saineolaí eile, an Dr John Walsh, in eagrán na míosa seo den iris Comhar: “Is geall le corpán an Straitéis 20 Bliain anois agus tá an Ghaeilge níos imeallaí ná riamh sa státseirbhís”. 

Cáipéis mharbh

“Cáipéis mharbh” a thug Seosamh Mac Donnacha ar an Straitéis agus dúirt sé freisin nach ann do Roinn na Gaeltachta níos mó  – “níl againn ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach…Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara); tá siad ag bun an tslabhra cumhachta inmheánaigh laistigh dá Roinn féin;  agus tá an mháthair-Roinn atá acu ag bun an tslabhra cumhachta lena mbaineann na Ranna Stáit i gcoitinne, rud a fhágann gur deacair di mórthionchar a imirt ar cheapadh polasaí ná ar fheidhmiú polasaí na Rann eile sin a bhfuil ról lárnach acu i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge…”

Ba é croí an scéil aige nach bhféadfadh fo-rannóg atá ag feidhmiú faoi na cúinsí sin a bhfuil fágtha den Ghaeltacht a tharrtháil ná a chaomhnú, agus nach bhfuil muid ach ag cur dallamullóg orainn féin má cheapann muid go bhféadfadh.

Léirmheas duairc is ea é sin ach tá eagla orm, faraor, go bhfuil cuid mhór de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a d’aontódh leis. Dúirt an scríbhneoir, Seosamh Mac Grianna, tráth go mbíonn an fhírinne searbh: “…ní searbh atá sí ach garbh agus sin an fáth a seachantar í.”

Creidim féin, má tá rath le bheith air, gur gá go mbeadh an díospóireacht seo bunaithe ar an fhírinne, iomlán na fírinne agus an fhírinne amháin. Níor mhaith liom a bheith diúltach faoi seo ach creidim gur cheart i gcónaí tosú leis an staid réalaíoch seachas le ródhóchas bréige gan chúis. Níl ról ar bith ag grúpsmaointeoireacht i ngnó chomh tábhachtach le beatha teanga.

Bunaithe ar fhigiúirí an daonáirimh ón bhliain 2002, dúradh in 2007 nach raibh fágtha ach idir 15-20 bliain ag an Ghaeilge mar phríomhtheanga bheo an phobail sna ceantair Ghaeltachta is láidre a bhí fágtha.  Ar ndóigh, mairfidh sí mar theanga agus níor saolaíodh fós an cainteoir dúchais deireanach. Ach is mór go deo idir sin agus í a bheith in uachtar mar theanga bheo an phobail agus a bheith á cur ar aghaidh ó ghlúin go glúin gan bhriseadh gan bhearna. Mar dhuine ar cás leis todhchaí na teanga agus na Gaeltachta agus mar dhuine a bhfuil formhór mór a shaoil caite aige ina chónaí sa Ghaeltacht, ní léir domsa go bhfuil mórán gníomhartha suntasacha ná céimeanna praiticiúla le dealramh tógtha ar an talamh le dul i ngleic le scála na géarchéime teanga sa Ghaeltacht ó foilsíodh an rabhadh rí-shoiléir sin seacht mbliana ó shin.

Tic-Toc

Tá Acht Gaeltachta nua achtaithe agus níor bhain an fháilte a cuireadh roimhe aon mhacalla as cnoic agus gleannta na Gaeltachta. D’athraigh sé an struchtúr atá ar bhord an Údaráis agus bhronn sé cúraimí pleanála teanga nár iarr siad féin ar phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge i gcomhar leis an Údarás agus Foras na Gaeilge. Ní ar phobail áitiúla a d’fhágfaí an fhreagracht  maidir le pleanáil eacnamaíochta ná ní faoina gcúram a d’fhágfaí cinntí faoi fhorbairt tithíochta, bóithre ná cúrsaí comhshaoil.  Ach cúrsaí teanga, bhuel, sin scéal eile!

Tá ceantair roghnaithe agus á roghnú le pleananna teanga a ullmhú: tabharfar dhá bhliain leis na pleananna sin a ullmhú agus seacht mbliana lena bhfeidhmiú. Ach idir an dá linn, tic-toc, tá an t-am ag sleamhnú agus más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga. Nuair a fheicim an drochbhail atá fágtha ar chóras na bpleananna teanga nó na scéimeanna teanga do na heagrais stáit cheal feidhmiú éifeachtach, is deacair dom, faraor, aon mhuinín rómhór a bheith agam as an chóras nua pleanála teanga atá beartaithe faoi Acht na Gaeltachta.

Go deimhin, tá mé go mór in amhras an gcreideann fiú na daoine sin a bhfuil cúram oifigiúil orthu i dtaca le feidhmiú na Straitéise agus na pleanála teanga ina gcroí féin go bhfuil aon seans dáiríre ann go mbeidh rath nó dea-thoradh go cinnte ar na beartais seo. Agus mura gcreideann an lucht ceannais féin é, bhuel, cinnte le Dia, níl mórán cúis ag aon duine eile é a chreidiúint: ní féidir reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm mura bhfuil muinín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne aici.

 Acht agus Straitéis

Maidir le háit na Gaeilge sa státchóras, bhí mé ag léamh tuairisce le gairid ó iar-státseirbhíseach sinsearach a dúirt go raibh, dar leis “growing evidence that there is a strategy afoot to do away with what’s left of Irish in the public life of the country.”

Chaith Seán Mag Leannáin 15 bliana mar Phríomhoifigeach sa Státseirbhís go dtí gur éirigh sé as i mí na Nollag 2009. Dúirt sé:

“The civil service establishment…are almost 100 per cent united in their view of Irish as an irritating thorn in the administration. The mandarins know there isn’t political consensus on the issue and they calculate that even to open a public debate on Irish would be to accord it a status it doesn’t deserve – far better to ignore it as if it didn’t exist and to starve the Official Languages Act of the resources to implement it. Let the whole thing wither on the vine…”

Bhí an méid seo le rá aige freisin; “When the Official Languages Act was passed over 10 years ago the top civil servants adopted a minimalist, wait-and-see approach. They knew that without their active support the new legislation was never going to have much effect. But what started as passive inaction on their part now seems to have moved up a notch or two to one of active undermining.

It reminds me of a phrase used by our President Michael D Higgins, speaking at the biennial Tóstal na Gaeilge conference in Galway in 2010, when he referred to those “for whom Irish was not half dead enough”.

Sin dearcadh spéisiúil ó fhear misniúil a bhí i gcroílár an státchórais.

Gealladh sa Straitéis go mbunófaí córais le méadú a chur ar fhoireann na seirbhíse poiblí atá in ann feidhmiú i nGaeilge. Thagair mé níos túisce don chóras nua le cur i bhfeidhm ar bhonn píolótach ach feictear dom gur leor a rá libh gur léirigh taighde atá déanta dúinn ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtógfadh an córas nua sin, dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an bhealach is dearfaí é, thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a dhúbailt ón 1½% atá ann faoi láthair go dtí 3%.

Gealladh freisin ar leathanach 45 den Straitéis go sonródh scéimeanna teanga amach anseo na poist laistigh d’eagraíocht a mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh. Foilsíodh an Straitéis i mí na Nollag 2010 – sin breis agus trí bliana ó shin. Daingníodh 26 scéim teanga nua sna trí bliana ó shin agus go dtí seo níl oiread agus post amháin i scéim teanga amháin sonraithe go cinnte mar phost a mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach lena aghaidh!

Ní miste a lua freisin go bhfuil oifigigh Ghaeilge nó daoine le cúram na teanga orthu ainmnithe ag na Ranna Rialtais éagsúla le freagracht a ghlacadh as feidhmiú an Achta Teanga agus as gníomhú mar theagmhálaithe le m’Oifigse.  Daoine cumasacha iad ar fad a oibríonn go dúthrachtach ach níl ach seisear as na sé dhuine dhéag (16) atá i gceist a bhfuil Gaeilge acu; tá deichniúir de na hoifigigh sin a bhfuil cúram na teanga orthu sna Ranna Rialtais nach bhfuil aon Ghaeilge acu féin.

Fógraíodh sraith iomlán de phleananna agus de bheartais nua d’athchóiriú an státchórais an tseachtain seo caite; go bhfios dom ní luaitear na focail ‘teanga’, ‘Gaeilge’ ná ‘Gaeltacht’ oiread agus uair amháin sna cáipéisí sin.

 Oideachas

Tá béim an-mhór sa Straitéis ar an Ghaeilge sa chóras oideachais. Agus fáiltím roimh chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais sa Ghaeltacht.

Ach, ag an am chéanna, cuireann sé imní mo chroí orm nuair a smaoiním ar an dearcadh oifigiúil a léirigh an Roinn chéanna le gairid le linn dhá imscrúdú fhoirmiúla a bhí ar siúl ag m’Oifig agus a bhain le gnéithe den oideachas sa Ghaeltacht.

I gcás amháin rinne bunscoil Ghaeltachta gearán go raibh treoir á tabhairt ag an Roinn Oideachais dóibh múinteoir a cheapadh ó phainéal ar a raibh farasbarr múinteoirí, cé gur chreid na múinteoirí sin agus údaráis na scoile nach raibh dóthain Gaeilge ag aon duine acu le teagasc i scoil Ghaeltachta.

Seo cúpla sampla fánach de na ríomhphoist a sheol na múinteoirí ón phainéal chuig údaráis na scoile:

“…With respect to you, your principal and your pupils, I feel that my standard of Irish would not reach the requirement needed for a Gaeltacht school and Gaeltacht life in general…

“… Chun an fhírinne a rá, táim beagáinín buartha faoi toisc gur Gaelscoil sibh agus go bhfuil cainteoirí dúchasacha ag freastal an scoil.”

   “Tá brón orm… níl go leor Gaeilge agam chun a bheith ag obair sa Gaeltacht.”

“Unfortunately I don’t think I would be the best person for the job and I’m sure there’s someone on the panel with more experience in Gaelscoileanna and fluency with Irish than I have.”

D’ainneoin sin – agus an fhíric go bhféadfadh Gaeilge níos fearr a bheith ag cuid de na daltaí ná na múinteoirí féin sa chás sin – chuir an Roinn argóintí dlíthiúla agus praiticiúla i láthair le léiriú nár ghá socrú ar leith a dhéanamh don Ghaeltacht agus go raibh gach múinteoir bunscoile sa tír cáilithe le múineadh i scoil Ghaeltachta. Chinn mé, áfach, de bharr an imscrúdaithe sin go raibh forálacha éagsúla teanga de chuid an Achta Oideachais á sárú sa chás sin agus rinne mé moltaí dá réir sin.

I gcás eile, rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna argóintí dlíthiúla agus praiticiúla fosta nach raibh dualgas uirthi rogha a chur ar fáil le go bhféadfaí ábhair an churaclaim a theagasc trí Ghaeilge go leibhéal na hArdteistiméireachta do dhaltaí scoile as ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre atá fágtha i dTír Chonaill.

Tá sruth Gaeilge sa scoil go leibhéal an Teastais Shóisearaigh ach is beag duine a roghnaíonn é mar go mbeadh ar na daltaí a dteanga a athrú don dá bhliain is tábhachtaí – blianta na hArdteistiméireachta.  Léirigh an t-imscrúdú a rinne m’Oifig go raibh diúltú na Roinne oideachas trí Ghaeilge go leibhéal na hArdteistiméireachta a sholáthar do dhaltaí Gaeltachta ag teacht salach ar a cuid dualgas faoin dlí agus, arís, tá moltaí déanta agam leis an scéal a leigheas.

Tá mé cinnte go dtuigfidh sibh m’imní faoi ghné an oideachais den Straitéis i bhfianaise na gcásanna sin.

Ach, ar ndóigh, is í bun agus barr na faidhbe againn nach bhfuil aon cheangal ceart déanta againn idir foghlaim agus úsáid na Gaeilge sa tír seo. Cuireann an Stát dualgas ar dhaltaí an teanga a fhoghlaim ach is minic ina dhiaidh sin a chuireann an Stát céanna cosc nó bac ar na daoine sin an teanga a úsáid ina ngnóthaí oifigiúla. Tá dícheangal nó cliseadh céille i gceist ansin.

 Páirtithe leasmhara

Thrácht mé níos túisce ar an easpa monatóireacht neamhspleách atá le déanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.  Tá iarrachtaí á ndéanamh le tamall a éileamh go n-aithneofaí go hoifigiúil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar pháirtithe leasmhara trí ról a thabhairt dóibh i stiúradh na Straitéise 20 Bliain – ach ar chúis éigin tá sin á dhiúltú dóibh ag an státchóras. Is deacair sin a chreidiúint agus meabhraím arís nach féidir reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm mura bhfuil muinín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne aici.

Tá neart dordfhocal le cloisteáil ceart go leor faoi choistí idir-rannacha, cainteanna déthaobhacha agus pleananna forfheidhmithe ach an ionann sin agus gníomhartha praiticiúla, dearfacha?  Dúisíonn sé i m’intinn an scéal is deireanaí atá nochta ag an iriseoir Breandán Delap ó chomhaid na Cartlainne Náisiúnta faoin Riail 30 Bliain. D’aimsigh sé na cáipéisí oifigiúla a bhain leis an Phlean Gníomhaíochta Ceithre Bliana don Ghaeilge a d’fhoilsigh an eagraíocht stáit Bord na Gaeilge i 1983 – cáipéis théagartha, shuntasach ba ea é inar leagadh amach spriocanna do gach gné den státchóras.

I ndeireadh na dála, nuair a bhí ionchur na polaitíochta agus na Státseirbhíse curtha san áireamh, ní raibh fágtha den phlean uaillmhianach ach creatlach de choistí a bhí le bunú chun moltaí a dhéanamh i leith úsáid na Gaeilge i réimsí éagsúla den saol phoiblí.

Mheabhraigh sé don iriseoir an méid a bhí le rá ag Séamus Mallon faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta – gur “Sunningdale for slow learners” a bhí ann.  Plus ça change, plus c’est la même chose. Nár thrua dá mba í an chinniúint chéanna a bheadh i ndán don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge?

Agus mé ag ullmhú le teacht in bhur láthair anseo inniu, smaoinigh mé ar ráitis a rinne beirt dár laochra a bhásaigh anuraidh, go ndéana Dia grásta orthu – Nelson Mandela, a dúirt “If you talk to a man in a language he understands, that goes to his head. If you talk to him in his language, that goes to his heart.”

Agus Seamus Heaney, a dúirt “Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future.  It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as desirable attainments, we should remember that knowledge of the Irish language is an essential element in their realisation.”

Tá rogha shimplí romhainn – féachaint siar ar an Ghaeilge mar theanga a chaill muid nó féachaint chun tosaigh agus í mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár bhflaitheas.  Ach deirim an méid seo go cinnte libh inniu anseo i dTithe an Oireachtais – gur le croí trom a thabharfas pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aghaidh ar chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca, faoi cheann dhá bhliain eile, mura bhfuil inár dteanga náisiúnta ach teanga shiombalach agus, seachas í a bheith ina croíchuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht bheo, go mbeadh sí brúite ar leataobh, fágtha ar an imeall agus in áit na leathphingine i saol an náisiúin seo.

Go raibh maith agaibh arís as bhur gcuireadh labhairt libh anseo inniu.

CEANNLÍNTE LE 10 mBLIANA ANUAS:  2004 – 2014; 

 

  • Gearáin … 6,126 go dtí an 31 Nollaig 2013, (28% ón Ghaeltacht).
  • Bhain 23% de na gearáin le Ranna agus Oifigí Rialtais, 32% le húdaráis áitiúla, an chuid eile le réimse leathan eagraíochtaí stáit
  • 1,862 iarratas ar chomhairle i dtaca le dualgais teanga ó eagraíochtaí stáit
  • 96 imscrúdú foirmiúil seolta
  • 213 léirmheas/iniúchadh déanta ar scéimeanna teanga
  • 9 gcinn de thuarascálacha bliantúla agus ráitis iniúchta airgeadais foilsithe
  • 6 thuarascáil speisialta curtha i láthair Thithe an Oireachtais
  • Suíomh gréasáin forbartha mar ionad ilfhreastail i dtaca le gach a mbaineann le cearta agus dualgais teanga
  • Cairt Cearta Teanga foilsithe
  • Treoirleabhair ar Acht na dTeangacha Oifigiúla foilsithe
  • Moltaí faoi leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla foilsithe
  • Feachtais fógraíochta teilifíse ar chearta teanga eagraithe agus craolta
  • Acmhainn oideachais ar Chearta Teanga don chúrsa san Oideachas Saoránach, Sóisialta agus
  • Polaitiúil (OSSP) sa Teastas Sóisearach forbartha agus scaipthe ar scoileanna
  • Ócáid cearta teanga i gcuimhne ar Mhaolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna eagraithe i nGaillimh
  • Páirtíocht in iliomad ócáidí i dtaca le forbairt feasachta ar chearta agus dualgais teanga
  • Léachtaí ar chearta teanga tugtha i mbeagnach gach institiúid oideachais tríú leibhéal in Éirinn
  • Cúnamh tugtha go rialta le taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta ar chearta agus ar dhualgais teanga
  • Comhairle agus traenáil curtha ar fáil tríd an OSCE do bhunú oifig coimisinéara teanga sa Chosaiv i gcomhar le Rialtas na Cosaive
  • Comhdháil idirnáisiúnta ar chearta teanga eagraithe i mBaile Átha Cliath
  • Réamhghníomhach i dtaca le Cumann Idirnáisiúnta do Choimisinéirí Teanga an domhain a bhunú.
Posted in: Nuacht