Goitse : “A Leithéid de Chur i gCéill”

Posted on Eanáir 24, 2014 le

1



Eagarfhocal ‘Goitse’ na míosa seo – tá Goitse ar fáil anois i siopaí na dtrí paróistí

As seo amach, beidh eagraíochtaí pobail sa taobh seo tíre gnoitheach ag líonadh isteach foirmeacha iarratais don scéim phleanáil teangan.

Fógraíodh inné go gcaithfeadh na foirmeacha bheith istigh in oifigí Údarás na Gaeltachta i gcionn dhá mhí agus go bhfuil dhá bhliain ag an eagraíocht a roghnaítear le plean cuimsitheach a ullmhú.Goitse

Chuala achan duine iomrá ar an scéim seo ach déarfainn gur beag duine a thuigeann i gceart caidé atá i gceist léi. Tá sí chomh casta sin go raibh fiachadh ar na daoine atá ag plé leis sna heagraíochtaí pobail cúrsa ar líne a dhéanamh le bheith ábalta an t-iarratas a dhéanamh.

Níl dabht ar bith ann ach go mbeadh sé le leas phobal Gaeltachta ar bith dá mbeadh plean cuimsitheach leagtha amach os a gcomhair le déileáil le fadhbanna na Gaeilge ina gceantar féin. Sin an rud a mhol na saineolaithe a chuir an tuarascáil teangeolaíochta le chéile blianta ó shin nuair a d’fhógair siad go mbeadh an Ghaeltacht marbh taobh istigh de 25 bliain múna raibh an pobal agus na húdaráisí sásta dul i ngleic leis na fadhbanna móra teangan thart orthu.

Ba chóir go mbeadh lúcháir orainn, mar sin, go bhfuil foirmeacha iarratais líonta isteach agus go roghnófar eagraíocht áitiúil le maoirseacht a dhéanamh ar phlean teangan don cheantar Gaeltachta seo. Ba chóir go mbeimis ag amharc chun tosaigh ar Ghaeltacht níos láidre, níos muiníní aisti féin, ag fás inár measc amach anseo.

Ach níl, mar níl fiacla ar bith ag an phlean teangan seo. Mar shampla de sin, amharcaimis ar an earnáil oideachais. Tá sé lárnach i bplean teangan go mbeadh polasaí cuimsitheach tomoideachais i bhfeidhm i gceantar Gaeltachta le páistí a spreagadh leis an Ghaeilge a labhairt agus leis an teanga a dhaingniú sa phobal. Ach níl dualgas ar bith ar scoil ar bith cloí le plean ar bith teangan a thiocfaidh isteach i gceantar ar bith nuair atá an próiseas seo críochnaithe.

Mar sin de, beidh eagraíochtaí pobail i ndiaidh foirm a líonadh isteach ag déanamh cur síos ar an ról lárnach a bheas ag an chóras oideachais i saol Gaelach an phobail agus fios acu nach mbeidh siad in ann an gné sin den phlean a chur i gcrích gan deá-thoil na bpríomhoidí uilig sa cheantar.

I ndáiríre, ní bheidh ann ach cur i gcéill.

Cur i gcéill. Sin téarma atá iontach coitianta anois i saol polaitiúil na Gaeilge. Dúirt Seán Ó Cuirreáin é nuair a d’fhógair sé go raibh sé ag éirí as a phost mar Choimisinéir Teangan. Dúirt sé nach raibh i bpolasaí Gaeilge achan rialtais, a bheag ná a mhór, ó bunaíodh an stát ach cur i gcéill, gur chuir siad reachtaíocht fríd an Dáil a dhéanfadh cinnte go mbeadh seirbhísí an stáit ar fáil ag muintir na Gaeltachta ina dteanga féin agus go mbeadh na seirbhísí sin ar fáil do phobal na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht i dteanga oifigiúil an stáit ach gur chuir siad an reachtaíocht chéanna ar an mhéar fhada sa dóigh is nár cuireadh i bhfeidhm mar is ceart riamh í.

Anois, tá an rud céanna ag tarlú, is cosúil, le athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus le Straitéis Fiche Bliain na Gaeilge. Cé gur gealladh dúinn go raibh an dá phíosa reachtaíochta idir lámha ag an rialtas le fada an lá, níl tasc ná tuairisc orthu. Tá an chuma air go bhfuil polasaí chur i gcéill an rialtais maidir leis an Ghaeilge buan seasmhach.

D’fhéadfadh duine a rá gur sin an t-aon pholasaí atá ag an rialtas seo, agus ag rialtaisí eile síos fríd na blianta. Nuair a smaoiníonn tú air, dá mba reachtaíocht rialtais an t-aon rud a raibh tú ag brath air leis an teanga a choinneáil slán, b’iontach an rud é go bhfuil Gaeltacht againn go fóill, nó go bhfuil duine ar bith ag labhairt i nGaeilge.

Cinnte, rinne Údarás na Gaeltachta a ndícheall le comhlachtaí a mhealladh chun na Gaeltachta, ach tá maolú millteanach déanta ar na cúraimí atá air agus tá sé suntasach nár tugadh mórán aird air nuair a d’fhógair Fiontraíocht Éireann an prótacal úr ar na mallaibh.

Nuair a dúirt Seán Ó Cuirreáin linn go raibh an Ghaeilge imeallaithe taobh istigh de chóras riaracháin an stáit, bhí an ceart aige. Agus nuair a lig an rialtas dó éirí as a phost gan cuid ar bith de na ceisteanna a thóg sé a thabhairt fána mbráid, b’ionann sin agus admháil gur theip ar a gcuid polasaithe maidir leis an Ghaeilge.

Anois tá an rialtas ag rá le heagraíochtaí pobail, atá ar bheagán acmhainní cheana féin, go gcaithfidh siadsan plean teangan a chur i bhfeidhm i measc a bpobal féin nuair atá sé soiléir nach bhfuil plean teangan ag an rialtas féin, nó nach bhfuil an toil pholaitiúil ann le cá bith plean atá acu a chur i bhfeidhm sa tír ar chor ar bith.

Bheadh agat le turas fada a chur ort sula gcasfaí a leithéid de chur i gcéill ort.

Posted in: Nuacht, Tuairim