Dul chun cinn á dhéanamh i bhfiosrú mharú bhleachtaire

Posted on Eanáir 29, 2014 le

1



nuacht agus cúrsaí reatha i nGaeilge

Agus é ag caint oíche Aoine ag ócáid i gcuimhne ar an Bhleachtaire Adrian O’Donohoe ag stáisiún na nGardaí i nDún Dealgán dúirt an Coimisinéir Martin Callinan go dtiocfadh cnag ar an doras chuig na gunnadóirí luath nó mall.

‘Coinnigh oraibh ag breathnú thar an gualainn’ ar seisean. ‘Tiocfaidh an cnag sin chugaibh.’

Dar leis go bhfuil an fiosrúchán ag dul go maith agus go leanfadh na Gardaí leis cibé acu go dtógfadh sé seachtain nó bliain chun teacht orthu sin a mharaigh an Garda O’Donohoe.

Agus  d’agair sé orthu sin thuaidh is theas a bhfuil eolas acu faoinar tharla teacht chun tosaigh nó go ndéanfadh an Garda iad a chosaint dá mba gá sin.

Tá tuairimíocht ann go bhfuil roinnt acu sin a bhí páirteach i marú an Gharda O’Donohoe thar lear anois agus go bhfuil an Garda ag comhoibriú le fórsaí eachtrannacha chun súl a choinneáil orthu. –

Amharc ar an alt bunaidh

Posted in: Nuacht