Eaglais Ceannaithe ag Cultúrlann Uí Chanáin

Posted on Eanáir 29, 2014 le

0



Tá an t-ionad Gaeilge agus cultúrtha, Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire tar éis an tseanEaglais Phreispitéireach ar MhórShráid Shéamais sa chathair a cheannach.

Tá pleananna ag an eagras í a úsáid mar chuid dá straitéis do cheathrú leathnaithe cultúrtha sa chathair.
 
Bhí an Eaglais, a raibh Eaglais na nAlbannach uirthi roimhe, i bhfeidhm ó 1837 go dtí gur bog an pobal chuig Cill Fionáin in 1982.  Tá an foirgneamh in anchaoi le blianta agus measadh é a bheith faoi phriacal.

Ag fáiltiú roimh an fhorbairt nua seo, ghabh Príomhfheidhmeannach na Cultúrlainne buíochas leo siúd uilig a chuidigh agus a thacaigh leis an tionscnamh seo.  Ghabh sé buíochas ar leith le Gníomhaireacht Timpeallachta TÉ agus le Ciste Infheistíocht na Gaeilge a rannchuidigh le ceannach an fhoirgnimh.  Dúirt sé go slánófaí forbairt na Gaeilge agus an Ghaelachais don ghlúin atá le teacht.

“Tá fís Ceathrú Cultúrtha lonnaithe thart ar Mhórshráid Shéamais ag teacht chun réalachais go tapaidh agus tá áthas orm go mbeidh muid ábalta dhá fhoirgneamh liostaithe a athchóiriú agus úsáid chultúrtha  bhaint astu.
 
“Tá foireann s’againne i dteagmháil le baill an Phobail Phreispitéirigh i gCill Fionáin agus bheadh súil againn nascanna a thógáil leo agus fáilte a chur rompu más mian leo cuairt a thabhairt ar an Eaglais.”
 
Duirt An tUasal Ó hEára nuair a bhog siad isteach sa Chultúrlann i mí Mheán Fómhair 2009 gur cheap siad go mbéadh go leor spáis ranga agus taibhithe acu ar feadh blianta fada le teacht ach laistigh den chéad dhá mhí dhéag bhí an t-éileamh ar na ranganna níos mó ná an spás a bhí ar fáil.  I mbliana tá níos mó ná 400 duine ag freastal ar ranganna Gaeilge, ar maidin, sa tráthnóna agus san oíche.  Ina theannta sin, tá beirt mhúinteoir fostaithe ag An Chultúrlann agus iad ag teagasc an Ghaelachais do thart ar 1,500 dalta i mbunscoileanna Béarla i ndúiche Dhoire.

Ón am a d’oscail an Chultúrlann, tá sí á húsáid ag craobh áitiúil Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus iad ag teagasc níos mó ná 200 duine gach seachtain.  Cuirtear ranganna sna huirlisí ceoil, céilithe agus damhsa ar an sean-nós ar fáil agus tá líon na ndaoine ag lorg teagaisc ag fás go tapaidh ó bhí Fleadh Cheoil stairiúil 2013 sa chathair.
 
“Is é an aidhm atá againn ná Acadamh don Cheol Traidisiúnta a aimsiú sa Mhansa athchóirithe chun níos mó spáis a chur ar fáil sa Chultúrlann le haghaidh tuilleadh ranganna Gaeilge. Tá caighdeán agus díograis ár gceoltóirí óga eisceachtúil, agus tá muid ag súil le conair ghairme sármhaitheasa a chruthú do cheoltóirí traidisiúnta sa chathair i gcomhpháirtíocht le Scoil an Cheoil ag Ollscoil Uladh. Tá sé de rún againn clár Féilte a fhorbairt i rith na bliana agus beidh an Eaglais lárnach sa phlean sin.
 
“Tabharfaidh ceannach na hEaglaise agus an Mhansa an deis dúinn níos mó ranganna agus cúrsaí a chur ar fáil. Cruthóidh sé seo spás do cheoltóirí, d’ealaíontoirí agus do Chlub Óige Setanta.”

Duirt sé go mbeidh siad ag obair le Comhairle Cathrach Dhoire, Oifig Forbartha an Iarthuaiscirt agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann chun an foirgneamh agus a ghníomhaíochtaí a fhorbairt don uas-acmhainneacht.
 

Posted in: Nuacht