Iasc Mór

Posted on Feabhra 3, 2014 le

0



Vernacularisms Gaeilge

Satharn álainn grianmhar ag tús mí Mheithimh atá ann agus tá mé ag tiomáint ar an Ormeau thar sean-oifig an phoist. Ar thaobh eile an bhealaigh mhóir, taobh amuigh den Bangla Bazar, tá beirt fhear ón Rómáin. Sna daicheadaí atá siad, is dócha, brístí dubha giobalacha agus seaicéid culaithe, snasta, gan dul lena chéile, orthu. Is é mo chomharsa é an fear blagaide leis an croiméal mar Saddam Hussein, trasna na sráide uaim, líon tí ghá thaghlach. Tá siad ag roinnt buidéal ollmhór fíona báine eatortha. Tá sé beagnach folamh. Coinníonn mo chomharsa greim ar a rothar lena lámh chlé, ag tógáil slogadh fada, tartmhar den bhuidéal. Tá an rothar aosta, le paistí meirge tríd an péint agus tá ciseán chun tosaigh idir na cluasa agus an roth. Ag gobadh aníos as tá iasc fíor-thoirtiúil. Tá na súile dubha marbha ag stanadh go fiata ar an saol beo thart air. Ní fios domh sort…

Amharc ar an alt bunaidh 629 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht