5 Lá go dtí an Lá Mór

Posted on Feabhra 10, 2014 le

0



Preasráiteas ó Chonradh na Gaeilge 

1613811_10153812133870644_1110903146_nTá 5 lá fágtha roimh LÁ MÓR NA GAEILGE agus tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta thuaidh theas ag eagrú ina threo le fuinneamh agus le díograis.

https://www.youtube.com/watch?v=MSB5TnDg6ic

Bhí cruinnithe áitiúla an-mhaith againn le seachtain anuas i nGaoth Dobhair, i gConamara, i gCathair Chorcaí agus i mBéal Feirste. Beidh cruinniú i mBaile Bhúirne anocht agus i gCill Mhichíl Dé hAoine.

Chomh maith leis na cruinnithe, tá scéal faighte againn go bhfuil busanna á n-eagrú ó na háiteanna seo a leanas don 15 Feabhra 2014:

·       Ard Mhacha

·        Béal Feirste

·        Boirche Íochtar / Dún Phádraig / Caisleán Uidhlín

·        Carn Tóchair

·        Cill Dara

·        Cill Dhéaglán

·        Corcaigh

·        Dún Chaoin

·        Gaillimh X 2 (cathair agus Conamara)

·        Gaoth Dobhair

·        Má Nuad

·        Ráth Chairn

·        Tiobraid Árann

·        Ba bhreá linn a chloisteáil ó aon ghrúpa atá ag eagrú bus!

1012078_10153829982280644_1032480273_nChomh maith leis sin ar fad, tá tacaíocht mhór á léiriú ag na scoileanna i mBaile Átha Cliath (go háirithe na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí) agus ag roinnt mhaith ceardchumann atá ag scaipeadh an scéil dúinn i measc a mballraíochta féin (INTO, BATU, IWU, OPATSI, Unite the Union agus IFUT go dtí seo).

Bheadh sé go hiontach dá bhféadfá iarracht sa bhreis a dhéanamh daoine a mhealladh chuig an lá mór sa chéad chúpla lá eile. Is cinnte go gcabhróidh líon an tslua leis an mbrú a chuirfear ar na Rialtais amach anseo lenár n-éilimh a bhaint amach.

Posted in: Nuacht