An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a Dó

Posted on Feabhra 12, 2014 le

3



Nuair a shealbhaigh an Rúis Impiriúil fóide dúchais na gCosacach, rinneadh saighdiúirí de chuid na hImpireachta díobh, cé gur fágadh féinrialtas áirithe acu. Ina dhiaidh sin áfach ba mhinic a chuirtí na Cosacaigh ag cloí ceannaircí agus ag gabháil réabhlóidithe. Nuair a thit mo thír féin, an Fhionlainn, leis an Rúis i dtús na naoú haoise déag, ní raibh mórán fágtha de sheansaoirse na gCosacach: le fírinne is é an tseachbhrí a bhí ag dul leis an bhfocal sin kasakka i bhFionlainnis mo mháthar móire ná searbhónta – searbhónta umhal de chuid an Impire, go bunúsach.

I ndiaidh chríochdheighilt na Polainne chuaigh an chuid ba mhó den Úcráin don Rúis, agus is é an tuiscint a bhí ag na hImpirí ar an Úcráin ná gur cuid den Rúis a bhí ann ó cheart, agus nach raibh i gceist leis an Úcráinis ach canúint Rúisise a raibh focail Pholainnise measctha tríthi. Níor cheadaigh na hImpirí go n-úsáidtí ainm na hÚcráine féin: Malorossiya nó an Mhion-Rúis a bhí uirthi go hoifigiúil san Impireacht.

TarasShevchenko

Ba é Taras Shevchenko (1814-1861) file náisiúnta na hÚcráine. Bhain sé amach dintiúirí an ealaíontóra sula ndeachaigh sé le filíocht, agus bhí caidreamh aige le Cumann Chiril agus Mheatóidias, cumann polaitiúil a bhí ag iarraidh tuilleadh saoirse a bhaint amach don Úcráin taobh istigh den Rúis Impiriúil. Choisc údaráis an Impire an cumann seo, agus díbríodh Shevchenko go dtí Omsk, i bhfad amach ón Úcráin. Deir an scéilín go raibh an tImpire beagnach sásta maithiúnas iomlán a thabhairt don fhile, ach ansin léigh sé dán scigiúil a tháinig ó pheann Shevchenko: ní dhearna sé ach gáire faoin dóigh a raibh an file ag spochadh faoisean, ach ansin tháinig fearg ar an Impire nuair a thosaigh an t-údar ag caitheamh anuas ar an mBanimpire. Choisc an tImpire ar Shevchenko, fiú, peann a chur ar phár nó bruis a chuimilt le canbhás fad is a d’fhanfadh an fear bocht ar díbirt – an chuid ba mhó den am ní bhíodh na séiléirí chomh dian sin, áfach. (Féinphortráid an fhile: Vicipéid an Bhéarla.)

Rud eile a bhí i ndán d’Iarthar na hÚcráine, do na críocha timpeall ar chathair Lviv (Polainnis: Lwów, Rúisis: Lvov, Gearmáinis: Lemberg, Fraincis: Léopol, Laidin: Leopolis). Leis an Ostair – le démhonarcacht na hOstaire agus na hUngáire — a thit an réigiún sin. Rinneadh ríocht ar leith taobh istigh den démhonarcacht de na críocha seo – Ríocht na Gailíse agus na Lodaiméire, nó Königreich Galizien und Lodomerien. Is gnách an Ghailís (Galizien, Galicia) a thabhairt ar an ríocht seo, cé nach bhfuil baint ar bith aici le cúige na Gailíse sa Spáinn.

Tagairt é an “Ghailís” do chathair Halych nó Halicz a bhí ina lárionad tábhachtach cumhachta agus cultúir fadó – níl ann inniu ach baile mór beag in aice le hIvano-Frankiv’sk san Úcráin. Maidir leis an “Lodaiméir”, leagan Laidinithe d’ainm na cathrach Volodymyr-Volyns’kyi (Polainnis: Włodzimierz-Wołyński, Rúisis: Vladimir-Volynskii) a bhí ann, ach le fírinne ní raibh an chathair áirithe sin suite i ríocht na Gailíse ar aon nós – bhí sí ar thaobh na Rúise den teorainn nua.

Cúige sách dealbh, sách dearóil ab ea an Ghailís, agus ní dhearnadh mórán forbartha ar a heacnamaíocht nuair a bhí Impire na hOstaire á rialú. Ón taobh eile de bhí tearmann ar fáil dá lán teifeach polaitiúil ansin, ó bhí Impireacht na hOstaire ní ba liobrálaí ná a lán stát eile san am. Mar a dúradh sa scéilín magaidh, bhí cead isteach ag an ngríosóir Sóisialach féin sa Ghailís, ó nach raibh lucht oibre ar bith ann a d’fhéadfadh sé a ghríosú, ná caipitlithe a bhféadfadh sé an lucht oibre sin (nach raibh ann) a ghríosú ina n-aghaidh.

Mar sin bhí an tsaoirse pholaitiúil réasúnta maith sa Ghailís, ach san am chéanna bhí an tírín á streachailt as a chéile ag na coimhlintí sainleasa idir na dreamanna éagsúla eitneacha. Bhí deighiltí sóisialta ag dul leis na deighiltí eitneacha ar ndóigh: tiarnaí talún ab ea na Polannaigh, nó cinnirí an phobail Pholannaigh ar a laghad, agus scológa a bhí sna hÚcránaigh.

Bhí na Polannaigh ag iarraidh a seanríocht a athbhunú, agus iad ag dul chun ceannairce ar an Impire Ostarach, fiú; na scológa Úcránacha áfach, ba é a ndearcadh-san gurbh é an tImpire fear a gcosanta ar shaint na dtiarnaí talún, agus iad sásta cuidiú leis na húdaráis na ceannaircí a chur faoi chois.

Tríd is tríd bhí seansanna cuibheasacha ag na hÚcránaigh a dteanga a fhorbairt faoi chumhacht an Impire Ostaraigh. Bhí cúiseanna polaitiúla leis sin: bhí an Rúis ag iarraidh a áitiú ar na hÚcránaigh nach raibh iontu ach Rúisigh agus nach raibh san Úcráinis ach canúint Rúisise. Ar ndóigh bhí sé ag freagairt do leas Impireacht na hOstaire béim a chur ar shaindúchas neamh-Rúiseach na nÚcránach.

Maidir leis an gcreideamh, bhí a lán de mhuintir Úcránach na Gailíse ina “gCaitlicigh Ghréagacha”, is é sin cé go raibh siad sásta ceannas an Phápa a admháil, chloígh siad le deasghnáthaí na hEaglaise Ortadocsaí. Bhí údaráis chreidimh na Rúise Impiriúla barúlach gurb í an Eaglais Chaitliceach Ghréagach an feillbheart ba chliste dár rith leis an Róimh riamh leis an Rúis a insíothlú, agus mar sin bhí an eaglais sin á géarleanúint ag na péas sa Rúis.

Sa bhliain 1917, tháinig an réabhlóid: ar dtús chuir Réabhlóid na Feabhra deireadh le cumhacht an tSáir, is é sin leis an Impireacht, agus tháinig poblacht nua ar an bhfód. Mar is eol dúinn, shealbhaigh na Boilséivigh an chumhacht sa phoblacht nua seo i Mí na Samhna den bhliain chéanna, i Réabhlóid Dheireadh Fómhair (de réir Fhéilire Iúil, ba í Mí Dheireadh Fómhair a bhí ann i gcónaí, ach de réir Fhéilire Ghréagóra, nach ndeachaigh in úsáid sa Rúis ach de thoradh na réabhlóide seo, ba í Mí na Samhna a bhí ann cheana féin).

Bhí an Úcráin ina machaire catha idir dreamanna armtha éagsúla: na Gearmánaigh, na hOstaraigh – ach faoin am seo bhí an Démhonarcacht féin ag titim as a chéile, agus na náisiúntachtaí éagsúla ag fógairt neamhspleáchais agus ag bunú poblachtaí dá gcuid féin – na Gardaí Bána (a bhí ag iarraidh an Impireacht a chur ar bun in athuair), na hAinrialaithe (arbh é Nestor Makhno a gcinnire), na Polannaigh, na Boilséivigh agus a lán eile. I dtús báire fógraíodh dhá phoblacht Úcránach beag beann ar a chéile, mar atá, poblacht na hÚcráine (Cív) agus poblacht Iarthar na hÚcráine (Lviv).

I gCív, bhí gluaiseacht an neamhspleáchais comhchruinnithe, ar dtús, sa Lár-Chomhairle nó Tsentral’na Rada, a bhí á stiúradh ag Mykhailo Hrushevs’kyi, fear mór léinn a bhí tar éis an chéad mhórleabhar staire a scríobh faoin Úcráin i dteanga na hÚcráine féin. (Níorbh eisean, áfach, an chéad staraí in Impireacht na Rúise a bhí in ann aitheantas a thabhairt don Úcráin mar ábhar taighde inti féin – ní mór an onóir sin a fhágáil ag Nikolay Kostomarov, mórstaraí na Rúise agus na hÚcráine a mhair sa naoú haois déag agus a bhfuil meas air sa dá thír inniu féin.) San Aontas Sóivéadach bhíodh na staraithe ag áitiú gur cineál comhcheilge de chuid na bpáirtithe buirgéiseacha a bhí i gceist leis an Lár-Chomhairle, ach i ndáiríre sórt parlaimint nó dáil réabhlóideach a bhí ann agus í sásta comhoibriú leis na Boilséivigh áitiúla le ruaig a chur ar na saighdiúirí Rúiseacha.

Kostomarov

Seo an staraí Rúiseach Nikolay Kostomarov (1817-1885). Rúiseach a bhí ann féin, ach san am chéanna bhí meas mór aige ar chultúr agus ar theanga na nÚcránach, agus é criticiúil go maith i leith anlathas agus thíorántacht na nImpirí Rúiseacha. Thug sé le fios, fiú, gurbh iad na hÚcránaigh lucht santaithe na saoirse, agus gurbh iad na Rúisigh cairde na daoirse, dar leis. Cuma chomh doirte is a bhí sé don Úcráin, ní raibh mórán luiteamais aige leis an Iarthar ná leis an eaglais Chaitliceach, áfach, nó fear mór crábhaidh agus creidimh a bhí ann agus é ina bhall dhílis d’Eaglais Ortadocsach na Rúise. Bhí sé mór le Shevchenko. (Ó Vicipéid an Bhéarla a tháinig an pictiúr.)

Ina dhiaidh sin féin bhí an Lár-Chomhairle míshásta le réabhlóid na mBoilséiveach, ó nach raibh ach míshuaimhneas agus cogadh cathartha le teacht as an réabhlóid sin, dar leis na polaiteoirí Úcránacha. Rinne na Boilséivigh san Úcráin cuid mhaith iarrachtaí rialtas Sóivéadach dá gcuid féin a chur ar bun sa tír, ach ní raibh siad ag aontú le chéile féin cá háit a mba chóir dóibh a leithéid de rialtas a lonnú, agus ba é ba toradh don ghníomhaíocht sin ná tuilleadh neamhord polaitiúil san Úcráin.

Cé go raibh an Chéad Chogadh Domhanda ag druidim chun deiridh, bhí na Gearmánaigh sách láidir in Oirthear na hEorpa i gcónaí, agus bhí na polaiteoirí neamh-Bhoilséavacha sásta dul ar lorg cuidiú ón nGearmáin. I Mí Aibreáin 1918 chuaigh Pavlo Skoropads’kyi i gceannas ar phoblacht Úcránach Chív le tacaíocht an airm Ghearmánaigh. Ginearál coimeádach de shliocht na gCosacach a bhí ann, agus is í an chéimíocht a bronnadh air ná Heatmán (hetman), is é sin ceannasaí Cosacach. (Leagan Rúisise den fhocal chéanna é ataman.)

Ní mó ná sásta a bhí na náisiúnaithe féin san Úcráin le ceapachán Skoropads’kyi, áfach, nó cé go raibh a theideal ar maos le cuimhní ó laethanta glórmhara na gCosacach, is é an cineál duine a bhí ann go bunúsach ná ginearál de chuid an tSáir, agus leis an tsean-Rúis Impiriúil ba mhó a rinne sé a chomhionannú. Ba í an Rúisis a theanga agus teanga a chuid airí rialtais. Bhí sé in ann síocháin agus cobhsaíocht áirithe a sholáthar don stát, ach san am chéanna bhí coup d’état eile ar na bacáin.

I Mí na Samhna 1918, nuair a bhí an cogadh briste ar an nGearmáin agus na trúpaí Gearmánacha ag cúlú ón Úcráin, d’fhorghabh Symon Petliura an chumhacht i gCív agus chuir sé deireadh leis an Heatmánacht le poblacht na hÚcráine a athbheochan. Bhí seisean go mór mór i dtuilleamaí na tacaíochta ón bPolainn a bhí direach tar éis a neamhspleáchas a fháil ar ais. Níor leor an tacaíocht sin, áfach, leis an bpoblacht a choinneáil beo, agus í ag cur cogaidh ar na Boilséivigh agus ar na Gardaí Bána san am chéanna. B’éigean do Petliura teitheadh go dtí an Pholainn i ndeireadh na bliana 1919 agus conradh a shocrú leis na Polannaigh. Sa chonradh sin bhí sé sásta an Ghailís a fhágáil ag an bPolainn dá dtiocfadh leis féin poblacht neamhspleách a dhéanamh de chuid “Rúiseach” na hÚcráine.

Simon Petliura

Symon Petliura faoi éide chatha. Tabhair faoi deara na siombailí Úcránacha ar a choiléar. (Ó Vicipéid an Bhéarla a tháinig an pictiúr seo.)

Ina dhiaidh sin, bhí na Polannaigh agus trúpaí Úcránacha de chuid Petliura ábalta Cív a shealbhú i Mí na Bealtaine 1920, ach rinne na Polannaigh praiseach de thaobh pholaitiúil an bhua seo: na trúpaí a rinne an chéad iontráil sa chathair ba Pholannaigh iad, agus nuair a cheiliúir na Polannaigh seo an bua le paráid mhór ar Khreshchatyk, príomhshráid Chív, is é an chiall a bhain muintir na háite as nach raibh i gceist ach gabháltas coimhthíoch eile ar an gcathair.

Thuig na Polannaigh a mbotún ina dhiaidh sin agus ghéill siad an chathair do thrúpaí Phetliura, ach má ghéill féin bhí an mordadh déanta: bhí taoide an chogaidh casta anois, agus na Boilséivigh ag ascnamh i dtreo Chív go tiubh teirimeach. Sé seachtaine i ndiaidh dóibh an chathair a ghabháil b’éigean do na Polannaigh agus do lucht leanúna Phetliura Cív a fhágáil ag na Boilséivigh. Sa deireadh, d’éirigh leis na trúpaí Boilséiveacha na Polannaigh a ruaigeadh as an Úcráin ar fad, agus ní raibh na Polannaigh in ann an t-ionsaí Boilséiveach a stopadh ach go gairid roimh Vársá, i ndeireadh an tsamhraidh sa bhliain 1920.

Maidir le Petliura, chaith sé deireadh a shaoil ar díbirt is ar deoraíocht agus é ag iarraidh an cultúr Úcránach a chur chun cinn a fhad agus ab fhéidir le hémigré sin a dhéanamh. Maraíodh i bPáras sa bhliain 1926 é. Giúdach Úcránach ab ea an marfóir, Sholom Shvartsbard, agus nuair a ghabh na póilíní Francacha é, dúirt sé go raibh Petliura freagrach as pograim – géarleanúintí ar na Giúdaigh san Úcráin – i rith an chogaidh agus nach raibh sé ach ag baint sásamh a mhuintire as Petliura. Chreid an coiste cúirte é, agus scaoileadh saor é sa deireadh – bhí an fear bocht ag saothrú an bháis pé scéal é.

Is féidir dhá léamh a bhaint as an scéal seo. Is é an léamh frith-Shóivéadach ná nach raibh Petliura freagrach as aon chineál pogram agus nach raibh i Shvartsbard ach spiaire Sóivéadach, agus go raibh na Sóivéadaigh dírithe ar Phetliura a mharú toisc go raibh siad buartha faoina ghníomhaíocht ar son na hÚcráinise agus an Úcránachais thar lear, agus iad inbharúla go raibh an ghníomhaíocht sin ag bagairt ar an gcumhacht Shóivéadach san Úcráin.

Maidir leis na Sóivéadaigh, ba é an cur síos a tugaidís-san ar Phetliura nach raibh ann go bunúsach ach náisiúnaí gránna gangaideach agus é ag cothú naimhdis idir na Rúisigh agus na hÚcránaigh gan trácht ar an bhfrith-Ghiúdachas. Mar is gnách, bhí an fhírinne idir eatarthu.

Dealraíonn sé nach raibh sé ina fhrith-Ghiúdach go pearsanta, ach san am chéanna, tá an chuma ar an scéal go ndeachaigh saighdiúirí dá chuid ag marú agus ag céasadh Giúdaigh ó am go ham, ach is dócha gurbh iad traidisiún an fhrith-Ghiúdachais sa Rúis agus san Úcráin agus an easpa disciplíne araon ba chúis leis seo.

An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a hAon

Posted in: Nuacht