An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a hAon

Posted on Feabhra 12, 2014 le

1



Ó chuaigh coimhlint inmheánach na hÚcráine i ngéire le déanaí, is dócha nach miste dom cúpla focal a rá i dtaobh na tíre sin. Ní féidir liom a mhaíomh gur saineolaí mise, ach ar a laghad tá cur amach éigin agam ar Oirthear na hEorpa fré chéile. Ar dtús, caithimis súil ar ainm na tíre. Is éard is brí leis ná tír chois teorainn, agus ceart go leor bhí an Úcráin dingthe idir an Rúis agus an Pholainn riamh.

An teanga a labhraítear san Úcráin is teanga Shlavach í agus mar sin is féidir leis an bPolannach agus leis an Rúiseach araon a lán céille a bhaint aisti – i ndiaidh an iomláin tá na teangacha Slavacha go léir an-chosúil le chéile. D’fhéadfá a rá go bhfuil an Úcráinis idir eatarthu idir an Pholainnis agus an Rúisis, ach is róshimpliúchán an méid sin – tá rudaí san Úcráinis nach bhfuil ar fáil sa dá theanga eile, go háirithe an dóigh a ndéantar i den o nó e faoi bhéim. Déantar h den g sa chaint, agus mar sin theastaigh ó na hÚcránaigh litir nua a thabhairt isteach san aibítir Choireallach le freastal ar an bhfuaim g sna focail iasachta.

Slavaigh Oirthearacha iad na hÚcránaigh, rud a chiallaíos go bhfuil dlúthghaol teanga agus staire acu leis na Rúisigh seachas na Polannaigh. An chéad stát tábhachtach a bunaíodh i dtailte na Slavach Oirthearach – an chéad Rúis mar a déarfá – ba é stát Chív é, is é sin, an stát sean-Rúiseach arbh é Cív a phríomhchathair. Is é Cív príomhchathair na hÚcráine inniu. Ba iad na Lochlannaigh – na hUigingigh, nó na Vairiagaigh (ó væringjar na Lochlainnise) – a bhunaigh stát Chív, nó Garðaríki, mar a thugaidís air ina dteanga féin.

Deir Croinic Neastóir, nó Povest’ vremennykh let (“Scéal na Laethanta a Bhí”), leabhar staire a scríobhadh i gCív i dtús na dóú haoise déag, gur thug na treibheacha Slavacha agus Finne-Úgracha cuireadh do na Lochlannaigh: “Tá ár dtír saibhir”, a dúirt siad, “ach níl síocháin ar bith ann. Tagaigí anseo go rialaí sibh sinn.” Scéal é a chuirfeadh Diarmuid na nGall i gcuimhne duit, cinnte!

Oibleagáideach go leor tháinig na Lochlannaigh. Sa bhliain 862 bhunaigh an Lochlannach Riúiric (sin é an leagan Rúisise; Hrærekur a bheadh air in Íoslainnis an lae inniu, arb í an teanga is cóngaraí don tSean-Lochlainnis dá labhraítear go fóill, agus is dócha go bhfuil sé gaolmhar le Ruairí na Gaeilge) stát Uigingeach i Novgorod, nó Hólmgarður, agus i ndeireadh na naoú haoise d’athraigh a chomharba Oleg (Lochlainnis: Helgi) an phríomhchathair ó Novgorod go Cív.

Ba iad muintir Riúiric a rialaigh i gCív mar rítheaghlach go dtí gur thosaigh an ríocht ag titim as a chéile i ndeireadh na haonú haoise déag. Idir an dá linn chuaigh muintir Chív le Críostaíocht, nuair a ghlac an prionsa Vladimir Mór leis an gcreideamh nua i ndeireadh na deichiú haoise. Bhí iarsmaí stát Chív á rialú ag prionsaí éagsúla a raibh lúb éigin ghaoil acu le muintir Riúiric.

Sa tríú haois déag bhí na Polannaigh agus na Liotuánaigh ag cur cogaí ar an Mathshlua Órga, canacht láidir Mhongólach-Thurcach a bhí ag bagairt ar an Eoraip san am – Golden Horde a thugas an Béarla ar an gcanacht seo – agus shealbhaigh an Pholainn agus an Liotuáin tailte Chív scun scan ar chúiseanna straitéiseacha, le go mbeadh sciath chosanta acu ar an Mathshlua Órga.

Faoin am seo a chuaigh an Pholainn agus an Liotuáin le chéile mar stát, nó ba san aois chéanna a rinneadh rí na Polainne den phrionsa Liotuánach Jogaila (Polainnis: Jagiełło). Ba é Jogaila a chuir tús le síol Jagiełło, rítheaghlach a bhí ag rialú na Polainne go dtí an bhliain 1572. Ní raibh i gceist ag Jogaila agus a chuid comharbaí ar dtús ach aontas pearsanta. Cumascadh an Pholainn agus an Liotuáin go deifnideach sa bhliain 1569, nuair a fógraíodh Aontas Lublin (shínigh maithe agus móruaisle an dá thír an conradh i Lublin, atá suite in oirthear na Polainne de réir theorainneacha an lae inniu).

Chuir an tAontas seo tús le Comhlathas na Polainne agus na Liotuáine, cineál poblacht cé nach raibh ceart vótála ach ag na huaisle. Rzeczpospolita an focal mór Polainnise a thagraíos don chomhlathas seo, focal nach bhfuil ann ach aistriúchán cruinn ar res publica na Laidine. Ba í an Pholainnis teanga na cumhachta sa démhonarcacht seo, agus chuaigh uaisle na Liotuáine féin chun Polannachais go sciobtha.

Le fírinne is féidir a rá go raibh an Pholainnis ní b’fhaiseanta sa chuid Liotuánach den Chomhlathas, ó nach raibh sí ach ag na daoine uaisle ansin, agus iad an-mhórtasach as an teanga ghalánta sin. Sa leath Pholannach áfach, ba iad an Laidin agus an Fhraincis a sheasaíodh don uasalaicmeachas.

Na tailte arb iad an Bhealarúis iad inniu, bhí siad á rialú mar chuid den Liotuáin. Le fírinne, thugtaí “Liotuáinis” ar an mBealarúisis ar feadh i bhfad, ó ba í teanga an tromlaigh í sa tsean-Liotuáin. Thit an Úcráin leis an “gCoróin”, is é sin, leis an bPolainn, agus í á rialú mar chúige Polannach. Chuaigh an Pholainnis agus an chumhacht Pholannach i bhfeidhm ar an Úcráin, agus ní mó ná sásta a bhí cuid de mhuintir na hÚcráine. Go háirithe, thosaigh na Cosacaigh ag dul chun cearmansaíochta.

Ach anois, cérbh iad na “Cosacaigh”? Focal é a chastar orainn go minic i stair na Rúise, na hÚcráine agus na Polainne, ach is deacair é a mhíniú go sásúil do mhuintir Iarthar na hEorpa. Níltear róchinnte cárbh as ar tháinig na Cosacaigh an chéad uair, ach is é an chéad scéal a chuala mé féin gur scológa Slavacha a bhí iontu a chuaigh ar a seachnadh ó na tiarnaí talún a bhí ag iarraidh seirfigh a dhéanamh díobh.

Repin Cosacaigh
Taispeánann an pictiúr seo Cosacaigh ag scríobh litir scigiúil chuig Sabhdán na Tuirce. Deir an finscéal gur impigh Sabhdán na Tuirce Mehmet a Ceathair ar na Cosacaigh éirí as a bheith ag síorionsaí a chuid saighdiúirí agus umhlaíocht a mhionnú dó. Mura ndéanfadh, – a bhagair Mehmet, – ba dóibh féin ba mheasa. Ní bhfuair Mehmet ach freagra scigiúil dúshlánach lán maslaí. – Ba é an t-ealaíontóir Rúiseach Ilya Repin (1844-1930) a phéinteáil an pictiúr clúiteach seo faoi dheireadh na naoú haoise déag. Cosúil lena lán Rúiseach san am bhí sé go mór mór faoi dhraíocht na gCosacach, agus chreid sé go daingean i miotas na gCosacach mar lucht saoirse. Bhí dáimh aige leis an gcosmhuintir agus é ag cur suime i dtraidisiún na cosmhuintire, agus mar is léir ón bpictiúr seo fuair sé tábhachtach a phearsantacht agus a charachtar féin a fhágáil ag gach duine a bhí le feiceáil ina chuid canbhás leathan. Bhí baint aige le Cumann na nEalaíontóirí Taistil, nó na Peredvizhniki. Bhí taispeántais taistil ag na healaíontóirí seo agus iad ag iarraidh a gcuid pictiúr a chur ar fáil don chosmhuintir. (Ó Vicipéid an Bhéarla a tháinig an pictiúrchomhad.)

Pé scéal é bhí cónaí orthu i bpobail leath-neamhspleácha agus saol an fhoghlaí acu. Labhraídís canúintí Úcráinise nó canúintí deisceartacha Rúisise, agus focail dá gcuid féin acu a fuair siad ó na teangacha Turcacha nó Cúgasacha, nó bhí siad go mór mór faoi thionchar chultúrtha na dtreibheacha a labhraíodh na teangacha sin. Bhí inneall cineál míleata acu orthu féin, agus tháinig ainmneacha na gcéimeanna míleata ó na teangacha Turcacha.

Rud nach gcuireann iontas ar aon duine é go ndearnadh an-idéalú ar na Cosacaigh i saothar liteartha na scríbhneoirí rómánsúla Rúiseacha agus Úcránacha araon, agus gurbh é an Cosacach siombail na saoirse sa dá náisiún. Inniu féin cantar in amhrán náisiúnta na hÚcráine:

“…І покажем, що ми, браття, козацького роду!”

(“…i pokazhem, shcho my, brattya, kozats’koho rodu!”)

“…Agus taispeánfaidh muid, a bhráithre, gur de phór na gCosacach sinn!”

Bhí Cosacaigh na hÚcráine ina ngéillsinigh dhílse do ríthe na Polainne ar dtús, ach de réir a chéile chuaigh an caidreamh idir iad agus coróin na Polainne chun donais, agus thosaigh na Cosacaigh ag caitheamh taobhshúile ar an Rúis mar chomhghuaillí. Ba é ba chríochthoradh don spallaíocht seo gur bhain an Rúis a leas féin ag na Cosacaigh leis an Rzeczpospolita a laghdú, agus sa deireadh chuaigh críochdheighilt ar an bPolainn-Liotuáin nuair a roinn an Ostair, an Phrúis agus an Rúis eatarthu féin í.

Ní mór a lua go raibh na Giúdaigh thíos go mór le ceannaircí na gCosacach sa Pholainn. Ag éirí amach in aghaidh na n-uasal Polannach dóibh ba nós leis na Cosacaigh pobail Ghiúdacha a ionsaí agus a scrios. Bhí pobail Ghiúdacha coitianta go maith sa Pholainn agus san Úcráin go dtí an fichiú haois, ós rud é go raibh an tsean-Pholainn i bhfad ní ba chaoinfhulangaí i leith na nGiúdach ná tíortha Iarthar na hEorpa, agus nuair a bhí na pograim mhóra ar siúl san Iarthar sa Mheánaois, thug na Giúdaigh aghaidh ar an bPolainn áit a raibh síocháin ar fáil dóibh san am.

Is é an dearcadh a bhí ag na Cosacaigh, áfach, go raibh na Giúdaigh ag comhoibriú leis na huaisle Polannacha ar bhealach éigin. D’fhéadfá a rá go raibh cuid áirithe den cheart acu. Deir an staraí Sasanach Norman Davies i gceann de na leabhair iontacha a scríobh sé faoi stair na Polainne nach raibh dlíthe na tíre ró-chaoinfhulangach i leith na nGiúdach i ndiaidh an iomláin. Ba é éirim an scéil, a deir Davies, ná go raibh na dlíthe sin curtha ar ceal le gach cineál pribhléidí, conarthaí agus socruithe áitiúla nó réigiúnacha a bhí ag lucht ceannais na bpobal Giúdach leis na huaisle.

Mar sin, is fearr gan na Cosacaigh a idéalú nó creidiúint a thabhairt do na finscéalta rómánsúla fúthu. Thairis sin, cé go raibh clú rómánsúil na saoirse orthu, is féidir a rá gur iompaigh siad ina gcúigiú colún de chuid na Rúise a chuir cobhsaíocht inmheánach na Polainne ó mhaith, ionas go raibh an Rúis, an Ostair agus an Phrúis in ann neamhspleáchas na Polainne a chur ar ceal i ndeireadh na hochtú haoise déag agus an tír a chríochdheighilt eatarthu. Lena gceart a thabhairt do na Cosacaigh, bhí cuid mhór den mhilleán ar arduaisle na Polainne féin, nó bhí a lán acu sásta dílseacht a mhionnú don Rúis agus a bheag a dhéanamh dá náisiún féin.

An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a Dó 

Posted in: Nuacht