Dearg Le Fearg!

Posted on Feabhra 12, 2014 le

0



Pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta Ag Siúl Le Chéile Chun Cothrom na Féinne A Lorg ó na Rialtais
Preasráiteas ó Chonradh na Gaeilge.

Tá cothrom na Féinne á lorg ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag Lá Mór na Gaeilge, ceiliúradh agus mórshiúl ollmhór ar son chearta teanga arna comhordú ag Conradh na Gaeilge, ag tosú ag an nGairdín Cuimhneacháin, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath ar 2.00in Dé Sathairn, 15 Feabhra 2014.

An sprioc atá le Lá Mór na Gaeilge ná lucht labhartha na Gaeilge agus iad siúd le dea-mhéin don teanga a spreagadh chun an Ghaeilge a cheiliúradh go feiceálach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, chun seasamh a ghlacadh ar son a gceart teanga, agus chun tacaíocht an mhórphobail don Ghaeilge a léiriú do na Rialtais thuaidh theas.

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá sé mar sprioc ag Lá Mór na Gaeilge brú a chur ar na Rialtais an tábhacht agus an luach a bhaineann leis an teanga don tír a aithint, móide aitheantas a thabhairt don fhíric go bhfuil grá ag móramh ar oileán na hÉireann don Ghaeilge, agus chuige sin tá lucht an lae mhóir ag lorg cothrom na Féinne don teanga.”

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Níl pobal na Gaeilge agus Gaeltachta thuaidh theas sásta le ceachtar an dá Rialtas mar gheall nach bhfuil siad ag tacú leo nó ag soláthar cosaint dhlí shásúil dá gcearta bunúsacha daonna lena dteanga a úsáid. Tá muintir an oileáin ag bailiú le chéile ar 15 Feabhra 2014 agus ag siúl ar son a gceart leis an teanga a úsáid thuaidh agus theas.”

Beidh péinteáil aghaidheanna agus ceol ó leithéidí Seo Linn, Kíla agus Na Fíréin ar fáil mar shiamsaíocht do na teaghlaigh ar fad a bheidh i láthair, agus tá bratacha agus éadaí dearga á gcaitheamh Dé Sathairn mar shiombail go bhfuil an pobal Dearg Le Fearg le heaspa tacaíochta an dá státchórais don teanga.

Tá busanna le lucht tacaíochta na Gaeilge ó cheithre airde na hÉireann ag teannadh ar Bhaile Átha Cliath do Lá Mór na Gaeilge ar 15 Feabhra 2014 as An Srath Bán, Co. Thír Eoghain; Ard Mhacha; Béal Feirste; Boirche Íochtar / Dún Phádraig / Caisleán Uidhlín, Co. an Dúin; Carn Tóchair, Co. Dhoire; Cathair Dhoire; Cill Dara; Cill Dhéagláin, Co. na Mí; Cluain Eois, Co. Mhuineacháin; Corcaigh; Dún Chaoin, Co. Chiarraí; Dún Dealgan, Co. Lú; Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain; Má Nuad, Co. Chill Dara; Conamara agus cathair na Gaillimhe; Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall; Ráth Chairn, Co. na Mí; agus Tiobraid Árann (*sonraí na mbusanna ar fáil thíos).

Tá Lá Mór na Gaeilge á eagrú sna sála ar fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin, Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé ag éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014 mar gheall ar easpa tacaíochta an Rialtais ó dheas do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Cuireadh dlús leis an bhfeachtas chun cearta daonna a bhaint amach nuair a foilsíodh tuairisc Chomhairle na hEorpa ar 16 Eanáir 2014, áit a luaitear go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont, agus easpa thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga, agus é roimh Choistí Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge:

“D’ainneoin tacaíocht ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír don teanga, tá sí á ruaigeadh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán phoiblí […]. An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.”

Bunaithe ar mholtaí an Choimisinéara Teanga agus ó chruinnithe poiblí timpeall na tíre, is iad na héilimh atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus ag lucht Lá Mór na Gaeilge le ceart agus comhionannas a bhaint amach don teanga ná:

  • Seirbhís stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016;
  • Seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla;
  • Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh;
  • Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú in 2014;
  • Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus
  • An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh.1653947_222311007954756_480215562_n
Posted in: Nuacht