How to tell if you’re an American

Posted on Feabhra 13, 2014 le

0



's mise Ciara, seo mo bhlag!

Níl caption ag teastáil….

Dhiúno, tá an t-adh orainn in Éirinn – níor chuala mé duine ag rá riamh nach bhfuil cultúr againn. Is treibh ársa muid, le teanga ar leith, ceol ar leith, agus traidisiúin ar leith. Tá féiniúlacht againn.

Ach is éasca dom é sin a rá. Feicim na mion-éagsúlachtaí idir ár gcultúr agus cultúr tíortha eile.

Is féidir talamh slán a dhéanamh de go smaoiníonn tromlach an domhain ar Guinness, seamróga, agus leipreacháin nuair a chloiseann siad ‘Ireland’.

Gnáth-Éireannach

Is é sin an Theme Park Version. Is iad na rudaí éagsúla pioctha agus leagtha amach chun Na Rudaí Éagsúla a thaispeáint.

Ní íomhá bhréagach é sin i ndairíre, ach íomhá bhunúsach agus easnamhach. Measaim go dtuigeann na daoine sin go bhfuil níos mó leis an tír seo, cé nach bhfuil ach steiréitíopaí ar eolas acu.

Sa bhealach céanna, nuair a chloisetear ‘an Fhrainc’, músclaítear íomhánna de bhuidéil…

Amharc ar an alt bunaidh 600 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht