“10,000” ar an mhórshiúil mór

Posted on Feabhra 17, 2014 le

0



Preas-ráiteas ó Mhisneach

Mhairseáil na mílte ar shráideanna lár na cathrach i mBáile Atha Cliath ar an satharn agus iad ag agóidíocht in éadan neamart an dá Rialtas, thuaidh agus theas, maidir le cearta Gaeilge do lucht na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta.
Bhailigh 10,000 duine ag an mhórshiúil a thosaigh ag na Gáirdín Chuimhneacháin i gCearnóg Parnell agus a chuiagh sios Sráid Uí Chonaill sular bhailigh sé os comhair Dáil Éireann, áit ar spreag Seo Linn, Kila agus na Fíréin na sluaite.

Bhí a lán don lucht agóidíochta ag caitheamh dearg le taispeáint go raibh sias ‘Dearg le Fearg’, agus iad ag éisteacht le roinnt cainteoirí a rinne cáineadh láidir ar an easpa seirbhísí trí Ghaeilge, an séanadh cearta do phobal na Gaeilge, agus an diultú leanúnach chun Acht Gaeilge a reachtú ó thuaidh.

Eagraithe mar cheiliúradh ar an teanga ar shráideanna Bhaile Atha Cliath, mheall Lá Mór na Gaeilge rannpháirtithe ó fud fad an oileáin chun an scaifte is mó a mhealladh chuig an phríomchathair le haghaidh agóid Ghaeilge ó bhí 2004 ann.
D’eagraigh Misneach Bhéal Feirste bus 52 suíochán ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich a bhí pacáilte le Gaeil óga. Ag eascairt ón léirsiú, fograíodh go mbeidh mórshiúil don chineál céanna i mBéal Feirste ar an 12 Aibreán 2014 le háird a dhiriú ar an séanadh cearta teanga ó thuaidh.

Beidh cruinniú poiblí ag an Grúpa Oibre feachtasaíochta ar an cheadaoin bheag seo, 19 Feabhra ag a 7 sa Chultúrlann i mBéal Feirste. Fáilte roimh chách…

Posted in: Nuacht