Busanna ag dul go dtí Mórshiúil Chonamara

Posted on Feabhra 19, 2014 le

0



Preasráiteas ó Thuismitheoirí na Gaeltachta 

Beidh mórshiúl ar bun ar an Domhnach 23 Feabhra i gConamara mar chuid den fheachtas ar son cearta teanga sa nGaeltacht.

Cuirfear tús leis an mórshiúl ag Oifig an Choimisinéara Teanga, An Spidéal ag 2 a chlog. Beidh an slua ag siúl as sin go Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta sna Forbacha.

Mar is eol daoibh ar ndóigh, beidh an coimisinéir teanga reatha Seán Ó Cuirreáin ag éirí as a chuid cúramaí ar an lá céanna.

D’fhreastail 10,000 duine ar an mórshiúl a bhí ar bun i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine agus súil anois le tacaíocht mhór ó mhuintir Chonamara.

Beidh busanna á gcur ar fáil ó Charna, Ros Muc, Camas, Na hOileáin, An Cheathrú Rua agus áiteanna eile ar an mbealach ag brath ar éileamh. Costas €5 an duine/€10 ar theaghlach. Tuilleadh eolais ó tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com nó 087 3382885

Posted in: Nuacht