An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a Trí

Posted on Feabhra 22, 2014 le

3



I ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda bhí an saol an-éagsúil le chéile san Úcráin ar an dá thaobh den teorainn. San Aontas Sóivéadach rinneadh poblacht Shóivéadach de na tailte Úcránacha, agus i dtús na cumhachta Sóivéadaí bhí an chuma ar an scéal go raibh teanga agus cultúr dúchasach na nÚcránach ag déanamh an-dul chun cinn. Bhí polasaí na “dúchasaíochta” nó korenizatsiya i bhfeidhm i bpoblachtaí náisiúnta an Aontais Shóivéadaigh sna fichidí, níorbh eisceacht í an Úcráin. Bhláthaigh an Úcráinis sna nuachtáin agus sa Pháirtí féin, agus na mílte scológa nach raibh ceá ná ciú acu roimhe sin d’fhoghlaim siad an dóigh lena dteanga dhúchais a léamh is a scríobh.

Ucrainis

Seo sampla den Úcráinis scríofa. Fógrán earcaíochta saighdiúirí ó laethanta Chogadh Cathartha na Rúise i dtús na bhfichidí. “Synu! Vstupy do shkoly chervonykh starshyn i zakhyst Radyans’koyi Ukrayiny zabezpechen.” (“A mhic! Téigh ar scoil na sáirsintí dearga agus beidh cosaint na hÚcráine Sóivéadaí cinntithe.”) Dá mbeadh Rúisis ann, bheadh na focail “Syn! Vstupi v shkolu krasnykh starshin i zashchita Sovetskoy Ukrainy obespechena” ann. Tabhair faoi deara go bhfuil tuiseal gairmeach ar leith san Úcráinis (syn “mac”, synu “a mhic!”) agus go bhfuil focail áirithe cosúil leis an bPolainnis (chervonyi “dearg”, cf. czerwony na Polainnise agus krasnyi na Rúisise). Cuid de na focail áfach níl siad cosúil leis an bPolainnis ná leis an Rúisis (ar nós zakhyst “cosaint [náisiúnta]”, cf. zashchita na Rúisise agus obrona na Polainnise). Radyans’kyi an focal Úcráinise a chiallaíos “Sóivéadach”, cf. rada “comhairle” – Rúisis: sovet. Comhairlí lucht oibre agus saighdiúirí a bhí i gceist leis na “sóivéidí” ar dtús. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Scéal eile fós go ndeachaigh a lán iarbhall ó pháirtí na mborot’bisty i bPáirtí Cumannach na hÚcráine Sóivéadaí. Tá an focal sin borot’bist bunaithe ar borot’ba na hÚcráinise (bor’ba a deir an Rúisis), “cath, troid”, agus an iarmhír idirnáisiúnta -ist curtha leis. Is éard a bhí i gceist le páirtí na mborot’bisty ná páirtí Sóisialach Réabhlóideach na hÚcráine, nó, le fírinne, páirtí neamhspleách a tháinig chun saoil nuair a chuaigh scoilt ar na Sóisialaithe Réabhlóideacha san Úcráin.

Gluaiseacht ollmhór pholaitiúil ab ea na Sóisialaithe Réabhlóideacha sa tsean-Rúis agus iad ag díriú ar na scológa le tacaíocht a mhealladh. Cé go raibh suim ag smaointeoirí áirithe de chuid na gluaiseachta sa Mharxachas ní raibh clár oibre Marxach ag na Sóisialaithe Réabhlóideacha, agus ní raibh cás an lucht oibre sna monarchana ina leannán smaointe acu: ina áit sin, chuir siad an bhéim ba mhó ar cheist na talún, agus iad barúlach go mba chóir na tailte a athroinnt go díreach ar na scológa, seachas comhsheilbhíocht a dhéanamh den talamh agus calchais (feirmeacha comhsheilbhíochta) a bhunú, mar a theastaigh ó na Boilséivigh a dhéanamh.

Bhí smaointeachas na Sóisialaithe Réabhlóideacha fréamhaithe go domhain in ithir an dúchais Rúisigh, nó ba í gluaiseacht na bpobalóirí – na Narodniki – sa naoú haois déag a thug an chéad spreagadh dóibh. Bhí na pobalóirí Rúiseacha inbharúla gur chóir saoirse mhuintir na Rúise a bhunú ar thraidisiúin na tuaithe, agus nach raibh gá ceart leis an gcaipitleachas ná leis na cathracha féin: tír curadóireachta agus feirmeoireachta a bhí sa Rúis, a d’áitigh siad, agus ní raibh sí i gcall an chineál Sóisialachais a bheadh bunaithe ar lucht oibre na tionsclaíochta.

Traidisiún láidir dúchasach Sóisialachais agus réabhlóideachais ab ea sóisialachas na tuaithe sa Rúis, agus bhí a thionchar le haithint ar an gcuid ba mhó de ghrúpaí réabhlóideacha na tíre – na Boilséivigh san áireamh – cé gurbh iad na Sóisialaithe Réabhlóideacha príomhoidhrí idé-eolaíocha na pobalóireachta. Le fírinne b’éigean do na Boilséivigh dul i gcomhghuaillíocht le heite chlé na Sóisialaithe Réabhlóideacha le linn chogadh cathartha na Rúise, ach nuair nach raibh a gcabhair ag teastáil a thuilleadh, chuaigh géarleanúint orthu.

Bhí an-ról ag na hiar-bhorotbisty i bhfeidhmiú an pholasaí “dúchasaíochta” san Úcráin, ach nuair a d’éirigh le Stailín stádas an deachtóra a bhaint amach, thosaigh sé ag aithint “naimhde” agus “gníomhairí rúnda” anseo agus ansiúd sa pháirtí Chumannach féin. Ar ndóigh ó bhí na hiar-bhorotbisty ag fabhrú don Úcráinis agus cúlra acu i ngluaiseacht an tsóisialachais tuaithe, bhí siad go mór mór thíos le purguithe Stailín. Cuireadh “náisiúnachas buirgéiseach” ina leith, agus básaíodh iad. San am chéanna maraíodh a lán kobzary freisin – is é sin cineál amhránaithe tíre, seanchaithe dalla a chanadh laoithe eipiceacha béaloidis. Bhí an chuma ar an scéal go raibh Stailín ag iarraidh na traidisiúin náisiúnta go léir sna poblachtaí Sóivéadacha a chur de dhroim an tsaoil.

Thairis sin ba í an Úcráin an chuid den Aontas Shóivéadach ba mhó a bhí thíos le feachtas comhsheilbhíochta na talmhaíochta. Is éard a bhí i gceist leis an gcomhsheilbhíocht ná gur cuireadh d’fhiacha ar na scológa éirí as feirmeoireacht phríobháideach agus aistriú go calchais (Rúisis: kolkhozó na focail kollektivnoe khozyaistvo, is é sin “eacnamaíocht chomharsheilbhe”).

Cuid de pholasaí na comhsheilbhíochta ab ea an “dí-Chulacú”. Focal Rúisise é kulak a chiallaíos “dorn dúnta”; thugtaí “Culacaigh” ar na “feirmeoirí saibhre” agus greim an fhir bháite (“dorn dúnta”) acu ar an arbhar. Ba é an tuiscint theoiriciúil a bhí ag na Boilséivigh go raibh cogadh aicmeach á chur faoin tuath agus na scológa bochta á ndúshaothrú ag na Culacaigh. Le fírinne ní raibh a leithéid de dhifríocht aicme ann, agus bhí an chuid ba mhó de na scológa is dearóile amuigh ag cur in aghaidh na comhsheilbhíochta, ó d’aithin siad nach raibh ann ach an seanseirfeachas agus malairt lipéid air.

Ní féidir a rá go raibh an saol go rómhaith sa chuid den Úcráin a thit leis an bPolainn i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Ba é dearcadh na bpolaiteoirí Polannacha gur cuid den Pholainn stairiúil a bhí ann agus go gcaithfí an cúige a ath-Pholannú. Mar sin tháinig osadnicy nó plandóirí Polannacha go dtí an réigiún le tailte a thabhairt chun míntíreachais, rud nár thaitin leis na bundúchasaigh Úcránacha.

Yevgen_Konovalec

Yevhen Konovalets (Polainnis: Eugeniusz Konowalec), a bhí i gceannas ar an OUN ó lá bunaithe na heagraíochta go dtína bhás féin sa bhliain 1938. Mharaigh gníomhaire rúnda de chuid an Aontais Shóivéadaigh é, nó bhí Stailín buartha faoin bhfódú a bhí an eagraíocht a dhéanamh san Úcráin Shóivéadach. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Bhí páirtí dá gcuid féin ag na hÚcránaigh sa Pholainn, Aontas Náisiúnta Daonlathach na nÚcránach nó UNDO (Ukrains’ka Natsional’no-Demokratychne Ob’yednannya) a bhí ag iarraidh cúis na nÚcránach a chur chun cinn go síochánta daonlathach, ach ní raibh cuid de na radacaigh óga sásta leis an modh oibre seo, agus bhunaigh siad eagraíocht nua sa bhliain 1929 – OUN (Orhanizatsiya Ukrayins’kykh Natsionalistiv) nó Eagraíocht na Náisiúnaithe Úcránacha. Bhí an eagraíocht seo réidh chun treallchogaíochta, feallmharfóireachta agus sceimhlitheoireachta ar son na cúise, agus sa bhliain 1930 tháinig arm na Polainne go dtí an cúige lena “thabhairt chun síochánaíochta” (pacyfikacja).

Piłsudski_16

Józef Piłsudski, Marascal na Polainne agus laoch saoirse na tíre. (Foinse; Vicipéid an Bhéarla)

San am sin bhí an Pholainn ina leathdheachtóireacht. Sa bhliain 1926 rinne an Ginearál Józef Piłsudski, laoch saoirse na tíre, coup d’état leis an rud a chur ar ceal ar ar thug sé sejmokracja, is é sin “Sejm-lathas” – is ionann Sejm sa Pholainn, go bunúsach, agus an Dáil in Éirinn. Fear míleata ab ea Piłsudski nach raibh mórán foighne aige leis an bparlaiminteachas, agus nuair a tháinig sé chun na conclúide go raibh an pharlaimint ag baint ró-úsáide as na cumhachtaí fairsinge a gheall bunreacht na bliana 1921 do na feisirí, chuaigh sé chun gnímh gan mórán moille.

I ndiaidh an choup d’état d’fhan an Ginearál ag rialú na tíre, cé nár ghair sé deachtóir ná Uachtarán de féin – d’fhág sé gnáthoibreacha an rialtais faoi idirghabhálaithe éagsúla. Iad siúd a bhí sásta comhoibriú le régime an Ghinearáil, chuaigh siad le chéile i gcineál páirtí, Blok Bezpartyjny Współpracy z Rządem nó an Bloc Neamhpháirtíoch (!) um Chomhoibriú leis an Rialtas. Ní raibh d’idé-eolaíocht ag an régime ach “athshlánú” (sanacja) na Polainne, is é sin cineál atharmáil mhorálta, agus Sanacja a thugtar ar an régime féin go minic.

Cé go raibh Piłsudski ina shaighdiúir chruthanta nach raibh mórán measa aige ar nós imeachta an pharlaiminteachais, ní féidir Faisisteachas a chur ina leith. Le fírinne Sóisialaí a bhí ann i dtús a réime, agus ní raibh sé ina fhear mhór frith-Ghiúdachais ach an oiread. Bhí sé go tréan ina n-aghaidh siúd (ar nós Roman Dmowski, arbh é príomhnamhaid an Ghinearáil é i saol polaitiúil na tíre) a deireadh gurbh ionann Polannach agus Caitliceach, nó bhí a thuiscint ar dhúchas na Polainne bunaithe ar an tsean-Pholainn, ar dhémhonarcacht na Polainne agus Liotuáine, a bhí lán chomh hilchultúrtha leis an Ostair-Ungáir.

Mar sin bhí sé barúlach go raibh náisiúntachtaí na sean-Pholainne go léir – na Polannaigh, na Giúdaigh, na Liotuánaigh, na Bealarúisigh, na hÚcránaigh – ag teastáil uaidh leis an tír a dhéanamh láidir arís. Ba é ba impleacht dó seo, áfach, ná go raibh fuath na ndaol aige ar aon Úcránach a bhí ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach dá thír.

Marshal_Rydz-Smigly_LOC_hec_27123

Edward Rydz-Śmigły, an ginearál a tháinig i gcomharbas ar Piłsudski. Bhí Rydz-Śmigły i gceannas ar an Sanacja i ndiaidh bhás Piłsudski, ach ní raibh sé leath chomh héirimiúil leis siúd, agus thosaigh an rialtas ag dul chun donais ar go leor bealaí. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Fuair an Ginearál bás cúpla bliain roimh an Dara Cogadh Domhanda – cogadh a thosaigh sa Pholainn agus a rinne léirscrios san Úcráin thar aon tír eile, b’fhéidir.

An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a Dó 

Posted in: Nuacht