An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a 4

Posted on Feabhra 25, 2014 le

1



Thosaigh an Dara Cogadh Domhanda nuair a d’ionsaigh an Ghearmáin Naitsíoch an Pholainn. Ar an lá deireanach de Mhí Lúnasa 1939 stáitsigh an SS “ionsaí” na bPolannach ar staisiún raidió in Gleiwitz in aice leis an teorainn, agus ar an lá arna mhárach, thosaigh na trúpaí Gearmánacha ag tonnadh isteach sa Pholainn. Sin rud a gcoinnítear cuimhne air go coitianta, ach bíonn na daoine dearmadach go leor i leith an ionsaí eile – an t-arm Sóivéadach a tháinig anoir ar an 17ú lá de Mhí Mhéan Fómhair.

440px-Horst_bienek_tafel_polnisch

Plaic cuimhneacháin don scríbhneoir Ghearmánach Horst Bienek (1930-1990) in Gliwice sa Pholainn (roimh an gcogadh: Gleiwitz). Scríobh Bienek sraith eipiceach úrscéalta faoin saol in Gleiwitz roimh agus le linn an chogaidh, agus thagair sé don “ionsaí” stáitsithe ar an stáisiún raidió i gceann de na húrscéalta. Cosúil lena lán de mhuintir na háite bhí sloinne Polainnise air cé gurbh í an Ghearmáinis a theanga dhúchais. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i München, agus é ina chrann taca ag na scríbhneoirí ó na tíortha Slavacha a chuir síos san áit. Coinníonn muintir na Gearmáine agus na Polainne araon dilchuimhne air, ó bhí an-ról aige ag cothú comhthuisceana agus aontais idir an dá thir. Seo an méid a deir an phlaic: Horst Bienek. Scríbhneoir Gearmánach a raibh cónaí air sa teach seo sna blianta 1930-1945. Chuir sé i míotar an saol i nGliwice, a chathair dhúchais, sa tsraith úrscéalta “An Chéad Pholca” – “Solas Mheán Fómhair” – “An Tréimhse gan Chlog” – “An Talamh agus an Tine”. Fuair sé bás sa bhliain 1990 i München. (Pictiúr: Vicipéid na Polainnise.)

Bhí socrú neamhionsaitheachta sínithe ag an Aontas Sóivéadach leis an nGearmáin Naitsíoch go gairid roimhe sin, agus prótacal breise rúnda ag dul leis an socrú inar sainíodh “sféir shainleasa” na ndeachtóirí in Oirthear na hEorpa. De réir an phrótacail seo shealbhaigh Stailín na cúigí in Oirthear na Polainne, ós cuid de “sféar sainleasa” an Aontais Shóivéadaigh a bhí iontu. Chóirigh na Cumannaigh “toghcháin” ar mhaithe leis an mbolscaireacht, le tabhairt le fios go raibh muintir na gcúigí nuashealbhaithe sásta a gcinniúint a fhágáil ar lámh an deachtóra Shóivéadaigh.

Tsarstvo_kanchukiv

Póstaer Sóivéadach a thaispeánas saighdiúir de chuid an Airm Dheirg ag saoradh na scológ Úcránach ó ualach an tiarna talún Pholannaigh. Deir an téacs Úcráinise gur “shín muid (na Sóivéadaigh) lámh chairdiúil chuig na deartháracha le deireadh a chur le tíorántacht na fuipe i ndiaidh na gcéadta bliain”. Bhí an cineál seo bolscaireachta dírithe ar chosmhuintir Iarthar na hÚcráine, is é sin, an chuid den Úcráin a bhain leis an bPolainn sna blianta idir an dá chogadh domhanda. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

San am chéanna bhí údaráis slándála an Aontais Shóivéadaigh an-ghnóthach ag cimiú, ag marú agus ag díbirt daoine a raibh ról éigin acu i ngréasáin na sochaí Polannaí a bhí ann roimh an bhforghabháil. Chuala an saol mór iomrá ar shluamharú na n-oifigeach Polannach i gcoillte Katyn i gcúige Smolensk in Iarthar na Rúise, ach níorbh é sin an t-aon éirleach amháin den chineál chéanna. Dealraíonn sé go bhfuair an tríú cuid den mhilliún de Pholannaigh bás sna “purguithe” seo.

Katyn

Olluaigh in Katyn. Mharaigh lucht na státslándála Sóivéadaí na hoifigigh chimithe Pholannacha le piléar i gcúl an chloiginn, agus caitheadh na corpáin in uaigheanna móra den chineál seo. Sa bhliain 1943 tháinig na Naitsithe trasna ar na holluaigheanna agus bhain siad an-leas bolscaireachta astu. (Grianghraf: Vicipéid an Bhéarla)

Maidir leis an Úcráin, cuireadh na cúigí timpeall ar Lwów (Úcráinis: Lviv, Rúisis: Lvov) leis an Úcráin Shóivéadach, agus tugadh an córas Sóivéadach rialtais isteach ansin, rud nár thaitin leis an gcuid ba mhó de mhuintir na gcríoch seo. Tháinig deireadh sealadach leis an Sóivéadú seo, áfach, i samhradh na bliana 1941, nuair a bhris Hitler a shocrú leis an deachtóir eile: thosaigh Oibríocht Barbarossa, mórionsaí na dtrúpaí Gearmánacha ar an Aontas Sóivéadach.

Katyn-propaganda-Slovak

Sampla é seo den úsáid a bhain na Naitsithe as ollmharú na n-oifigeach Polannach in Katyn. Tá an póstaer seo dírithe ar na Slóvacaigh: Foraois na Marbh in Katyn, a deir sé as Slóvaicis. Tabhair faoi deara go bhfuil cuma steiréitipiciúil an Ghiúdaigh ar an oifigeach Rúiseach – d’áitíodh na bolscairí Naitsíocha riamh gurbh iad na Giúdaigh a bhí ag rialú an stáit Shóivéadaigh. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

San Úcráin, bhí dóchas ag go leor daoine as na Naitsithe. D’fhear muintir na tuaithe fíorchaoin fáilte roimh na saighdiúirí Gearmánacha, rud a thugas ar a lán daoine ar an eite chlé Faisisteachas a chur i leith na nÚcránach go léir mar náisiún, inniu féin. Ní féidir a rá nach raibh cuid áirithe acu sásta comhoibriú leis na Gearmánaigh i mblianta an Dara Cogadh Domhanda, ach ar mhaithe le cothrom féinne caithfidh muid a admháil go raibh muintir na hÚcráine, thoir agus thiar, dubh dóite de rialtas Stailín.

Shiúil éag mór ocrais – Holodomor – ar na hÚcránaigh i dtús na dtríochaidí de thoradh na “comhsheilbhíochta”, agus is é an chiall a bhain a lán acu as an ngorta mór seo go raibh na Cumannaigh d’aon aidhm ag iarraidh an náisiún Úcránach go léir a mharú le hocras agus leis na galair a tháinig sna sálaí aige. Mar sin bhí fonn díoltais ar na hÚcránaigh agus cúis intuigthe acu leis.

SBandera

Stepan Bandera, a bhí i gceannas ar sciathán radacach an OUN. Rugadh sa chuid Ostarach den Úcráin sa bhliain 1909 é agus chaith sé blianta a óige sa Pholainn. Bhí sé an-ghníomhach in eagraíochtaí éagsúla Úcránacha san am, agus céimíocht thar a aois aige san OUN. Sa Pholainn féin ní raibh sé sásta cloí le srianta dlíthiúla na gníomhaíochta, agus go gairid roimh an gcogadh bhí sé ina chime i bpríosún Polannach ag fanacht le pionós an bháis a gearradh dó mar sceimhlitheoir. Tá sé ina chnámh spairne i gcónaí, cé acu laoch nó coirpeach cogaidh a bhí ann. Mharaigh gníomhairí de chuid Choiste Státslándála an Aontais Shóivéadaigh (KGB) é i München sa bhliain 1959. (Grianghraf: Vicipéid an Bhéarla)

I dtús a ngabháltais ar an Úcráin dóibh rinne na Gearmánaigh iarrachtaí áirithe leis na hÚcránaigh a ghiúmaráil. Is deacair a rá cad é go cruinn an bhaint a bhí ag na náisiúnaithe Úcránacha leis na Naitsithe. Chuaigh scoilt ar Eagraíocht na Náisiúnaithe Úcránacha (OUN) sa bhliain 1941, agus ba é an radacach óg Stepan Bandera a bhí i gceannas ar a bhfaicsean siúd a bhí sásta comhoibriú leis na Naitsithe.

Sachsenhausen2

Campa géibhinn Sachsenhausen (grianghraf ón mbliain 1938). Chaith Bandera roinnt blianta anseo chomh maith le duine, ó bhí drochamhras ag na Gearmánaigh air: shíl siad go raibh seisean agus lucht a leanúna meáite ar éirí amach in aghaidh na Naitsithe le stát neamhspleách dá gcuid féin a chur ar bun san Úcráin. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Is deacair breithiúnas oibiachtúil a thabhairt ar Stepan Bandera agus a chuid gníomhartha inniu, nó tá siad ann a deir nach raibh ann ach Faisisteach gránna a bhí breá sásta Giúdaigh a mharú scun scan, chomh maith leo siúd a deir gur laoch gan smál a bhí ann a throid ar son saoirse na hÚcráine. Le fírinne bhí sé idir dhá thine Bhealtaine idir Stailín agus Hitler, agus é ag iarraidh a bhuntáiste féin a ghlacadh ar fhear acu le cath a chur ar an bhfear eile.

Ar dtús – go gairid roimh Oibríocht Barbarossa – chuir sé ar bun an “Cathlán Filiméala” nó Bataillon Nachtigall le cuidiú ón Abwehr, nó seirbhís faisnéise míleata na nGearmánach. Ba é Wilhelm Canaris a bhí i gceannas ar an Abwehr, fear a raibh clú an chontrálaí agus na “mavairice” air i saol na Gearmáine Naitsíche, agus dealraíonn sé gurbh é a smaoineamh féin bunú an chathláin sin a cheadú.

Wilhelm Canaris

Wilhelm Canaris, aimiréal sa Kriegsmarine (cabhlach cogaidh na Gearmáine) a bhí i gceannas ar sheirbhís faisnéise na bhfórsaí armtha, an Abwehr, go dtí an bhliain 1944. Thaobhaigh sé leis na Naitsithe, ó bhí eagla air roimh na Cumannaigh agus na Sóivéadaigh, ach níor chreid sé i bpleananna impiriúla Hitler ná sna scéalta paranóideacha uafáis a d’insíodh an deachtóir faoi na Giúdaigh. Ghlac sé páirt i gcomhcheilg Stauffenberg in aghaidh Hitler agus cuireadh chun báis i gcampa géibhinn Flossenbürg é. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Ba é an polasaí a bhí ag Hitler nach raibh sna Slavaigh féin (gan trácht a dhéanamh ar na Giúdaigh) ach Untermenschen, daoine leathdhéanta nó fodhaoine. Cuid dá chuid oifigeach áfach bhí siad barúlach nach raibh an ciníochas dogmatúil seo ag cuidiú leis an gcogaíocht ar aon nós, nó bhí siad suite siúráilte gurbh fhearr don Ghearmáin comhghuaillithe a dhéanamh díobh.

Bhí na Naitsithe sásta dul in araicis na nÚcránach i gcúrsaí cultúrtha, nó thug siad stádas oifigiúil iomlán don Úcráinis in éineacht leis an nGearmáinis ina gcuid fógrán poiblí. Scéal eile ar ndóigh an raibh na hÚcránaigh in ann mórán sult a bhaint as an stádas oifigiúil sin, nuair nach mbíodh sna fógráin de ghnáth ach bagairtí báis ar aon duine a bhrisfeadh an cuirfiú, nó rudaí ba mheasa ná an méid sin féin.

Maidir le cathlán Bandera, ghlac sé páirt i ngabháltas na nGearmánach ar an Úcráin, ach san am chéanna chuir Bandera míchompord ar na Naitsithe, nó d’fhógair sé go hoscailte nach mbeadh sé sásta ach le neamhspleáchas na hÚcráine, agus má bhí sé ag comhoibriú leis na Gearmánaigh, nach raibh i gceist leis sin ach comhoibriú praiticiúil oirbheartaíochta.

B’in caint nár thaitin leis na Naitsithe beag ná mór, agus chimigh siad é.  Chaith sé trí bliana i mbraighdeanas acu, an chuid ba mhó den am i gcampa géibhinn Sachsenhausen, ach ansin scaoil na Gearmánaigh saor é. Faoin am sin bhí an cogadh á bhriseadh orthu, ionas go bhfuair siad riachtanach a bpolasaí i leith mhuintir na hÚcráine a athrú. Anois bhí na Gearmánaigh sásta lón cogaidh, raidhfilí agus trealamh eile a sholáthar d'”Arm Ceannairce na hÚcráine” le go gcuirfeadh an t-arm seo – arm treallchogaíochta a bhí bunaithe ag lucht leanúna Bandera – in aghaidh na Sóivéadach.

An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a Trí

Posted in: Nuacht