An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a 5

Posted on Feabhra 27, 2014 le

0



Uileloscadh san Ucrain

An tUileloscadh san Úcráin: Naitsithe ag marú sibhialtaigh in Ivanhorod i lár na hÚcráine. (Foinse: Vicipéid na Polainnise.)

Nuair a bhí Bandera ina chime ag na Gearmánaigh, bhunaigh lucht a leanúna eagraíocht mhíleata, UPA – Arm Ceannairce na hÚcráine, nó Ukrayins’ka Povstans’ka Armiya. Bhí an t-arm treallchogaíochta seo dírithe ar stát neamhspleách a chur ar bun san Úcráin le lámh láidir, agus dealraíonn sé go raibh na treallchogaithe sin sásta sibhialtaigh ón dream eitneach “mícheart” a mharú scun scan le cúis an Úcránachais a chur chun cinn, mar a thuig siad féin an chúis sin. Is é sin, is féidir cineghlanadh a chur ina leith – cineghlanadh den chineál a chonaic muid i dtíortha na hiar-Iúgslaive i dtús na nóchaidí.

Ewa_Siemaszko

Seo Ewa Siemaszko, staraí amaitéarach Polannach. In éineacht lena hathair, Władysław, chuir sí in eagar doiciméadú stairiúil faoi choireanna cogaidh na dtreallchogaithe Úcránacha in aghaidh na bPolannach, agus í ag iarraidh cuimhne na n-imeachtaí seo a choinneáil i lár an aonaigh i ndiospóireachtaí poiblí na Polainne. Bhí cónaí ar a hathair in Oirthear na Polainne roimh agus le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus chonaic sé na huafáis lena shúile cinn féin. (Foinse: Vicipéid na Polainnise.)

Ní hionann sin agus a rá go raibh na treallchogaithe Úcránacha ar aon leibhéal leis na Naitsithe, nó gur Naitsithe amach is amach a bhí iontu. Cosúil le Bandera féin bhí siad ag cur a gcatha féin beag beann ar na Gearmánaigh, cé gurbh iad na Polannaigh agus na Sóivéadaigh an príomhnamhaid. Maidir leis na Giúdaigh, bhí na treallchogaithe barúlach gur dream eitneach a bhí iontu a bhí naimhdeach do chúis na nÚcránach cosúil leis na Polannaigh agus na Sóivéadaigh, agus is léir go raibh frith-Ghiúdachas Oirthear na hEorpa le mothú i measc na nÚcránach féin. San am chéanna bhí an eagraíocht sásta Giúdaigh a fháiltiú isteach má bhí dearcadh náisiúnaíoch acu.

eirleach Lipniki

Ár Lipniki. Mharaigh treallchogaithe de chuid an UPA timpeall ar 180 duine i sráidbhaile Lipniki faoi dheireadh Mhí na Márta 1943. Polannaigh eitneacha an chuid ba mhó acu, ach bhí ceathrar Giúdach agus bean Rúiseach amháin ina measc chomh maith. Bhí an sráidbhaile suite in aice le Kostopol (inniu, Kostopil san Úcráin). Tá an áit bánaithe inniu. (Grianghraf: Vicipéid na Polainnise)

Bhí dearcadh criticiúil ag lucht idé-eolaíochta an UPA ar fhrith-Ghiúdachas ciníoch na Naitsithe, agus iad barúlach, de réir dhealraimh, gur idé-eolaíocht choimhthíoch a bhí ann nár chóir do na hÚcránaigh glacadh léi. San am chéanna tá an chuma ar an scéal gurbh é an náisiúnachas an chúis ab airde a bhí ag na treallchogaithe seo, gurbh é an náisiúnachas príomhfhoinse a moráltachta, agus go raibh an daonnúlacht agus an dea-chroí acu in áit na leathphingine ag an náisiúnachas. Uaireanta bhí siad sásta dídean a thabhairt do Ghiúdaigh a bhí ar a seachnadh ó na Gearmánaigh – le stainc ar na Gearmánaigh, seachas ar chúiseanna daonnachtúlachta.

Is é an dóigh ar chaith na treallchogaithe leis na Polannaigh an chuid is gránna de stair an OUN. Mar a dúirt mé roimhe seo is é an meas a bhí ag na náisiúnaithe Úcránacha ar na Polannaigh a chuir fúthu faoin tuath in Iarthar na hÚcráine ná gur cineál “plandóirí” a bhí iontu mar a thuigtear an téarma sin in Éirinn – is é sin go raibh rialtas na Polainne ag iarraidh malartú daonra a dhéanamh in Iarthar na hÚcráine. Is éard a bhí siad féin ag iarraidh a dhéanamh ná an malartú sin a chur ar ceal tríd an ruaig a chur ar na Polannaigh ó Iarthar na hÚcráine nó iad a mharú scun scan. Creidtear go bhfuair na scórtha míle sibhialtaigh Pholannacha – muintir tuaithe a bhformhór – bás san fheachtas cineghlanta.

Vatutin monument

Chuala staraithe cogaidh an tsaoil mhóir iomrá ar an nGinearál Vatutin, agus ba mhór an dráma é an cath a chuir sé ar a chéile comhraic, an marascal machaire Gearmánach Erich von Manstein, le seilbh a fháil ar Chív. Tá an séadchomhartha seo suite i gCív, príomhchathair na hÚcráine. “Don Ghinearál Vatutin ó mhuintir na hÚcráine”, a deir an scríbhinn Úcráinise. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Nuair a thosaigh trúpaí an Aontais Shóivéadaigh ag druidim isteach, ghlac treallchogaithe an UPA leis nach mbeadh seans ar bith acu an cath a bhriseadh ar an Arm Sóivéadach féin. Ina áit sin chinn siad ar chath a chur orthu siúd a bhí ag atógáil chóras an riaracháin Shóivéadaigh sna ceantair athghafa, go háirithe ar ghníomhairí an NKVD (is é sin, Coimeasáracht Phobail na gCúrsaí Inmheánacha, réamhtheachtaire an KGB). Bhí siad sásta oifigigh ardchéime de chuid an Airm Shóivéadaigh a fheallmharú freisin, nuair a bhí an seans acu: sin mar a fuair Nikolay Vatutin, an ginearál a bhí i gceannas ar Chéad Chathéadan na hÚcráine (an t-armghrúpa Sóivéadach a d’athghabh Cív faoi dheireadh na bliana 1943), bás i Mí Feabhra 1944.

Ag ascnamh leo san Úcráin dóibh bhí na trúpaí Sóivéadacha ag cailleadh saighdiúirí go tiubh, nó bhí an tArm Sóivéadach ar nós cuma liom i leith bheatha agus bhás an tsaighdiúra aonair. Mar sin bhí ar an Arm saighdiúirí nua a earcú as measc mhuintir na hÚcráine, rud nár thaitin leis an UPA. Dá réir sin, ba ghnách leis na treallchogaithe muintir gach nua-earcach de chuid an Airm a mharú scun scan leis an ráta earcaíochta a laghdú.

Tríd is tríd, is deacair treallchogaithe an UPA a éigiontú sa chuid is mó de na coireanna cogaidh a chuirtear ina leith. Ón taobh eile de bhí cathéadan thoir an Dara Cogadh Domhanda chomh brúidiúil is nach féidir a rá go raibh na treallchogaithe Úcránacha ní ba chruálaí ná na trúpaí Sóivéadacha nó na treallchogaithe Cumannacha. D’fhéadfá a rá go raibh cúis ag na sibhialtaigh eagla a ghlacadh roimh gach aon dream armtha dá raibh ag siúl tailte na hÚcráine san am sin, na treallchogaithe náisiúnaíocha, na treallchogaithe Sóivéad-bháúla, na saighdiúirí Gearmánacha agus na saighdiúirí Sóivéadacha araon. Fir chruaite chranraithe gan trua gan taise gan trócaire a bhí ag troid sna fórsaí armtha seo go léir.

Tá sé tábhachtach cuimhne a choinneáil air nach raibh treallchogaithe an UPA ag cuidiú go díreach leis an Uileloscadh. Bhí comhoibritheoirí Úcránacha ag na Naitsithe a bhí sásta na mílte Giúdach a chur chun báis thar cionn na Naitsithe – bhí an-bhaint ag an dream seo leis na hollmharuithe míchlúiteacha in Babii Yar in aice le Cív – ach níorbh iad treallchogaithe an UPA na comhoibritheoirí seo. Ba iad na póilíní cúnta Úcránacha, Ukrainische Hilfspolizei, a bhí i gceist.

Ukrainische Wachmannschaft eines Torfwerks

Póilíní cúnta Úcránacha agus iad ag tabhairt aire do ghléasra próiseála móna. (Pictiúr ó Vicipéid an Bhéarla; is í Cartlann Stáit na Gearmáine, Bundesarchiv, an chéad fhoinse.)

Deir cuid de na staraithe gur baill de chuid an OUN a bhí i gcuid mhór de na póilíní cúnta seo, ach dealraíonn go bhfuil an dá bharúil agus an dá bh’fhéidir ann: is é tuairim na staraithe eile go raibh na Gearmánaigh tar éis orduithe soiléire a fháil gan náisiúnaithe aithnidiúla a fhruiliú. Déarfainn féin gurb é an dara leagan is dóchúla liom féin, nó is é an cineál daoine a bhíodh na Gearmánaigh ag earcú le haghaidh a gcuid eagar cúnta ná príosúnaigh choiriúla agus cimí cogaidh – fir ocrasacha éadóchasacha nach raibh mórán idé-eolaíochta ná saoldearctha d’aon chineál acu.

1389.9 Holocaust A

Ilya Ehrenburg, scríbhneoir Sóivéadach, file agus comhfhreagraí cogaidh. Bhí sé mór le Léinín nuair a bhí sé óg, rud a d’fhág go raibh saoirse aige i bhfad thar an ngnáthscríbhneoir i saol liteartha an Aontais Shóivéadaigh. Scríobh sé roinnt úrscéalta agus leabhair thaistil ar chuir na léitheoirí Sóivéadacha an-spéis iontu, ó nach raibh de chead acu féin taisteal ná turasóireacht a dhéanamh thar lear. I dtús an chogaidh idir an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach bhí Ehrenburg ina bholscaire chruálach ag bagairt míle murdar ar na Gearmánaigh, rud nár thaitin leis na haoirí polaitiúla Cumannacha féin. An chuid ba mhó dá ghairmréim scríbhneoireachta áfach bhí dearcadh cuibheasach liobrálach ag Ehrenburg ar chúrsaí litríochta na tíre, rud a thuill sciolladóireacht dó ó fhaicsean ceartchreidmheach an pháirtí. (Grianghraf: Vicipéid an Bhéarla.)

Díol suime é gur chuir na staraithe Sóivéadacha an bhéim ba mhó ar choireanna an UPA, agus cinsireacht an Aontais Shóivéadaigh i ndiaidh an chogaidh iontach míshásta le haon leabhar nó alt a chardáil na póilíní cúnta Úcránacha. Na hintleachtóirí Giúdacha Sóivéadacha a scríobh faoi uileloscadh na nGiúdach cuireadh ina dtost iad, ós rud é gur chuir polasaí oifigiúil na bolscaireachta sa stát Sóivéadach an bhéim ar chomhfhulaingt na saoránach Sóivéadach go léir, agus ní raibh sé oiriúnach cruachás aon dream ar leith a dhealú ón gcuid eile.

seadchomhartha polannaigh wolyn

Séadchomhartha é seo atá ina sheasamh in Gdańsk, tuaisceart na Polainne, agus é ag coinneáil cuimhne ar na sibhialtaigh Pholannacha a fuair bás ó lámh an UPA i gcúige Wołyń, is é sin in Iarthuaisceart na hÚcráine. (Grianghraf: Vicipéid na Polainnise)

Bhí sé ceadaithe caitheamh anuas ar threallchogaithe an UPA, ó bhí siad ag iarraidh an Úcráin a scaradh ón Aontas Sóivéadach, ach san am chéanna bhí sé coiscthe an iomarca trácht a dhéanamh ar choireanna na bpóilíní cúnta, ós saoránaigh Shóivéadacha a bhí iontu, agus níor theastaigh ó na húdaráis a admháil go raibh saoránaigh Shóivéadacha tar éis saoránaigh Shóivéadacha eile a mharú de réir orduithe ó na Faisistigh.

Grossman-1945

Vasilii Grossman ina chomhfhreagraí cogaidh. Innealtóir a bhí ann a chuaigh le scríbhneoireacht. I mblianta an chogaidh bhí sé ag obair do Krasnaya zvezda (“An Réalta Dhearg”), nuachtán na bhfórsaí armtha Sóivéadacha. Bhí gnaoi na saighdiúirí ar a chuid scríbhneoireachta, ó bhí sé sásta agallamh a chur ar na fir fiú nuair a bhí siad faoi lámhach ag airtléire na nGearmánach, beag beann ar an dainséar. I ndiaidh an chogaidh scríobh sé mórúrscéal eipiceach faoin gcogadh, Ar Son na Cúise Cirte, ach rinne na cinsirí agus na heagarthóirí an-sceanairt ar an leabhar sular tháinig sé i gcló. Bhí an t-úrscéal seo ceaptha le bheith ar an gcéad imleabhar de shraith úrscéalta ar ar thug an scríbhneoir “sraith Stalingrad”. Scríobh sé úrscéal eile fós sa tsraith chéanna, An Saol agus an Chinniúint, ach ó bhí de cheann dána aige an dá chóras ollsmachta – an Naitsíochas agus an Stailíneachas – a chur i gcomparáid le chéile sa leabhar seo, níor tháinig sé i bprionta sa Rúis féin sular tháinig deireadh leis an gcóras Sóivéadach. Inniu, is é an meas atá ag lucht léite an leabhair ar an scríbhneoir go raibh sé iontach cneasta, iontach cróga agus gur sárleabhar é An Saol agus an Chinniúint atá inchomórtais le clasaicigh mhóra na Rúise. (An pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

Nuair a chuir Vasilii Grossman agus Ilya Ehrenburg – beirt scríbhneoirí Giúdacha Sóivéadacha – in eagar “Leabhar Dubh na nGiúdach”, doiciméadú cuimsitheach an Uilelosctha i gcríocha an Aontais Shóivéadaigh, stop an chinsireacht eagrán Rúisise an leabhair, ó fuair na cinsirí nár chóir béim ar leith a chur ar na Giúdaigh mar íobartaigh. Le fírinne níor tagraíodh don Uileloscadh mar rud ar leith san Aontas Shóivéadach riamh. Mar sin, ní ábhar iontais é go bhfuair an Rúisis an focal sin holocaust ar iasacht ón mBéarla sna nóchaidí – ní raibh an coincheap ann i gceart sa teanga roimhe sin.

An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a 4

Posted in: Nuacht