Browsing All Posts published on »Márta, 2014«

Béal Feirste le bheith Dearg le Fearg

Márta 30, 2014 le

2

Pobal na Gaeilge ó thuaidh le léirsiú ar son a gcuid cearta Níl amhras ar bith ach go bhfuil gluaiseacht na Gaeilge múscailte óna suan agus ag gníomhú arís ar son a gcuid cearta. Bhí lá stairiúil ann ar an 15 Feabhra nuair a rinne 10,000 Gaeil athghabháil ar an phríomhchathair agus iad ag éileamh […]

Plé de dhíth ar na hIrisí : Sinn Féin

Márta 28, 2014 le

1

PREASRÁITEAS  Plé de dhíth ar thodhchaí na meán Gaeilge clóite agus ar líne – Róise Ní Thoirealaigh Tá CTR Shinn Féin Róise Ní Thoirealaigh ag iarraidh ar Foras na Gaeilge agus ar roinnt irisí Gaeilge araon, plé a dhéanamh ar thodhchaí na meán Gaeilge clóite agus ar líne. Tagann na tagairtí seo ó urlabhraí Gaeilge […]

An Nuacht is Deireanaí ó Shaol na hEolaíochta

Márta 26, 2014 le

0

Ní chabhraíonn na toitíní leictreonacha leat éirí as nós an nicitín. Tháinig lucht taighde in Ollscoil California ar an gconclúid nach cuidiú iad na toitíní leictreonacha leis an duine atá ag iarraidh éirí as nós caite an tobac. Tá nicitín sna toitíní leictreonacha: an té a bhíos á n-úsáid faigheann sé a dháileog nicitín ar dhóigh […]

Seoladh GaelGÁIRÍ, Club Nua Grinn (stand-up comedy) i mBÁC

Márta 25, 2014 le

2

Seolfar club nua grinn (stand-up comedy), GaelGÁIRÍ,  i mBaile Átha Cliath ar an Satharn 29ú Márta i gClub Chonradh na Gaeilge.  Is é Colm O’Regan a bheidh mar phríomh-réalta ar an 29ú.  Seo an chéad uair gur bunaíodh club grinn Gaeilge. Ar stáitse chomh maith ar an oíche beidh, Aideen McQueen chomh maith le bunaitheoirí GaelGÁIRÍ Andy Ó Faoláin, […]

Fáilte roimh an scadán

Márta 25, 2014 le

0

Arna chéadfhoilsiú ar gasuirlegaeilge:
Scadán leasaithe(wikipedia) Seo dán beag ón séú haois déag a chuireanns fáilte roimh an scadán, aimsir an charghais. Is as an leabhar breá Manuail de Litríocht na Gaeilge: Faisicil II (le Breandán Ó Doiblin) an sliocht: ? “Mochean do theacht, a scadáin!   (mochean = is é do bheatha) Druid liom,…

Tha cothrom aig Albannaich

Márta 22, 2014 le

1

le Daibhidh Rothach Is an reifreann air neo-eisimeileachd a-nis air fàire, tha cothrom aig Albannaich an t-Aonadh, agus nàiseantachd, a dhiùltadh. Ach ged a tha fèin-aithne nàiseanta air a bhith aig cridhe iomadh strì aig dùthaich is colonaidh a bha a’ sireadh saorsa o sheann mhaighstir impireil, ‘s ann faiceallach a tha gach taobh na […]

Deiseanna Fostaíochta i gCeanada

Márta 22, 2014 le

0

Tá deiseanna fostaíochta ar fáil i gCeanada do lucht na Gaeilge mar  Theagascóirí. Is iad  Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada atá taobh thiar den fhobairt seo. Cuireann Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada clár bliantúil dámhachtainí malartacha ar fáil idir ollscoileanna Cheanada agus ollscoileanna na hÉireann, clár atá oscailte do gach disciplín acadúil. Bhunaigh an Dr. Craig Dobbin, Talamh an […]