An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cúid a Sé

Posted on Márta 2, 2014 le

1



ogniomistrz

Ogniomistrz Kaleń (“Sáirsint Airtléire Kaleń”) – scannán cogaidh ó thús na seascaidí a thugas cur síos ar throid na saighdiúirí Polannacha in aghaidh na dtreallchogaithe Úcránacha go gairid i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Ni léiríonn an scannán mórán tuisceana i leith na dtreallchogaithe, ó chloíonn sé le polasaí oifigiúil na gCumannach (sa Pholainn, “Páirtí Aontaithe an Lucht Oibre”) i leith na gcúrsaí seo. Ba iad Ewa Petelska agus Czesław Petelski, lánúin phósta, a stiúir an scannán. Wiesław Gołas a rinne páirt an tsáirsint airtléire féin. (Foinse: http://www.filmweb.pl)

Is iomaí scríbhneoir cuimhní cinn in Oirthear na hEorpa a dúirt nár tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda ach de réir a chéile. Mhair iarsmaí na ngluaiseachtaí treallchogaíochta ag cur troda in áiteanna i bhfad i ndiaidh dheireadh an chogaidh ina lán tíortha ansin, agus dá réir sin d’aslonnaigh an tAontas Sóivéadach agus na stáit faoina thionchar a lán dreamanna eitneacha a raibh de chuma orthu go bhféadfaidís fabhrú do ghluaiseachtaí treallchogaíochta nó fóirithint orthu. Thairis sin bhí feachtais mhíleata ann anseo agus ansiúd leis na treallchogaithe deireanacha Úcránacha a chloí.

Nuair a shealbhaigh na Cumannaigh an Pholainn le cuidiú na Sóivéadach, fuair siad riachtanach treallchogaithe neamh-Chumannacha a throid is a chloí, ina measc Arm Intíre na Polainne, nó Armia Krajowa, arb í an ghluaiseacht frithbheartaíochta ba mhó sa Pholainn i mblianta an chogaidh – agus ar ndóigh bhí siad meáite ar an gcath a bhriseadh ar an UPA chomh maith céanna. Chomh deireanach leis an mbliain 1947 chuaigh trúpaí Arm Pobail na Polainne – an t-arm nua Cumannach – chun cogaidh ar threallchogaithe de chuid an UPA i Sléibhte Chairp (taobh istigh de theorainneacha iarchogaidh na Polainne, a raibh na críocha Úcránacha bainte di idir an dá linn).

Ternopil_patriarch_slipyj

Cairdinéal Caitliceach Úcránach ab ea Iosif Slipyi a chaith na blianta 1945-1963 i gcampaí géibhinn an Aontais Shóivéadaigh. Tá an séadchomhartha seo i ndilchuimhne ar an gCairdinéal ina sheasamh in Ternopil (Iarthar na hÚcráine). Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.

Tá an oibríocht seo, nó Akcja Wisła (“Oibríocht na Viostúile”), ina cnámh spairne ag na staraithe i gcónaí. Deir cuid acu nach raibh i gceist leis ach cineghlanadh Shléibhte Chairp, nó ní raibh, dar leo, trúpaí ar bith ag an UPA sa limistéar a bhí i gceist. Go bunúsach, is éard a rinneadh ná muintir na mbólaí sin a aslonnú le lámh láidir agus a thabhairt go dtí na críocha nua thiar a fuair an Pholainn mar chineál éiric chogaidh ón nGearmáin.

Cuid mhór acu siúd a haslonnaíodh san oibríocht seo ní Úcránaigh a bhí iontu i gciall cheart an fhocail ach Rúisínigh, is é sin, Slavaigh ó Shléibhte Chairp a bhfuil canúint nó teanga ar leith acu. San Úcráin, sa Pholainn agus sa tSlóvaic is treibh ar leith iad siúd a bhfuil cónaí orthu i Sléibhte Chairp, agus teanga is traidisiún dá gcuid féin acu. Bíonn focail áirithe le fáil i gcanúint na sléibhteánach seo ar fad: mar shampla, vatra watra a chiallaíos “tine” (níl sé cosúil ar aon nós leis an ngnáthfhocal ar “tine” sna teangacha Slavacha: ogień as Polainnis, вогонь/vohon’ as Úcráinis, oheň as Slóvaicis). Is iad na Rúisínigh na sléibhteánaigh “Úcránacha”, de réir thuiscint na náisiúnaithe Úcránacha, ach is fearr leis na Rúisínigh féin a rá gur Rúisínigh iad, nó gur Hucule, Lemkowie nó Bojkowie iad – sin ainmneacha ar an gcineál foghrúpaí nó fothreibheanna atá ann.

Ruthenians

Rúisínigh ón bPolainn agus ón tSlóvaic ag teacht le chéile i sráidbhaile Mokre in aice le cathair Sanok in Oirdheisceart na Polainne. Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.

Maidir leis an Aontas Sóivéadach, is éard a bhí i ndán do na hÚcránaigh cheannairceacha ansin ná pionós an bháis nó an braighdeanas in “oileánra na gcampaí géibhinn”, Arkhipelag GULag mar a bhaist Solzhenitsyn air. Le fírinne faoin am a bhfuair Stailín bás d’éirigh cimí na gcampaí seo amach in aghaidh na séiléirí in áiteanna, agus ba mhinic a bhí iar-threallchogaithe Úcránacha ag eagrú agus ag stiúradh na gceannaircí seo, rud is féidir a léamh ag Solzhenitsyn féin. Ba í an cheannairc in Kengir (an Chasacstáin, sa bhliain 1954) an ceann ba tábhachtaí acu, ach dealraíonn sé gurb í an cheannairc in Norilsk (an Rúis, tuaisceart Chúige Krasnoyarsk, go gairid i ndiaidh bhás Stailín sa bhliain 1953) an ceann ba mhó a raibh Úcránaigh páirteach ann.

Mar a deir Timothy Snyder ina shárleabhar faoi chruachás Oirthear na hEorpa faoi chuingir na ndeachtóirí agus le linn an Dara Cogadh Domhanda, Bloodlands, rinne dreamanna éagsúla náisiúnaíocha sa réigiún a ndicheall le stáit aonteangacha aoneitneacha a chruthú beag beann ar an réaltacht ilteangach ilnáisiúnta, ach i ndiaidh an chogaidh rinne Stailín a chuid féin de chuspóir seo na náisiúnaithe. Agus bhí Stailín i bhfad ní ba shaibhre in acmhainní agus i bhfir ná grúpaí troda cosúil leis an UPA. Mar sin, an rud a theastaigh ón UPA, bhí Stailín in ann é a chur i gcrích.

Chuaigh na Giúdaigh, an beagán a bhí fágtha díobh, go dtí an Phalaistín nó go dtí na Stáit Aontaithe; chuaigh na Polannaigh go dtí an Pholainn; chuaigh na hÚcránaigh go dtí an Úcráin Shóivéadach; chuaigh na Gearmánaigh go dtí an Ghearmáin; agus araile. B’in é an rud ar a dtugtaí aisdúichiú, repatriacja as Polainnis – ach ba mhinic nach raibh mórán aithne ag na daoine “aisdúichithe” ar an tír “dhúchais” inar cuireadh de thoradh an chogaidh “ar ais” iad. Fuair cuid mhór acu bás, fiú, nuair a “haisdúichíodh” le lámh láidir na bhfórsaí armtha iad.

Posted in: Nuacht