Lá ‘le Piúc

Posted on Márta 17, 2014 le

3



Tá lá náisiúnta na hÉireann linn. Deir Eoin P. Ó Murchú gur chóir dúinn an deis a ghlacadh le breathnú orainn féin agus fiafraí an bhfuil aon rud le ceiliúradh againn in aon chor. 

 

Seo Lá ‘le Pádraig againn anois, lá a cheiliúrtar ó cheann cheann na cruinne. Ó St Patty’s Day Mheiriceá leis an mórshiúl ba thúisce a tosaíodh is na haibhneacha glasa, go laethanta cráifeacha is cluichí móra CLG in Éirinn is iomaí cineál cuma a bhíonn ar an lá do dhaoine éagsúla. Agus tá áit ar leith ag an lá i gcroí an Éireannaigh, pé cineál Éireannaigh é sin.

Céard is Éireannach ann ar na saolta seo? Saoránach de thír bheag ar imeall na hEorpa, ceann ar cuireadh an cultúr dúchais faoi chois ann agus é imeallaithe ann nach mór go hiomlán, fiú iontu sin is mó a samhlaítear an dúchas sin leo? Nó an duine atá ann a bhaineann le tírín nua-aimseartha atá tar éis cúl a thabhairt le cine agus leis an seanrud ach aghaidh a thabhairt ar an domhan úr le flosc is le fonn.

Céard iad na rudaí a shainíonn Éire? An CLG, an ceol, agus an Ghaeilge a déarfar. An teacht aniar, an greann, an chraic, an pub. Ach cad faoin bhféin-náire, an ceann faoi, an cuma-liomachas, an mé-féineachas a luaifear mar mhalairt? Cé acu is tréine? Ar na saolta deireanacha seo is oth liom a rá gur ag aontú níos mo leis an dara scata tréithe atáim.

Ar bhealach déanann Lá ‘le Padraig na gnéithe is measa den Éireannachas a chur os comhair an tsaoil. Éinne a shiúlfaidh sráideanna an oileáin seo inniu feicfidh siad gach céim den mheisce ó shúgacht go sárphótaireacht is ar ais arís. Mura bhfeicfidh tú daoine ag cur amach ní bheidh atmaisféar an lae braite mar is ceart agat. 

Ach nuair a bhreathnóimid ar imeachtaí Lá ‘le Pádraig ar an teilí feicfimid dream uaibhreach, uasal, a thagann as íon-oileán iathghlas lán lucht léinn is scoláirí. An t-Éireannachas ar féidir é a dhíol le Poncáin. An t-Éireannachas a chuireann ina luí ar dhaoine gur ann do leipreacháin agus charachtair P.S. I Love You. An t-Éireannachas a deir linn de chogar ‘ciúnas, ciúnas’ is a mharaíonn le liostacht sinn. 

Galar tógálach go maith é sin, agus ceann eile a bhíonn sa treis an t-am seo bliana ná; gné na hÉireann a aimsiú i ngach rud cuma cé chomh fada uainn atá sé. Seo galar a bhíonn ar gach cuid de na meáin shamhlófá. Abair an bhean a chum rud éigin iontach nua úsáideach, cé go mb’fhéidir gur bean Spáinneach í, a bhí ag fáil tacaíochta ón Spáinn agus a bhraith ar thaighde is chomhobair Spáinneach, in Éirinn díreofar ar an tslí gur ól sí Ballygowan tráth agus tabharfar le fios gur ól seo an fhíoruisce Éireannaigh a spreag an bhunchumadóireacht. Nílimid chomh speisialta sin. Níor tháinig gach rud a chuaigh chun sochair an chine dhaonna ó lámh Éireannach.

Cad faoin náisiún Éireannach? Is eagal liom nach bhfuil aon sainniúlacht Éireannach ar fiú trácht uirthi a thuilleadh, tríd is tríd tá sé chomh caolaithe sin ag cultúir atá ar leic an dorais agus an idirlín againn. An féidir linn a rá gur ann don náisiún Éireannach a thuilleadh? An leor hataí leipreacháin, bannaí máirseála Meirceánacha agus meisceoireacht le náisiún a chruthú? Ní dóigh liom é, agus ar an drochuair nílim chomh cinnte sin gur ann d’aon rud eile ach é.

D’fhéadfaimis greim a bhreith ar an saol agus saol an oileáin seo agus craitheadh a bhaint as agus traidisiún úr a bhunú nach mbaineann leis an gcúngaigeantacht nó féinfhuath, an t-ól síoraí is an diúltachas. D’fhéadfaí braith ar na scileanna atá againn sa litríocht, sa ghreann, sa scéalaíocht, sa chomhar is sa mheitheal. D’fhéadfaí nascadh agus tacú lena chéile i bhfad níos fearr, is lenár dtimpeallacht, is a bheith glas san aon bhealach a bhfuil maitheas ag baint le glaise. D’fhéadfaí iad seo uile a dhéanamh is dócha, agus iad a cheiliúradh ar lá nua náisiúnta nach mbeadh bunaithe ar phiseoga ach cé a dhéanfaidh? Mise nó tusa? Bhuel, táim féin chun dul chuig an bpub.

Is ar bhonn pearsanta atá údar an ailt ag scríobh anseo, is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag @murchadhmor ar twitter 

Posted in: Nuacht