Is é an t-éadach an duine

Posted on Aibreán 8, 2014 le

0



An tUltach

Máire Zepf

"Bhí sé cosúil le seandálaíocht phearsanta, ag tochailt trí na héadaí – agus na tréimhsí ama lenár bhain siad." “Bhí sé cosúil le seandálaíocht phearsanta, ag tochailt trí na héadaí – agus na tréimhsí ama lenár bhain siad.”

Tá mé cineál sásta liom féin. An bhfuil a fhios agat an cineál sin sástachta a chuireann thú ag bocléim thart ar an chistin agus miongháire ar d’aghaidh ó chluas go cluas?

Is ea, sin mise i láthair na huaire. Ar mhuin na muice. Cad chuige? Ar bhain mé duais mhór sa chrannchur náisiúnta? Ar éirigh liom i scrúdú? Ar chuir mé Rubik’s Cube le chéile i gceart?

Ní hea, ach le bliain anuas, tá mé ag obair go crua ar mo shláinte agus ag cailleadh meáchain. Anois, faoi dheireadh thiar, tá mé i ndiaidh an líne dheiridh a thrasnú (is ea, tá cead agat bualadh bos a thabhairt dom, más maith leat).

Tá breis is trí chloch meáchain caillte agam, agus mothaím níos folláine, níos fuinniúla, níos óige.

Amharc ar an alt bunaidh 514 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht