Cárta Dearg do Gheansaithe CLG ag UU?

Posted on Aibreán 9, 2014 le

1



Iarracht ar bun cosc a chur ar gheansaithe CLG in Ollscoil Uladh.

UUJ-SKY-HOME-JERSEY_1

Tá Ollscoil Uladh ag déanamh athmhachnamh ar pholasaí s’aige ligint do mhic léinn geansaithe CLG a chaitheamh ar an champas.

Tá sé seo ag tarlú mar thoradh ar fheachtasaíocht de chuid cheannaire an TUV, Jim Allister – deir sé go gcruthaíonn siad ‘chill factor’ do Phrotastúnaigh.

Tá polasaí dea-chaidrimh nua á fhorbairt ag an Ollscoil agus cuirfear sin faoi bhráid an choiste ábhartha i mí Aibreáin.

Ní gá a rá dá gcuirfí cosc ar gheansaithe de chuid an CLG go mbeadh sé in an-chonspóideach ar fad. 

Posted in: Nuacht