Snámh do Phádraig

Posted on Aibreán 9, 2014 le

0



50 Duine Óga Ag Snámh Chun Airgead A Thiomsú ar son Phádraig Schäler

snámh do Phadraig

Beidh 50 duine óga ag teacht le chéile le páirt a ghlacadh i ‘Snámh Phádraig’, imeacht chun airgead a thiomsú ar son a gcarad atá an-tinn, snámhóir den scoth agus Gaeilgeoir tiomanta, Pádraig Schäler.

Pádraig Schaler

Pádraig Schaler

Taistealóidh siad timpeall na hÉireann thar thréimhse 38 uair an chloig, 12-13 Aibreán, ag snámh go misniúil san fharraige fhuar i ngach contae sa tír a bhfuil cósta aige – is é sin 17 gcontae san iomlán!

 Gortaíodh Pádraig, 23 bliana d’aois, go dona ar 27 Meitheamh 2013 agus é ar víosa J1 in Cape Cod, Massachussetts. Bhí sé ag rothaíocht go dtí a ionad oibre nuair a bhuail veain é agus fágadh i gcóma é ó shin. Bhí sé díreach críochnaithe leis an bhunchéim i gColáiste na Tríonóide, áit a ndearna sé staidéar ar an Stair agus ar an Ghaeilge.

Tar éis do Phádraig coicís a chaitheamh in aonad dianchúraim sna Stáit Aontaithe, thóg a thuismitheoirí ar ais go hÉirinn é. Rinne siad an cinneadh Pádraig a bhogadh chun na Gearmáine ar deireadh, áit a bhfuil sé anois ag fáil an chúraim chuí agus ag déanamh dul chun cinn de réir a chéile.

Arsa Aodhán Ó Deá, atá ag eagrú an tsnámha: “Bheartaíomar an snámh a dhéanamh toisc go bhfuil grá ag Pádraig féin don snámh. Táimid ag tabhairt faoin dúshlán seo ar mhaithe le hairgead a thiomsú le cuid den ualach trom airgid a leagadh ar theaghlach Phádraig a laghdú. Cuireadh ciste speisialta ar bun, ‘Caring for Pádraig’, agus úsáidfear gach pingin a bhailítear le linn ‘Snámh Phádraig’ chun íoc as na costais mhóra éagsúla a bhaineann le cúram Phádraig.”

Má tá spéis ag daoine airgead a thabhairt, is féidir leo urraíocht a dhéanamh ar shnámhaí ag www.idonate.ie/766/snamh-phadraig/.

Is féidir níos mó a fhoghlaim faoi Phádraig ag www.caringforpadraig.org. Chomh maith leis sin, scríobhann athair Phádraig, Reinhard Schäler, blag cumhachtach gach lá ag www.hospi-tales.com.

léarscáil

 

Clibeanna:
Posted in: Nuacht