An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a Seacht (An Chrimé)

Posted on Aibreán 11, 2014 le

1



Ó tá ceist na Crimé go mór mór i mbéal an phobail inniu, agus an leithinis chéanna ina mórchnámh spairne idir an Rúis agus an Úcráin, ní mór dom an chéad chuid eile den tsraith seo a thiomnú do stair na Crimé.

Tá an Chrimé suite in áit chomh straitéiseach is go ndeachaigh sí ó lámh go lámh i rith a staire, ach ba chuid de dhomhan na seanársaíochta Clasaicí í, agus áitreabh sean-Ghréagach ann dá réir sin. Ón gcúigiú haois déag go dtí an t-ochtú haois déag, bhí an leithinis á rialú ag Cán na Crimé – tháinig Cánacht na Crimé chun saoil mar stát ar leith nuair a thit an Mathshlua Órga as a chéile. Is éard a bhí i gceist leis an Mathshlua Órga ná an stát mór a bhunaigh na Mongólaigh i ndeisceart na Rúise (de réir thíreolaíocht ár linne féin), ach Tataraigh – is é sin treibheacha éagsúla a raibh teangacha Turcacha á labhairt acu – ab ea sluaite cogaidh an Mhathshlua, agus cé gur fhan na Mongólaigh ag rialú an Mhathshlua, ba iad na teangacha Turcacha ba mhó a labhraítí. Sa deireadh thit an Mathshlua as a chéile ina chánachtaí Turcacha nó Tataracha. Mar sin, stát Tatarach ab ea Cánacht na Crimé.

Inniu tugtar Tataraigh ar dhá dhream de lucht labhartha na dteangacha Turcacha ach go háirithe: Tataraigh na Tatarstáine agus Tataraigh na Crimé. Ní féidir a rá go mbeadh cúis cheart leis an nós seo, nó níl gaol teanga ná béasaíochta acu le chéile thar an ngaol is dual do na náisiúin Thurcacha go léir. Scéal eile áfach go mbíonn na teangacha seo réasúnta intuigthe ag cainteoirí a chéile chomh gaolmhar is atá siad. Rinne teangeolaithe áirithe iarrachtaí gaol a aithint idir na teangacha Turcacha agus na teangacha Mongólacha freisin, agus iad a cheangal dá chéile i bhfine na dteangacha “Altaecha”, ach is ábhar conspóide é an bhfuil a leithéid d’fhine ann ar aon nós.

Genghis Khan

Saighdiúirí Mongólacha. Ealaíontóir Peirseach Muslamach a rinne an pictiúr seo i dtús na ceathrú haoise déag. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Ní raibh neamhspleáchas iomlán ag an gCánacht ach ar feadh tréimhse réasúnta gairid. Sa bhliain 1475 b’éigean don Chán géillsine a mhionnú do Shabhdán na nOtamánach, is é sin don Tuirc, agus ní raibh sa Chánacht ina dhiaidh sin ach coimirceas Otamánach, cé go raibh féinrialtas sách láidir acu. Mar shampla bhí cead a chinn ag Cán na Crimé i leith na gcogaí in aghaidh an Mhathshlua Mhóir, is é sin iarsmaí deireanacha an Mhathshlua Órga, agus mhair na cogaí sin go dtí an bhliain 1502, nuair a threascair trúpaí an Cháin an Mathshlua.

Bhí caidreamh réasúnta cogúil ag muintir na Cánachta leis na stáit Chríostaí, ó ba chuid lárnach d’eacnamaíocht na Cánachta í an trádáil sclábhaithe, agus ba iad críocha éagsúla na Polainne agus na Liotuáine bráite seilge na bhfarairí le sclábhaithe nua a chimiú. Ón taobh eile de theastaíodh ón gCán dul i gcomhghuaillíocht leis na comharsana Críostaí ó am go ham, rud a chiallaigh nach bhfuair gach ruathar a rinne uaisle a ríochta ar lorg sclábhaithe faomhadh an Cháin. Mar sin féin, is beag a bhí an Cán in ann a dhéanamh leis na ruathair sin a stopadh, ó bhí geilleagar na Cánachta i dtuilleamaí na sclábhaíochta.

Simferopol

Simferopol sa naoú haois déag. Ba é an t-ealaíontóir Iodálach Carlo Bossoli a dhathaigh an pictiúr seo. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Faoi dheireadh na hochtú haoise déag thit an Chrimé leis an Rúis de thoradh ceann de na cogaí a bhíodh na himpirí Rúiseacha de shíor a chur ar na Turcaigh. Thosaigh Rúisigh ag socrú síos sa Chrimé, agus fuair cathracha na leithinise ainmneacha nua Gréigise mar chuimhneachán ar stair Ghréagach na Crimé – is fíor áfach nach ainmneacha seanársa a bhí i gceist leo. Sin é an tuige a bhfuil logainmneacha ar nós Simferopol, Sevastopol, Feodosiya, Yevpatoriya nó Livadiya ann. Nuair a hiompaíodh an leithinis ina cúige Impiriúil Rúiseach, is é an t-ainm a fuair an cúige sin ná Tavrida – ainm eile ón tsean-Ghréigis.

Tháinig athrú mór ar an daonra féin de thoradh Chogadh na Crimé – leis an gcogadh seo a bhaineas dán cáiliúil Alfred Tennyson faoin mbriogáid mharcshlua a fuair ordú mícheart agus a rinne rúchladh féinmharaitheach faoi thrúpaí na Rúise. Rinne an cogadh seo léirscrios mór ar fud na Crimé, agus d’imigh cuid mhaith de na Tataraigh go dtí an Tuirc gan filleadh abhaile i ndiaidh na gcathanna.

Nuair a bhí cogadh cathartha á chur sa Rúis i ndiaidh réabhlóidí na bliana 1917, bhí saint mhór ag na dreamanna éagsúla sa Chrimé, agus b’iomaí craiceann a chuir an Chrimé di i rith bhlianta an chogaidh. Ar dtús, ghair na Tataraigh Qırım Halq Cumhuriyeti den leithinis – aon duine a bhfuil salacharaíl éigin aige d’aon chineál teanga Thurcach tuigfidh sé ar an toirt gurb é “Daonphoblacht na Crimé” nó “Poblacht Phobail na Crimé” is ciall don méid sin.

Ismail Gasprinsky

İsmail Gasprinskiy nó Gaspıralı, intleachtóir mór na Muslamach sa tsean-Rúis. Tatarach ón gCrimé a bhí ann a bhunaigh an iris Terjiman (“An tAistritheoir”) sa bhliain 1883. Scríobhadh sé i dteanga a bhí idir eatarthu idir na canúintí éagsúla Turcacha a labhraítí sa tsean-Rúis, agus é ag úsáid na haibítre Arabaí le difríochtaí fuaimnithe na dteangacha sin a cheilt. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

Ba í Daonphoblacht na Crimé an chéad iarracht a rinne aon phobal Muslamach riamh stát saolta a bhunú, ach ar an drochuair ní raibh fad saoil i ndán don phoblacht sin. Chuir na Boilséivigh faoi chois í agus rinne siad Poblacht Shóivéadach di – poblacht nár mhair ach ó Mhárta go hAibreán na bliana 1918. Ina dhiaidh sin, shealbhaigh trúpaí Impiriúla na Gearmáine an leithinis, agus a gcuid comhghuaillithe ón Úcráin ag cabhrú leo. Bhunaigh siad rialtas réigiúnach nua don Chrimé agus chuir siad ginearál Polannach darbh ainm Maciej Sulkiewicz i gceannas ar an rialtas.

Maciej Sulkiewicz

Maciej Sulkiewicz (thugadh sé Muhammad agus Sulayman air féin freisin). Nuair a ruaigeadh as an gCrimé é, chuaigh sé go dtí an Asarbaiseáin le dul i gceannas ar arm na tíre sin. Ba iad na Boilséivigh a chuir Sulkiewicz chun báis nuair a shealbhaigh siad an Asarbaiseáin le poblacht Shóivéadach eile a dhéanamh di. Labhraíonn muintir na hAsarbaiseáine teanga atá an-chosúil le Tuircis na Tuirce féin. (Pictiúr: Vicipéid na Polainnise.)

Cineál Tatarach ab ea Sulkiewicz féin – Tatarach ón Liotuáin nó ón bPolainn, sliocht sleachta na dTatarach a tháinig ón gCrimé go dtí an Liotuáin sa 14ú haois. Chuaigh na Tataraigh seo chun Slavachais i rith na gcéadta bliain, is é sin thosaigh siad ag labhairt Bealarúisise nó Polainnise agus rinne siad dearmad glan dá seanteanga, cé gur Muslamaigh iad inniu féin. Is gnách “Tataraigh Lipka” a thabhairt ar na Tataraigh Pholannaithe seo: is é “Lipka” an seanleagan Tatairise den “Liotuáin”. Chuala muid go léir trácht ar dhuine amháin de phór na dTatarach seo – Charles Bronson, arbh é Buchinsky (nó Buczyński, de réir litriú na Polainnise) a fhíorshloinne.

Níor mhair Sulkiewicz féin i gceannas ar an gCrimé ach tamall – nuair a d’fhág na trúpaí Gearmánacha an Chrimé, thug na Tataraigh bata agus bóthar dó, agus tháinig fear darbh ainm Solomon Samoilovich Krym ina áit. Cineál Giúdach a bhí ann, nó bhain sé leis an tseict ar a dtugtar karaimi qaraylar – labhraíonn na “Caráímigh” teangacha Turcacha agus tugann siad urraim don Tanakh – is é sin, don tSean-Tiomna – ach ní ghlacann siad leis an Mishnah ná leis an Talmúd.

Cibé faoi reiligiún Krym, bhí sé ina dhaonlathach liobrálach – is é sin bhí sé ina bhall den Pháirtí Dhaonlathach Bhunreachtúil. Ba iad na Daonlathaigh Bhunreachtúla páirtí liobrálach na Rúise i mblianta deireanacha na hImpireachta. Ball eile den pháirtí seo ab ea sean-Vladimir Nabokov, nó Vladimir Dmitrievich Nabokov, a bhí ina Aire Dlí agus Cirt i rialtas Sholomon Krym. Chuala an saol iomrá ar mhac an pholaiteora seo, Vladimir Óg (Vladimir Vladimirovich Nabokov), a bhain amach clú agus cáil mar scríbhneoir lena chuid scríbhinní Rúisise agus Béarla araon. Kadety an leagan giorraithe d’ainm an pháirtí. Ba é Pavel Milyukov cathaoirleach an pháirtí seo, agus é ina ollamh ollscoile ag léachtóireacht faoi stair agus faoi chultúr na Rúise.

Tháinig deireadh le rialtas Krym le teacht an earraigh 1919, nuair a d’fhorghabh na Boilséivigh an leithinis in athuair. B’éigean do Krym agus do Nabokov teitheadh lena n-anam, agus chuaigh deartháir Léinín, Dmitry Ulyanov, i gceannas ar an rialtas sealadach nua. Níor mhair an phoblacht Shóivéadach seo ach tamall, nó i dtús an tsamhraidh ghabh fórsaí na mBán an leithinis. Ar dtús ba é an Ginearál Anton Denikin a bhí i gceannas ar rialtas na mBán, agus ansin tháinig ginearál eile de chuid na nGardaí Bána i gcomharbas air, mar atá, Pyotr Wrangel.

Vasily_Aksyonov

Vasilii Aksyonov, scríbhneoir bisiúil úrscéalta. Chuala an saol mór iomrá ar a mháthair freisin, Yevgeniya Ginzburg, a scríobh leabhar tábhachtach dírbheathaisnéise faoi champaí géibhinn an Aontais Shóivéadaigh, Krutoy marshrut (“Bealach Géar” – Into the Whirlwind is teideal don leagan Béarla). Bhí an mac ní b’éadromchroíúla mar scríbhneoir, agus é doirte do chultúr an Iarthair, an snagcheol ach go háirithe. Díbríodh as an Aontas Sóivéadach é, agus chaith sé na blianta fada ina émigré sna Stáit Aontaithe. Fuair Aksyonov bás sa bhliain 2009, agus é sé bliana déag is trí scór d’aois. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

Fuair an rialtas seo aitheantas agus tacaíocht ó na Meiriceánaigh agus ó na Francaigh, ach nuair a thosaigh an cogadh ag teip ar a chuid fórsaí i nDeisceart na Rúise, chaill sé an tacaíocht sin de réir a chéile. I Mí na Samhna 1920 tháinig na Boilséivigh i seilbh na Crimé agus rinne siad cuid den Aontas Shóivéadach di.

Chuir Vasilii Aksyonov, scríbhneoir agus easaontóir Sóivéadach suim i stair na Crimé i rith an Chogaidh Chathartha, agus sa bhliain 1979 d’fhoilsigh sé leabhar faoin teideal Ostrov Krym, is é sin “Oileán na Crimé”. Bhí imeachtaí an úrscéil seo suite i malairt staire ina raibh arm Denikin in ann cineál neamhspleáchais a bhaint amach don Chrimé, ach amháin go raibh an neamhspleáchas sin bunaithe ar an bhficsean oifigiúil gurb é rialtas na Crimé fíor-rialtas na Rúise go léir, agus gur rialtas bréige a bhí i gceannas ar an Aontas Sóivéadach – díreach cosúil leis an dóigh a n-áitíonn rialtas na Téaváine gurb iadsan rialtas “náisiúnta” na huile Shíne. Dá réir sin, bhí cuma na sealadachta ar an gCrimé go léir, mar a samhlaíodh d’Aksyonov í: ba é “Banc na bhFórsaí Armtha i nDeisceart na Rúise” a d’eisíodh airgead na Crimé.

Scéal eile a bhí fíor inár stair féin: i ndiaidh chogadh cathartha na Rúise agus bhunú an Aontais Shóivéadaigh rinneadh poblacht fhéinrialaitheach den Chrimé, mar chuid de Phoblacht Shóivéadach Chónaidhm na Rúise, agus ba iad an Rúisis agus Tatairis na Crimé teangacha oifigiúla na poblachta seo.

Bhí féinriail chultúrtha éigin ag an mionlach Gréagach fosta, agus iad ag iarraidh a dteanga a shaothrú arís i luathbhlianta an tSóivéadachais. Bhí siad idir dhá chomhairle faoin gcineál Gréigise ba chóir dóibh a scríobh, nó bhí cuid acu barúlach gur chóir Gréigis na Gréige a chleachtadh, agus an chuid eile ag áitiú gur teanga inti féin a bhí i nGréigis na nGréagach Sóivéadach agus gurbh fhearr caighdeán liteartha ar leith a fhorbairt don chanúint sin. Ar ndóigh bhí polaitíocht ag roinnt leis an scoilt seo: iad siúd a bhí ag moladh caighdeán ar leith, theastaigh uathu an mionlach Gréagach a cheangal den Aontas Sóivéadach agus ding a shá idir é agus muintir na Gréige féin, agus an dream eile ag cur béime ar an idirnáisiúntacht Chumannach agus ar an obair bolscaireachta a bhí le déanamh chun réabhlóid a spreagadh sa Ghréig – misean a bheadh ann do mhuintir Ghréagach an Aontais Shóivéadaigh, dar leis an dream seo. Bhí an dara dream go mór mór thíos leis an Stailíneachas, nó nuair a fuair Stailín an lámh in uachtar, ba é an mana a bhí aige ná “Sóisialachas in aon tír amháin”, agus é ag ionsaí lucht leanúna an réabhlóideachais dhomhanda mar “lucht Trotscaíochais”. Ba é deireadh an scéil gur díbríodh Gréagaigh na Crimé go léir go lár na hÁise.

2000px-Flag_of_the_Crimean_Tatar_people.svg

Bratach Thataraigh na Crimé. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Sin é a raibh i ndán do Thataraigh na Crimé fosta. Nuair a bhí an Purgú Mór ag siúl ar mhuintir an Aontais Shóivéadaigh, cuireadh a lán intleachtóirí Tataracha Criméacha chun báis mar “náisiúnaithe buirgéiseacha”, mar ba ghnách a dhéanamh san am. Fuair cuid mhaith de na Tataraigh bás roimhe sin féin, le linn ghorta mór na hÚcráine agus le linn fheachtais chomhsheilbhíochta agus “dí-Chulacaithe” na talmhaíochta. Le linn an chogaidh, arís, d’éirigh leis na Gearmánaigh Tataraigh a mheallad chun comhoibriú leo, agus chuir siad ar bun cathlán ar leith do na hearcaigh Thataracha Chriméacha. Cé go raibh an chuid ba mhó d’fhir Thataracha na Crimé ina saighdiúirí san Arm Shóivéadach, chinn Stailín ar phionós a ghearradh don phobal go léir: díbríodh Tataraigh na Crimé, an t-iomlán acu, go dtí an Úisbéiceastáin, ceann de phoblachtaí an Aontais Shóivéadaigh i Lár na hÁise.

Fuair na mílte Tataraigh bás de dheasca na díbeartha seo, agus cé gur héigiontaíodh iad i ndiaidh do Stailín bás a fháil, ní bhfuair siad cead abhaile ach i ré na peireastráice sna hochtóidí. Chuir siad go tréan ar a son, agus feachtais éagsúla agóide á n-eagrú acu, ach san am go léir staon siad go dian ó gach cineál foréigin. Bhí a gcuid feachtas bunaithe ar an neamhfhoréigean ó thús deiridh, cé gur fhulaing siad cruachás mór san Aontas Sóivéadach i ndiaidh a n-éigiontaithe féin: chaith Mustafa Dzhemilev, arb é ceannaire polaitiúil na dTatarach sa Chrimé inniu, – chaith sé breis is cúig bliana déag sna príosúin agus sna campaí géibhinn san Aontas Sóivéadach.

Thosaigh na Tataraigh ag cur fúthu sa Chrimé arís i dtús na nóchaidí. Níor thug stát na hÚcráine aon chuidiú ar leith dóibh, cé go raibh sé sásta stádas oifigiúil a bhronnadh ar an Tatairis sa Chrimé féin. Ní bhfuair parlaimint na dTatarach, an Medzhlis, ach stádas na heagraíochta neamh-Stáit. Mar sin féin bhí na Tataraigh in ann fódú a dhéanamh sa Chrimé i mblianta neamhspleáchas na hÚcráine. Deirtear go bhfuil siad ar an bhfórsa polaitiúil is dlútheagraithe sa Chrimé go léir, cé gur mionlach iad.

Faoin am seo chuala an saol cheana gur haistríodh an Chrimé ón Rúis chun na hÚcráine nuair a bhí Nikita Khrushchev ina Ard-Rúnaí ar Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh, agus is minic a deirtear nach raibh ann ach rud a rith leis nuair a bhí sé ar meisce. Sa choimhthéacs seo is minic a thagraítear do dhúchas Úcránach Khrushchev, cé nach bhfuil ann ach cur i gcéill – saolaíodh Khrushchev i mbaile beag Kalinovka sa Rúis, sách cóngarach do theorainn Úcránach-Rúiseach an lae inniu. Ina óghfheidhmeannach Chumannach dó bhí Khrushchev páirteach sna géarleanúintí in aghaidh na nÚcránach, agus é ag tabhairt na hÚcráine chun Rúiseachais. Mar sin cé gur chaith sé tréimhse fhada ag obair san Úcráin, ní féidir a rá go raibh sé ag fabhrú don tír sin ar aon nós. Bhí cinneadh aistrithe na Crimé ullmhaithe ag údaráis an stáit is an pháirtí i bhfad roimhe sin, is dócha, agus má dúradh go bhfuair an Úcráin an cúige seo mar bhronntanas breithlae, ní raibh ann ach bolscaireacht den chineál ba dual don stát Shóivéadach riamh.

Posted in: Nuacht