Tuairisc.ie an Buaiteoir

Posted on Aibreán 11, 2014 le

0



Is é tuairisc.ie buaiteoir comórtas Fhoras na Gaeilge le nuachtán ar líne a fhoilsiú.

Rinneadh an fógra ag 13:00 inniu agus tuigtear go dtosóidh sé ag foilsiú ag deireadh an tsamhraidh.

Is é Seán Tadhg Ó Gairbhí, iar-eagarthóir Foinse atá taobh thiar den togra agus tá daoine eile a raibh baint acu le ‘sean-Fhoinse’ luaite leis.

Lena chois sin, fuarthas spléachadh ar an suíomh nua ní ba luaithe inniu, agus bhí leithéidí Póilín Ní Chiaráin, Alan Titley agus Cathal Mac Coille le feiceáil ann.

Ach tuigtear go mbeidh dúshlán á thabhairt ag Concubhar Ó Liatháin a bhí taobh thiar d’iarracht eile don chinneadh.

Comhghairdeas le Tuairisc ach bfhéidir nach bhfuil an rás seo thart. Tá ceisteanna agam faoin bproiséas a raibh ag an bhForas chun an buaiteoir a roghnú. Bunaithe ar na freagraí ar na ceisteanna sin, tá seans laidir ann go dtabharfaidh iNuacht dúshlán don chinneadh, fiú sna cúirteanna,” a scríobh sé ar leathanach Facebook an Fhorais. 

Seo ráiteas an Fhorais :

15176_633929530019518_123445503936001089_n

Posted in: Nuacht