10,000 ‘dearg le fearg’ ar shráideanna Bhéal Feirste

Posted on Aibreán 17, 2014 le

1



Crá Croí Cois Cuain

An Lá Dearg An Lá Dearg

Bhuel, tharla sin.

Dé Sathairn seo caite tháinig beagnach 10,000 duine go Béal Feirste le páirt a ghlacadh sa Lá Dearg, mórshiúl ag éileamh cearta, cothromas agus cóir do phobal na Gaeilge.

Bhí daoine ó gach cearn den tír i láthair, ó Ghlinntí Aontroma go Corca Dhuibhne i gContae Chiarraí. Chomh maith leis sin bhí imeachtaí dlúthpháirtíochta ag titim amach i Meiriceá Thuaidh, le Gaeil i Nua Eabhrac agus i gCeanada ag déanamh a gcuidse le tacú leis an lá.

Tháinig an lá seo i gcomharba ar Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra. Tá feachtas náisiúnta a thógáil le cinntiú go mbeidh todhchaí ann don Ghaeilge, go maireann sí sna Gaeltachtaí agus go bhfuil na deiseanna agus an ceart ag pobal na teanga san iarGhaeltacht, idir thuaidh agus theas, lena saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.

Ba é éirí as Sheáin…

Amharc ar an alt bunaidh 590 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht