An Lá Dearg – Ní raibh ann ach tús

Posted on Aibreán 19, 2014 le

2



Caoimhe Ní Chathail
Sna sála ar an Lá Dearg, tá ceist tábhachtach ann nár cuireadh go fóill, “Cad chuige a raibh na mílte duine i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta Dé Sathairn 12ú Aibreán le siúl fríd Chathair Bhéal Feirste agus iad ag caitheamh dearg?”
Bhí na rannpháirtithe ag léiriú a bhfeirge maidir le teip an Fheidhmeannais cearta Gaeilge a chosaint agus maidir le heaspa chur i bhfeidhm na ngealltanas a rinneadh ag Aontais Idirnáisiúnta fá choinne chothromas a lucht labhartha. I measc na ndaoine a bhí i mbun feachtais bhí teaghlaigh, daoine óga, páistí scoile agus an t-aon scairt amháin ar bharr a dteanga ná “Cearta, Cothromas agus Cóir”.
Tá na héilimh iontach simplí;
• Cur i bhfeidhm Acht na Gaeilge ceart-bhunaithe ar a bhfuil muid ag fanacht go fóill;
• Córas cuimsitheach Gaeloideachais a bhfuil na hacmhainní cuí ann ón Naíscoil fríd chuig an Ollscoil;
• Na hacmhainní cuí d’fhás agus d’fhorbairt Phobal na Gaeilge.
In aineoinn go raibh an scaifte ‘Dearg le Fearg’, agus iad ag cur in iúl a gcuid frustrachas maidir leis an easpa dul chun cinn, mhothaigh gach duine a bhí i láthair an dóchas, an bród agus an dearfacht a bhain leis, áit ar léiríodh oscailteacht agus cuimsitheacht agus áit a raibh fáilte roimh chách faoin aon dath amháin.
Bhí díomá orainn mar sin de nár chuir cuid de na meáin chumarsáide an dóchas seo ná aidhmeanna an fheachtais i láthair an phobail go cruinn agus iad ag tuairisciú ar an ócáid.
Bíodh is gur léirigh an chuid is mó de na meáin go raibh i bhfad níos lú i láthair ná mar a bhí, roghnaigh páipéar nuachta mór amháin díriú isteach ar thitim amach idir páirtithe polaitiúla agus ar mhionlach de dhílseoirí a chruinnigh i Sráid an Chaisleáin in ionad na n-éileamh a bhí acu siúd a d’fhreastail ar an léirsiú rathúil seo.
Tá ábhar buairimh againn faoin dóigh ar athraigh an fócas ón fheachtas féin go titim amach idir urlabhraithe ar son pháirtithe polaitiúla.
Is rud é seo nach gcuireann muid fáilte roimhe agus is rud é a bhaineann ó bhrí an fheachtais agus a dhéanann faillí ar na mílte saoránach a tháinig chuig an léirsiú agus cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge ar intinn acu.
Dála gach streachailt ar son cearta daonna i gcomhthéacs an leatroim agus imeallú, is feachtas polaitiúil é an feachtas seo.
Tá sé mar aidhm againn gach duine a bhfuil freagrachtaí dlithiúla agus polaitiúla orthu a ndualgais a chomhlíonadh agus bheith ag caitheamh le pobal na Gaeilge leis an mheas agus leis an dínit atá tuillte againn.
Bhí an léirsiú oscailte do chách agus bhí fáilte roimh chách agus táimid iontach buíoch don tacaíocht uilig a fuair muid as gach gné den phobal.
On tús, tá an feachtas seo saor ó thionchar pháirtithe polaitiúla ó chearn ar bith. Ní chuirfear ar seachrán muid ó na cúiseanna cheart-bhunaithe atá idir láimhe againn trí pháirtí polaitiúil ar bith nó grúpa ar bith a cháineadh nó a ionsaí. Ní bheidh muid á dhéanamh.Is dóigh linn go bhfuil gach polaiteoir cuntasach.
Cé go bhfuair pobal na Gaeilge tacaíocht ó roinnt mhaith pholaiteoirí san am a chuaigh thart, táimid go fóill faoi leatroim ag leibhéal córais maidir le cearta agus áiseanna. Caithfear dul i ngleic leis an leatrom seo le go dtiocfaidh an teanga i mbláth agus le go bhfásfadh sí.
Sa deireadh, is ar na daoine i gcumhacht atá na freagrachtaí seo.Mar gheall air sin, sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, beimid ag iarraidh tacaíocht ó na Rialtais, ó bhaill thofa, agus ó na húdaráis chuí le hiarraidh orthu a ndualgais a chomhlíonadh agus dispeansáid nua a chruthú do phobal na Gaeilge atá saor ón naimhdeas, ón leatrom agus ón imeallú.Is é an rud atá láidir faoin fheachtas seo ná gur ón bhun aníos a tháinig sé, bunaithe ag an phobal, ag leibhéal pobail agus níl sé claonta i dtreo grúpa nó eagraíocht Ghaeilge ar bith. Is mar gheall ar úinéireacht an phobail a thug níos mó ná fiche eagraíocht deonachán fial dúinn óna n-áiseanna féin atá ag dul in éag, agus iad ag tacú leis an Lá Dearg, rud a chiallaigh gur éirigh chomh maith le gach rud ar an lá féin.

Tháinig na mílte Gael, gan sainordú nó clár páirtí-pholaitiúil amach ar na sráideanna le go gcluinfear a nglórtha. Léirsiú a bhí sa Lá Dearg leis na húdaráis a chur ar an eolas nach faoi bhfágfar pobal na Gaeilge in áit na leathphingne ar na hoileáin seo, ná san Eoraip.

Léirigh na haoichainteoirí dearcadh phobal na Gaeilge ach ní bhfuair na cúiseanna a luaigh siad clúdach cruinn na meáin.
Sé bliana déag i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, go fóill tá Gaeil Óga againn a bhfuil cos ar bolg á dhéanamh orthu agus a bhfuil cearta taisteal go fóill ar iarraidh acu ar ár scoileanna; ocht mbliana i ndiaidh an ghealltanais a rinneadh ag comhaontú idirnáisiúnta i gCill Rímhinn le hAcht na Gaeilge a chur i bhfeidhm, níl cearta teanga againn go fóill, agus ní ba luaithe i mbliana cuireadh áiseanna teoranta agus infreastruchtúr leochaileach s’againn i mbaol ag ciorruithe an rialtais.
Tá lucht labhartha na Gaeilge ag maíomh gur leor sin. Tá sé de cheart againn bheith ar chomhchéim le gach duine agus le gach dream eile sa phobal agus ní ghlacfaidh muid le neamhaird inár dtír féin.
Léiriú a bhí sa Lá Dearg ar an fhearg atá ar an phobal agus ar a n-éilimh fá choinne athrú sa tsochaí seo. Bhí an fuinneamh le mothú go fíochmhar ar an ghaoth agus ar ghlórtha na nGael a bhfuil todhchaí gheal tuillte acu don chéad ghlúin eile.
Ní raibh ann ach tús.
Féach chomh maith :

 

Posted in: Nuacht, Tuairim