Corto Maltese, an tEachtránaí Eiseamláireach

Posted on Aibreán 19, 2014 le

1



Fuair mé amach de thaisme gur tháinig leagan Gaeilge den úrscéal ghrafach úd Una ballata del mar salato leis an ealaíontóir Iodálach Hugo Pratt i gcló ó Leabhar Breac le déanaí. Ní fhaca mé an foilseachán féin go fóill, ach is dócha nach miste dom, mar sin féin, cúpla focal a bhreacadh síos faoi Pratt, a laoch Corto Maltese agus an ghreannánaíocht, nó na coimicí, mar ealaín ar leith. An téarma úd coimicí, nó greannán mar a deir lucht an ghlanteangachais, tugann sé le fios nach féidir ach scéalta grinn a insint ar an dóigh seo. Is iad eachtraí Corto Maltese is fearr a léiríos nach mar sin atá.

Korpela Maltese

Sa bhliain 2011 léirigh an compántas amharclannaíochta úd Q-Teatteri san Fhionlainn an dráma Corto Maltesen seikkailut (“Eachtraí Corto Maltese”) agus é bunaithe ar na coimicí faoi Corto. Ba é Tommi Korpela a rinne páirt an laoich, aisteoir a bhí ina oidhre ar Corto Maltese fiú gan smideadh amharclainne dar lena lán. Rugadh Korpela sa bhliain 1968, agus é tar éis gairmréim shuaithinseach a dhéanamh ina aisteoir sna scannáin agus san amharclann araon. Fear d’aisteoirí móra comhaimseartha na Fionlainne é.

Mar is dual do lucht mo chomhghlúine san Fhionlainn, chuir mé an chéad aithne ar Corto Maltese i ndeireadh na seachtóidí nó i dtús na n-ochtóidí, nuair a bhí eachtraí an mhairnéalaigh rúndiamhair seo le léamh is le feiceáil ar an iris úd Non Stop. Iris cheannródaíoch a bhí inti ag cur coimicí Mhór-Roinn na hEorpa in aithne do mhuintir na Fionlainne. Cé go raibh coimicí na Stát Aontaithe, eachtraí na laochra osdaonna cosúil le Superman, ar fáil againn le fada an lá, agus ainm Fionlainnise, Lauri Kenttä, baiste ar Clark Kent féin, ní dheachaigh coimicí na Fraince is na Beilge i gcló san Fhionlainn roimh dheireadh na seascaidí.

Corto Maltese Tristan Bantam 1

Tús na heachtra úd “Rún Tristan Bantam”. Seo mar is aithin dúinn Corto Maltese: fear mór stíle agus geáitsíochta ar maith leis é féin a thaispeáint, ach san am chéanna, tá sé in ann taobhú le lucht na gannchoda agus leo siúd atá thíos le héagóir agus le géarleanúint. Feicimid anseo Jeremiah Steiner freisin, cara Corto, ar ollamh Seiceach ar an drabhlás é agus suim aige i gcúrsaí briotaise agus i rúndiamhrachtaí. Leannán smaoinimh de chuid Steiner é Mu, ilchríoch mhiotasúil agus í an-chosúil le hAtlantas, mar choincheap. Móitíf thábhachtach é i gcuid mhór d’eachtraí Corto  tóir buile an Ollaimh ar Mu. (Leis an gcomhlacht úd Cong S.A. an cóipcheart.)

Ba iad Tintin, Astérix agus Lucky Luke ba túisce a chuir concas orainn, agus iad féin sách mall ag teacht i bprionta inár dtír. Suimiúil go leor bhí lucht na dtithe foilsitheoireachta drochamhrasach i leith Astérix ar feadh i bhfad, agus iad barúlach nach bhféadfaí greann sain-Fhrancach na gcoimicí faoin bhfaraire beag Ceilteach a aistriú go Fionlainnis ná a dhéanamh intuigthe ag léitheoirí Fionlannacha. Sa deireadh, áfach, thug na léitheoirí óga i mo thír taithneamh don laoch beag dochloíte, agus ar na saolta seo is féidir eachtraí áirithe de chuid Astérix a léamh, fiú, i gcanúintí réigiúnacha Fionlainnise.

Non Stop Corto Maltese

Bhí Non Stop á fhoilsiú – gan stad gan staonadh! – sna seachtóidí deireanacha – an iris a chuir Corto Maltese in aithne do mhuintir na Fionlainne. Sliocht as Appuntamento a Bahia (“Teagmháil in Bahia”, an t-eireaball a chuir Hugo Pratt le “Rún Tristan Bantam”) a fheictear anseo: tá Tristan ina chodladh, agus rúndiamhra Mheiriceá Theas ag teacht chuige ina chuid brionglóidí. (Le Cong S.A. cóipcheart an tsaothair inniu.)

Thosaigh Non Stop ag teacht i gcló sa bhliain 1975. Roimhe sin, bhí na coimicí céanna – saothar André Franquin, abair, cosúil le Gaston Lagaffe nó Spirou et Fantasio, nó eachtraí an aeróstaigh Natacha a tháinig ó pheann Francois Walthéry – á bhfoilsiú ar an seachtaineán úd Ruutu (“An Painéal”), agus d’fhéadfá a rá nach raibh i gceist le Non Stop ach an iris chéanna faoi ainm nua. Tháinig Corto Maltese aniar aduaidh ar léitheoirí Non Stop chomh difriúil is a bhí sé ó thaobh na stíle de leis na coimicí eile a d’fheicfeá ar an iris chéanna.

Corto Maltese Bocca Dorata

Ní féidir a rá gur fear mór banaíochta é Corto Maltese, ach san am chéanna bhí aithne aige ar a lán ban suntasach. Ba í Bocca Dorata, “an Diabhal ó Bahia”, an bhean ba mhillteanaí acu, is dócha. Deireadh sí féin go raibh sí na céadta bliain d’aois, agus í in ann a hóige is a hailleacht a bhuanú lena cuid draíochta. “Béal Órga” is brí le Bocca Dorata, agus luaitear a hainm i gceann de na heachtraí chomh maith – Rosa, nó Rose. Mar sin, d’fhéadfaí “Róisín an Bhéil Órga” a bhaisteadh uirthi as Gaeilge. (Le Cong S. A. an cóipcheart. Foinse: cortomaltese.com, suíomh oifigiúil Cong.)

Thonn litreacha isteach ó na léitheoirí óga agus iad ag éileamh ar eagarthóirí na hirise éirí as Corto Maltese. Bhí siad ag áitiú go raibh stíl línitheoireachta an údair tur, agus níor thug siad mórán grá don laoch ach an oiread. Dealraíonn sé áfach gurbh é ábhar na scéalta ba mhó a chuir míchompord orthu. Mar a dúirt an té a dúirt, ba é Donald Duck a mhúin do mhuintir na Fionlainne conas coimicí a léamh, ach ba é Corto Maltese a mhúin dúinn conas gan Donald Duck a léamh, nó gan léitheoireacht na gcoimicí a theorannú do leithéidí Donald. Nó is éard a bhí i gceist le heachtraí Corto ná ardlitríocht i gcruth na gcoimicí.

Hugo_Pratt_(1989)_by_Erling_Mandelmann_-_2

Hugo Pratt (1927-1995), an t-ealaíontóir ar tháinig na scéalta faoi Corto Maltese óna pheann. Erling Mandelmann a thóg an pictiúr seo sé bliana roimh bhás Pratt. Ní féidir a rá nach mbeadh sé cosúil le Corto Maltese, é féin. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

An chéad eachtra de chuid Corto Maltese a tháinig i gcló san Fhionlainn, is dóigh liom gurbh é Il segreto de Tristan Bantam é – “Rún Tristan Bantam”. Ógánach mánla macánta ón mBreatain Mhór é Tristan Bantam agus é ag teacht ar cuairt go dtí an Bhrasaíl le dul i dteagmháil lena leasdeirfiúr Morgana, cailín a rugadh d’athair Tristan nuair a rinne sé athphósadh ar bhean Afra-Bhrasaíleach. Is mór an stangadh a bhainfeas an teagmháil sin as, nó, mar a deir Corto Maltese le Tristan, is “mór millteanach an diabhal” í.

Is í an mharbhdhraíocht – an voodoo nó an leagan Brasaíleach de – an cineál diabhlaíocht a bhíos idir lámhaibh aici, agus aithne aici ar bhean de lucht aitheantais Corto, Bocca Dorata nó Róisín an Bhéil Órga. Cineál bansagart voodoo ise chomh maith, agus í i bhfad níos cumhachtaí ná Morgana féin. Bíonn Róisín an Bhéil Órga le feiceáil go minic taobh thiar d’eachtraí Corto Maltese i Meiriceá Theas, agus is bean cineál neamhshaolta í a gceadaíonn a cuid scileanna voodoo di buanóige a choinneáil thar na blianta fada. Is minic a mholtar Hugo Pratt as na mná ina chuid scéalta, stáidmhná a bhíos láidir agus teann astu féin, ach is í Róisín an Bhéil Órga an carachtar is suntasaí acu.

Cuid mhór d’eachtraí Corto tá siad suite i Meiriceá Theas agus timpeall ar Mhuir Chairib, sa Bhrasaíl nó sa Ghuáin Fhrancach. Is léir don léitheoir go raibh suim mhór ag Hugo Pratt i gcultúr Mheiriceá Theas, go háirithe i meascán cultúrtha na Brasaíle, tír ina raibh cónaí ar sclábhaithe ón Afraic, ar bhundúchasaigh na dufaire agus ar an muintir isteach ón Eoraip in éineacht.

Corto Maltese Professor Steiner Mu

An tOllamh Steiner ag tabhairt cur síos ar a chuid teoiricí i leith Mu. Deir sé go bhfuil sé in ann aibítir na Gréigise a léamh mar chuntas ar an dóigh a ndeachaigh Mu i dtóin phoill. Fear scéipteach é Corto Maltese, agus é ag fiafraí de Steiner, cén cineál finscéal atá sé a insint. As “Rún Tristan Bantam” an sliocht seo. Le Cong S.A. an cóipcheart.

Bhí aithne mhaith ag Pratt ar Mheiriceá Theas, nó cúpla bliain i ndiaidh dheireadh an Dara Cogadh Domhanda rinne sé mar a rinne na sluaite móra d’Iodálaigh roimhesean, is é sin thug sé aghaidh ar an Airgintín. Bhí sé tar éis coimicí a fhoilsiú san Iodáil cheana féin, agus chuir na hAirgintínigh suim iontu, ionas gur tugadh cuireadh don ealaíontóir óg teacht ansin le dul ag obair i ngnó coimicí na tíre. Bhí an-bhorradh faoi na coimicí (nó na historietas, mar a deir muintir na tíre féin) san Airgintín nuair a shocraigh Pratt síos sa tír, agus é ag obair ag tarraingt na bpictiúr do scéalta le scriptscríbhneoirí eile nó ag múineadh coimiceoireacht d’ábhair óga ealaíontóirí i Scoil Phan-Mheiriceánach na nEalaíon (Escuela Panamericana de Arte). Ba mhinic a thugadh sé cuairt ar an mBrasaíl san am ar lorg inspioráide. Chaith sé breis is deich mbliana san Airgintín, ansin chuaigh sé go Londain i ndeireadh na gcaogaidí, agus go gairid ina dhiaidh sin d’fhill sé ar an Iodáil.

Bhí Pratt an-bhisiúil mar ealaíontóir ó laethanta a óige, agus níl sna scéalta faoi Corto Maltese ach cuid dá shaothar. Tá suaithníocht sa chuid sin féin, nó tháinig beagnach tríocha ceann acu i gcló – is fíor, áfach, gur gearrscéalta i bhfoirm coimicí iad go minic, agus dhá nó trí cinn acu de dhíth le leabhar nó “albam” iomlán a líonadh.

Cé gur léir go raibh an-dáimh ag Pratt le Meiriceá Theas mar fhoinse scéalta agus móitífeanna, níor theorannaigh sé é féin don ilchríoch sin ar aon nós. Nuair a bhí sé ina dhéagóir bhí an Dara Cogadh Domhanda díreach á chur, agus chaith sé tamall fada i gcampa géibhinn in Dire Dawa, an Aetóip. An aithne a fuair sé ar an gcearn seo den Afraic nuair a bhí sé óg, níor thréig sí é: shuigh sé scéalta san Aetóip freisin.

Corto Maltese in Éirinn

Corto Maltese in Éirinn, agus na hÓglaigh is na Gaill ag marú a chéile ina thimpeall. As an scéal úd Concerto in O minore per arpa e nitroglicerine (“Coinséartó cláirsí agus dinimíte san O mion”). Foinse: Kvaak.fi, suíomh idirlín na gcoimiceoirí Fionlannacha. Le Cong S. A. an cóipcheart. Heikki Kaukoranta a d’aistrigh go Fionlainnis, Kustannus Jalava a d’fhoilsigh sa bhliain 2013.

Laoch rómánsúil é Corto Maltese go bunúsach agus aithne áirithe de mheon George Gordon Byron air: cé gur lorgaire fortúin é go bunúsach, is dual dó luiteamas a bheith aige le daoine is le dreamanna atá ag cur troda le saoirse a bhaint amach, agus dá réir sin, feictear in Éirinn é chomh maith, go gairid i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, agus caidreamh aige le hÓglaigh de chuid an tsean-IRA. Sa scéal seo caitheann Pratt súil ar chomh fealltach is a bhíos saol na gluaiseachta rúnda: an fear a chuirtear in aithne dúinn mar laoch mór saoirse i dtús an scéil, gheobhaidh muid amach gurb eisean atá ag cuidiú leis na Gaill, agus an fealltóir atá sna saighdiúirí dubha, foghlaimeoidh muid sa deireadh gur gníomhaire de chuid an IRA a bhí ann i ndáiríre agus é ag déanamh spiaireacht ar na péas. Is é críochthoradh an scéil, áfach, go mbeidh an fíorfhealltóir á adhradh feasta mar laoch, toisc go bhfuil laochra agus miotais laochais ag teastáil ó lucht na cúise, agus go mbeidh meas an fhealltóra ar an bhfíorlaoch ar an ábhar céanna.

Is deacair gan an cheist a chur, arbh iad na scéalta La forma de la espada (“Déanamh an chlaímh”) agus Tema del traidor y del héroe (“Téama an fhealltóra agus an laoich”) le Jorge Luis Borges a thug inspioráid don eachtra Éireannach seo. Ar a laghad bhí an dá ghearrscéal seo i gcló nuair a bhí Hugo Pratt ina chónaí san Airgintín, agus tá móitíf na heachtra – an laoch ina fhealltóir, an fealltóir ina laoch – le haithint iontu, chomh maith le coimhthéacs na hÉireann.

Corto Maltese Ungern Sternberg

Roman von Ungern-Sternberg ag gríosú a chuid trúpaí chun catha. Ón leabhar Corte sconta detta Arcana. Le Cong S.A. an cóipcheart.

Is dócha go bhfuair Hugo Pratt eilimint na haislingíochta agus na brionglóideachta ó Borges freisin, nó ón réalachas draíochtúil a thabhaigh an oiread sin clú do litríocht Mheiriceá Theas. San am chéanna is léir go raibh traidisiún na scríbhneoirí eachtránaíochta – Jack London mar shampla – an-tábhachtach mar inspioráid, agus le fírinne carachtar tánaisteach é London féin i gceann de na scéalta. Bíonn páirteanna caimeo den chineál seo ag a lán carachtar stairiúil in eachtraí Corto Maltese: sampla eile é Roman von Ungern-Sternberg, an barún Rúiseach (de phór Ghearmánach) a throid ar thaobh na mBán i gcogadh cathartha na Rúise agus a shealbhaigh an Mhongóil le linn an chogaidh chéanna.

Tháinig teoiricí saindiamhrachta sa scéal leis an Ollamh Jeremiah Steiner, síor-leathbhádóir Corto ina lán eachtraí. Casadh Steiner ar Corto an chéad uair sa san eachtra Il segreto de Tristan Bantam, nó Rún Tristan Bantam. Bhí sé ar an drabhlás ag an am, agus na bithiúnaigh i bParamaribo á bhualadh agus á chéasadh le bagairtí báis, ó bhí sé báite i bhfiacha agus é tar éis déirc a iarraidh ar an gcuid is mó de mhuintir na háite le tuilleadh biotáille a cheannach.

Nuair a d’imigh an mheisce agus an phóit, bhí Steiner in ann díriú ar a chuid taighde arís, más taighde a bhí ann: ba é an leannán smaointe a bhí aige ná go bhfuair an domhan go léir cuid mhór dá shibhialtacht mar oidhreacht ó Mu, oileán nó ilchríoch a chuaigh faoi uisce i ré na réamhstaire, na cianta cairbreacha ó shin. D’fhéadfá Atlantas a thabhairt air chomh maith, nó is léir gurb é an miotas céanna é, ach is é an t-ainm a roghnaigh Hugo Pratt ná Mu.

Leis an scríbhneoir Sasanach James Churchward (1851-1936) is mó a luaitear Mu, ach ba é an grianghrafadóir Augustus Le Plongeon (1825-1908) a bhaist an t-ainm sin ar an ilchríoch mhiotasúil. Cé go mbíodh smaointí aiféiseacha den chineál seo ag Le Plongeon, is tábhachtach cuimhne a choinneáil air go ndearna sé cion fir ag tógáil grianghrafanna d’iarsmaí na sibhialtachtaí réamh-Cholambacha i Meiriceá Theas. Is dócha go ndeachaigh pictiúirí Le Plongeon i bhfeidhm ar Pratt an oiread is gur ghlac sé le teoiricí an fhir chomh maith, mar ábhar scéalaíochta ar a laghad.

Ní dheachaigh Pratt a fhad leis an Dara Cogadh Domhanda riamh agus é ag insint scéalta faoi eachtraí Corto Maltese. Mar a dúirt sé féin, chuaigh ceal sa laoch i gcogadh cathartha na Spáinne, nó bhí sé barúlach nach raibh gá le laochra rómánsúla a thuilleadh sa saol úr a tháinig ar an bhfód le ré Hitler. Sa leabhar deireanach coimicí a tháinig óna pheann nó óna scuab, áfach, lig sé do Corto Maltese agus dá chuid cairde seal a chaitheamh in ilchríoch Mu, áit a bhfuair gach duine a mhian, de réir a mheoin is a charachtair féin.

Posted in: Nuacht