Timpeall an Tuaiscirt

Posted on Aibreán 23, 2014 le

0



Ciarán Dúnbarrach

Dúnmharú Tommy Crossan

Scaoileadh Tommy Crossan a bhí 43 bhliain d’aois chun bás Dé hAoine an Chéasta i mBéal Feirste.

Bhí seisear clann aige.

Tommy-Crossan

Tommy Crossan a scaoileadh chun báis Dé hAoine seo caite

Creidtear gur iar-cheannaire ar an CIRA a bhí ann.

Tuigtear gur ghlac triúir fir gunna páirt san ionsaí ar Bhóthar Chluanaí in Iarthar Bhéal Feirste.

Bhí sé ina shuí i mbothán ag iosta breosla in Iarthar na Cathrach nuair a dúnmharaíodh é – Tá sé á mhaíomh ag an Aire Forbartha Sóisialta Nelson McCausland ón DUP gur iosta mídhleathach a bhí ann.

Gabhadh fear 26 bliana d’aois Dé Sathairn i dtaca leis an ionsaí ach scaoileadh saor é gan aon chúis a bheith curtha ina leith.

Iar-phríosúnach de chuid an CIRA a bhí ann mar Tommy Crossan ach bhí sé faoi bhagairt bháis le tamall – mhaíodh gur brathadóir a bhí ann agus gur ghoid sé airgead ón eagraíocht.

Tá an tIRA leanúnach scoilte i ndá chuid – eite thraidisiúnta bunaithe sa Phoblacht agus faicsean níos óige sa Tuaisceart.

Bhí cuma ‘phearsanta’ ar an mharú seo caithfidh mé a rá agus faraor, ní bhfuair an bás seo mórán airde ar an ábhair go n-amharctar air mar ‘bhainistí inmheánach’.

Ba chóir go mbeadh sé seo ina scéal ollmhór agus bhí – ach ar feadh tamaill iontach gairid, ach char spreag sé mórán cainte ar líne agus níor mhothaigh mé mórán colúin scríofa faoi

Ní raibh mórán tionchar aige sé ar an ghnáthphobal taobh amuigh den cheantar ina tharla seo agus taobh amuigh de theaghlach s’aige – níor luadh é ag na comórtha inné fiú.

Seachas Martina Anderson ó Shinn Féin ag rá gur eachtra gan chiall a bhí ann agus nach raibh i ndúnmharfóirí Crossan ach coirpigh ag ligin orthu gurb phoblachtánaithe iad.

Cláracha fógraí Gaeilge crochta ag N121

n121 N121 i mbéal an phobail arís cé nach gcreideann mórán daoine go ndéanfaidh siad aon dul chun cinn.

Tá iontas ar dhaoine tar éis gur crochadh clár fógra de chuid an pháirtí – as Gaeilge ar fad i lár Bhéal Feirste.

Tá an cheist á chur ar ndóigh – an ‘gimic’ é seo go díreach?

Ach fiú más é sin an cás agus tá sé sin seánta ag ceannaire an pháirtí Basil McCrea, rud nua atá ann do pháirtí ar son an aontais.

“Is é seo #freshpolitics” a fhógraíonn siad agus “Vótáil Tina McKenzie do Eoraip”  – ní Gaeilge ró-iontach é seo ach tá níos measa feicthe againn go léir.

Tá sé thar a bheith suntasach dar liomsa go bhfuil sé beartaithe acu na póstaeir seo a chrochadh i gceantair aontachtacha seachas i gceantair mhóra Gaeilge – mar sin – cé orthu a bhfuil siad dírithe?

Foilseofar agallamh a rinne mé le hiarrthóir an pháirtí Tina McKenzie ar an suíomh ‘Meon Eile’ Déardaoin – chuir sí in iúl dom go dtacaíonn N121 le hAcht Gaeilge don Tuaisceart.

Frustrachas na nGael leis na meáin Bhéarla á léiriú

Bhí an Lá Dearg ann sa Tuaisceart breis is seachtain ó shin anois – Tá mé ag déanamh go raibh na Gaeil sásta leis an chlúdach sna meáin Ghaeilge ach ní amhlaidh an scéal leis na meáin Bhéarla – rud a tharlaíonn go minic maidir leis an Ghaeilge.

download (1)

An Lá Dearg : Tús an mhórshiúil

Tá sé scríofa ag an phríomh-eagraí Caoimhe Ní Chathail go bhfuil díomá orthu nár chuir cuid de na meáin chumarsáide dóchas ná aidhmeanna an fheachtais i láthair an phobail go cruinn agus iad ag tuairisciú ar an ócáid.

Scríobh sí; “Bíodh is gur léirigh an chuid is mó de na meáin go raibh i bhfad níos lú i láthair ná mar a bhí, roghnaigh páipéar nuachta mór amháin díriú isteach ar thitim amach idir pháirtithe polaitiúla agus ar mhionlach de dhílseoirí a chruinnigh i Sráid an Chaisleáin in ionad na n-éileamh a bhí acu siúd a d’fhreastail ar an léirsiú rathúil seo.

Go bunúsach, tá daoine míshásta de bhrí gur thuairiscigh an Irish News go raibh 1,000 duine ann agus ba léir gur cumadh an scéal ó dheasca seachas a bheith bunaithe ar eolas ón láthair –  cé gur mhaígh an páipéar céanna go raibh 5,000 duine ann cúpla lá ina dhiaidh sin.

Ba chóir dom a lua fosta gur scríobh go raibh na mílte i láthair ar leathanach Gaeilge an Irish News san eagrán céanna a scríobh go raibh míle i láthair ann.

(Bhí mé féin i láthair ar an lá ag déanamh tuairisce don BBC agus tá mé den tuairim go raibh 4,500. Bhí an PSNI den tuairim go raibh 3,000 i láthair.)

Chomh maith leis sin, cruthaíodh íomhá sna meáin a chuir in iúl do go leor daoine gurb iad Sinn Féin a bhí chun tosaigh sa mhórshiúil – rud nach raibh fíor.

Bhí scaifte brae ón pháirtí i láthair go cinnte ach scaifte de dhaoine óga a bhí chun tosaigh sa mhórshiúl, chan Sinn Féin.

Ach dhírigh na meáin ar scaifte dhílseoirí a bhí ag ágóidíocht – duine acu ag déanamh cúirtéis NAZI ina measc ach cha raibh níos mó na fiche acu ann.

Mar sin féin, ní nach ionadh gur chuir na meáin Bhéarla spéis iontu sin.

‘Realpolitik’ atá i gceist i ndáiríre.

Is léir go bhfuil dian-mhachnamh le déanamh ag gluaiseacht na Gaeilge má táthar ag iarraidh aird na meáin Bhéarla a mhealladh agus tuiscint iriseoirí gan Ghaeilge a chothú.

Féach chomh maith. 

An Lá Dearg – Ní raibh ann ach tús

Clibeanna:
Posted in: Nuacht, Tuairim