Stair Rúnda na hEite Deise Antoiscí san Fhionlainn, Cuid a Dó

Posted on Aibreán 26, 2014 le

2



Pekka Siitoin – athair an Nua-Naitsíochais san Fhionlainn

Cé gur páirtí pobalóireachta agus tuathghríosóireachta ab ea páirtí Vennamo, ní dhearna an ciníochas mórán páirte ina chuid polaitíochta riamh. Bhí na Cumannaigh agus lucht leanúna an Pháirtí Láir ag cur Faisisteachais i leith Vennamo ó am go ham, ach má bhí féin, chuaigh an líomhain sin thar fóir ar fad. Na fíor-Fhaisistigh a bhí gníomhach sa tír san am, ní raibh cead isteach acu i bpáirtí Vennamo – le fírinne ba nós le Vennamo iad a shacáil an dá luas is a fuair sé amach go raibh tuairimí den chineál sin acu. Sin é an cineál cinniúint a bhí ag Pekka Siitoin, arbh é ceannasaí na Nua-Naitsithe san Fhionlainn ó na seachtóidí go lá a bháis sa bhliain 2003.

Rugadh Pekka Siitoin i Varkaus sa bhliain 1944. Is é an scéal a d’inis sé dá chlann féin gur leanbh tabhartha a bhí ann a saolaíodh do bhean Fhionlannach i ndiaidh cumann craicinn le hoifigeach Gearmánach. I mblianta an chogaidh bhí trúpaí Gearmánacha i dTuaisceart na Fionlainne, ach níl Varkaus (áit ar chaith mé féin blianta m’óige i dteach thuismitheoirí mo mháthar) in aon neasacht don Tuaisceart, agus tá sé de chlaonadh ionam a shíleadh nach raibh i gceist ach scéal a chum is a cheap sé le cúlra rúndiamhair rómánsúil a bhronnadh air féin.

Pekka Siitoin

Pekka Siitoin, “Führer na Fionlainne”, agus é ag caitheamh sainéide Ghearmánach lena dháimhe leis an nGearmáin Naitsíoch a chur in iúl. (Pictiúr: leathanach cuimhneacháin Siitoin ar an Idirlíon, http://www.saunalahti.fi/g333/siitoin)

Le fírinne is dóigh liom nach raibh ann ar dtús ach fear óg eile ar chuir an Tríú Reich draíocht rómánsúil air. Bhí – agus tá – luí ar leith ag muintir na Fionlainne leis an Tríú Reich, toisc gur thaobhaigh muid le Hitler sa bhliain 1941, nuair a d’ionsaigh a chuid trúpaí an tAontas Sóivéadach.

An Tríú Reich mar ábhar rómánsúlachta

Ba é ba chúis leis sin ná Cogadh an Gheimhridh sna blianta 1939-1940, nuair a shealbhaigh na Sóivéadaigh cúige na Cairéile agus tailte áirithe eile in Oirthear na Fionlainne. San am sin bhí an conradh neamhionsaí i bhfeidhm idir an tAontas Sóivéadach agus an Ghearmáin, agus d’fhéadfá a rá gurbh é Hitler ár námhaid, mar sin.

D’fhág an cogadh sin fonn díoltais ar na Fionlannaigh, agus nuair a thosaigh an Cogadh Leanúna, mar a thugas muintir na Fionlainne air – is é sin cogadh na Gearmáine agus an Aontais Shóivéadaigh – bhí tromlach na bhFionlannach barúlach nár mhiste dúinn dul chun cogaidh in éineacht leis na Gearmánaigh, agus dóchas acu as an nGearmáin mar chomhghuaillí a chuirfeadh ar ár gcumas ár gcríocha caillte san oirthear a athghabháil.

BadRealtyPhotosFinnishShower

Seomra cithfholctha ón bhFionlainn: feictear siombailí náisiúnta na Fionlainne agus na Gearmáine Naitsíche in aice a chéile. Is léir gur fanaiceach éigin é úinéir an árasáin seo, ach bíonn a thuiscint-sean ar bhrí an fhocail mhóir úd “tírghrá” níos coitianta i measc an phobail ná mar a shílfeá: is é sin, gurb ionann “tírghrá” Fionlannach agus báúlacht áirithe leis an nGearmáin Naitsíoch. (Foinse: terriblerealestatephotos.com, blagmhír ón 22ú hAibreán 2014)

Sa deireadh áfach thosaigh an cogadh ag teip ar an gcomhghuaillí, agus thréig an Fhionlainn Hitler le sos cogaidh agus síocháin shealadach a shocrú leis na Comhghuaillithe. Ansin, chuir na saighdiúirí Fionlannacha an ruaig ar na trúpaí Gearmánacha i dtuaisceart na tíre, mar a d’éiligh an tAontas Sóivéadach. Mhair an cogadh seo ó Mheán Fómhair 1944 go hAibreán 1945. Lapin sota nó Cogadh na Laplainne a thugtar air.

Ba é Cogadh na Leanúna (1941-1944) an seal ab fhaide den Dara Cogadh Domhanda san Fhionlainn, agus mar sin, an chuid ba mhó den chogadh bhí muid i gcomhghuaillíocht leis an nGearmáin Naitsíoch. (Is fíor go mbíonn na Fionlannaigh drogallach comhghuaillíocht a thabhairt uirthi – is fearr linn an téarma aseveljeys, is é sin, compánachas cogaidh nó bráithreachas armtha.) Cé gurb é Cogadh an Gheimhridh is mó a bhíos mar ábhar bróid ag na Fionlannaigh agus an Dara Cogadh Domhanda faoi chaibidil, is iomaí Fionlannach a shíleas nach raibh Hitler go ródhona, ó bhí sé sásta cabhrú linn in aghaidh Stailín tráth. Thairis sin, is beag Fionlannach a chaith seal i gcampaí báis na Naitsithe, ach ón taobh eile de bhí cúis ag a lán dár muintir eagla a bheith orthu roimh champaí Stailín.

Mar sin, tá sé de chlaonadh sna Fionlannaigh a shíleadh nach bhfuil úimléid ar bith ag ainghníomhartha na Naitsithe i gcoimhthéacs ár staire féin. Admhaímid go raibh a leithéid de rud ann agus an tUileloscadh, nó na seomraí gáis, ach san am chéanna glactar leis gur thit an tUileloscadh amach ar phláinéad eile, a bheag nó a mhór. Ar ndóigh níl a leithéid seo de dhearcadh i bhfad ar shiúl ó shéanadh iomlán an Uilelosctha.

Blianta móra Pekka Siitoin

Ba nós “Führer na Fionlainne” a thabhairt ar Pekka Siitoin nuair a bhí sé beo breabhsánta – sin é an teideal atá ar a bheathaisnéis freisin, leabhar a tháinig ó pheann cúpla fear de lucht a leanúna. É féin áfach thugadh sé valtakunnanjohtaja air féin, téarma atá aistrithe focal ar fhocal ón leagan Gearmáinise Reichsführer, an chéim a bhí ag Heinrich Himmler.

Chuala an náisiún an chéad iomrá air thiar sna seachtóidí, nuair a chuaigh an chlólann úd Kursiivi trí thine – clólann a bhíodh ag priontáil Tiedonantaja, nuachtán an fhaicsin Stailínigh i bPáirtí Cumannach na Fionlainne. Dealraíonn sé nach raibh Siitoin féin i láthair na coire ag adhaint na tine; mar sin féin gearradh téarma príosúnachta dó, ó shíl na húdaráis gurbh eisean a phleanáil an coirloscadh seo. Roimhe sin bhí aithne acu air mar nua-Naitsí, agus é tar éis loitiméireacht a dhéanamh ar shionagóga.

Bhí cuid mhaith daoine san Fhionlainn míshásta le chomh láidir is a bhí na Cumannaigh i bpolaitíocht na tíre sna seachtóidí, go háirithe le faicsean Stailíneach an pháirtí Chumannaigh a raibh an-tacaíocht ag dul chuige ó dhaoine óga radacacha. Ba ghnách taistolaiset a thabhairt ar an bhfaicsean – d’fhéadfá an t-ainm sin a aistriú mar “lucht cathachais” nó “lucht cointinneachais”, ach le fírinne fuair an faicsean a ainm ón bhfear a bhí ina cheannasaí neamhoifigiúil air, seanpholaiteoir darbh ainm Taisto Sinisalo. “Cath” is brí leis an ainm sin Taisto, agus sa deireadh ghreamaigh an t-ainm den fhaicsean go léir, ó thug sé léiriú chomh gonta ar mheon na gluaiseachta.

Mar sin, bhí cuid de mheoin an lárshrutha féin sásta trácht tuisceanach a dhéanamh ar Siitoin san am. Is dócha go bhféadfadh sé tacaíocht nár bheag a thabhú dó féin ó dhaoine neamh-antoisceacha freisin dá mbeadh sé in ann díriú ar thraidisiún náisiúnta an tírghrá agus an bhéim a chur ar an bhfrith-Chumannachas. Mar a d’iompaigh an scéal amach, áfach, bhí Siitoin róthugtha do shainéidí na Naitsithe agus dá bhfrith-Ghiúdachas, agus mar sin, ní dhearna sé ach staicín aiféise de féin sa deireadh.

Ba ghnách leis dul ar paráid lena lucht leanúna i Naantali, an chathair bheag i gcósta thiar theas na Fionlainne ina raibh cónaí air, agus bratacha móra svaistice in airde aige, agua níor chuir an gheáitsíocht is an ghaisciúlacht seo ach fonn gáire ar na daoine. Níorbh fhéidir leis an lucht féachana mórán a thuiscint de na nathanna Gearmáinise a bhí ar na fógraí a bhí á n-iompar ag Siitoin agus a chuid cairde.

Rinne Siitoin iarrachtaí áirithe teoiric pholaitiúil a fhorbairt dá “ghluaiseacht”, ach má rinne féin, ní raibh mórán úimléide ina chuid scríbhinní, agus ní raibh ródhóigh aige ar an bhFionlainnis scríofa ach an oiread. Bhí an-suim aige i gcúrsaí briotaise, breachtraíochta agus draíochta chomh maith, agus siopa leabhar aige ina ndíoladh sé scríbhinní ciníochais agus briotaise.

Bás agus Oidhreacht Pekka Siitoin

Fuair Siitoin bás go luath i ndiaidh chasadh na mílaoise. Faoin am sin bhí an chuma ar an bhfear go raibh a ré – agus ré an nua-Fhaisisteachais i saol polaitiúil na Fionlainne – thart ar fad. Ní raibh a “ghluaiseacht” ró-inchreidte ó thaobh an tírghrá de riamh, ar maos mar a bhí sí le siombailí Naitsíocha Gearmánacha, gan aon trácht a dhéanamh ar chomh tugtha is a bhí sé do na frásaí droch-Ghearmáinise a tharraingíodh sé chuige go mion minic.

Nuair a bhí Veikko Vennamo beo bríomhar i gcónaí, ní rithfeadh leis aon chineál Naitsíochas nó Gearmánachas a cheadú ina pháirtí féin. Le muintir na tuaithe ba mhó a chomhionannaigh sé é féin, agus faoin tuath ba mhó a chuaigh sé ar lorg vótaí. Bhí páirtí traidisiúnta na tuaithe, an tAontas Tuaithe/an Páirtí Láir, sách drochamhrasach i leith na Gearmáine i mblianta an chogaidh féin, agus le linn Chogadh na Laplainne rinne na saighdiúirí Gearmánacha an-léirscrios ar fud thuaisceart na tíre.

Mar a deir an seanfhocal, d’imigh sin agus, faraor, tháinig seo. De réir is mar a shealbhaigh polaiteoirí na heite deise antoiscí páirtí na bhFíor-Fhionlannach, thosaigh nua-Naitsíochas den chineál is gránna ag ardú a chinn sa pháirtí go soiléir.

Bean óg a bhí ina hiarrthóir ag an bpáirtí i dtoghcháin na rialtas áitiúil in Kirkkonummi, ceantar tuaithe díreach taobh thiar de mhórcheantar uirbeach Heilsincí, bhíodh sise ag spalpadh léi ar an bhFacebook agus ar a lán fóram eile ar an Idirlíon faoi chomhcheilg idirnáisiúnta na nGiúdach, agus nuair a bhí de cheann dána i nduine éigin a cuid tuairimí a cháineadh, tharraing sí chuici focail David Duke mar fhianaise: “An dóigh leat gur fear mire é David Duke?” Shílfeá óna cuid focal gur údarás doshéanta a bhí in Duke – le fírinne tá aithne ag muintir na Fionlainne, chomh maith le muintir an domhain go léir, ar Duke mar dhuine de na nua-Naitsithe is gránna sna Stáit Aontaithe.

Mar sin, cuid de pholasaí nua na bhFíor-Fhionlannach é frith-Ghiúdachas a tharraingt isteach i saol polaitiúil na Fionlainne – rud nach raibh coinne ag aon duine leis, tharla nach féidir a rá go mbeadh mórán traidisiúin ag an bhfrith-Ghiúdachas sa tír seo againn.

Nuair a rinne lucht antoisceachais na heite deise a bhfódú i bPáirtí na bhFíor-Fhionlannach cúig éigin bliana ó shin, ba é an frith-Mhuslamachas an chloch ba mhó ar a bpaidrín. Sin rud nach gcuireann iontas ar mhórán, nó is é sin faisean na heite deise antoiscí inniu, fud fad na hEorpa. Dealraíonn sé áfach nach féidir le grúpaí antoisceacha na heite deise brú a dtraidisiúin féin a sheasamh, agus an fuath ar na Giúdaigh préamhaithe go smior sa traidisiún sin.

Cé nach tír fhrith-Ghiúdach í an Fhionlainn, is dócha gur éirigh le Siitoin síol an traidisiúin sin a chur anseo. Mar sin, anois, agus antoiscigh na heite deise ag teacht chun solais faoi bhratach na bhFíor-Fhionlannach, tá an frith-Ghiúdachas féin á lárshruthú.

 

(Ar lean)

Posted in: Nuacht