Contúirt Tweeter léirithe arís?

Posted on Bealtaine 14, 2014 le

0



Ciarán Dunbar 

Tá litir curtha ag dlíodóir cheannaire N121 chuig Jon Rainey a bhí gníomhach sa pháirtí ar feadh tamaillín trátha an ama a bunaíodh é ag cur clúmhilleadh ina leith mar gheall ar tvúiteanna a scríobh sé.

Bhí ról lárnach ag Jon Rainey i mbunú N121 agus san ócáid mhór a chuir tús leis i mBéal Feirste.

Go bunúsach, bhí Rainey ag spochadh as N121 ag baint úsáide as slua-ghairmeacha s’acu féin chun a bheith ag magadh fúthu – #freshbasil á úsáid aige mar haischlib aige in áit #freshpolitics an pháirtí.

D’oibrigh mé féin in earnáil an dlí agus caithfidh mé a rá gurb é seo an ceann is aistí dá bhfaca mé riamh – cén dóigh a bhfuil an litir seo feicthe agam?

Bhál – tá sé foilsithe ag Jon Rainey ar Twitter!

Níl an dlí curtha ag Basil McCrea ar Jon Rainey go seadh – deir an litir go bhfuil sé ag tabhairt deise dó an t-ábhar atá clúmhillteach dar leis a bhaint de Twitter – mura ndéanfaidh sé sin cuirfear an dlí air a mhaíonn an litir.

Dar le Rainey tá McCrea ag i mbun tromaíochta air agus ní bhainfidh sé na tvúiteanna ó Twitter – is leatsa an imirt a Bhasil. 

Posted in: Nuacht