An Béarlóir Deireanach – Sliocht as Úrscéal

Posted on Bealtaine 19, 2014 le

0



Réamhnóta:

Sa bhliain 2009 tháinig an chéad leabhar i gcló uaim – “Sciorrfhocail”, agus ceann de na scéalta a foilsíodh ansin, gearrscéal aorach a bhí ann agus é suite i malairt staire – “An Béarlóir Deireanach” an teideal a bhí air. Sa saol a bhí á léiriú sa scéal ba é an Béarla an teanga neamhfhorleathan a bhí ag saothrú an bháis, agus an Ghaeilge á labhairt ar fud an domhain. Anois tá mé ag obair ar úrscéal agus é bunaithe ar an smaoineamh céanna. Shíl mé nár mhiste dom an stumpa beag seo a chur ar fáil do lucht na Gaeilge, an méid atá breactha síos agam cheana.

Iarúsailéim

An rud is luaithe is cuimhin liom ó laethanta mo chéad óige ná mo sheanmháthair ag rá amhráin faoi Iarúsailéim*. Ó nach raibh ionam san am sin ach tachrán trí bliana ní raibh a fhios agam ach ar éigean cad é a bhí i gceist le hIarúsailéim, ach is éard a bhí an t-amhrán a thabhairt le fios ná go raibh Iarúsailéim suite i Sasana, nó go mba chóir dúinn Iarúsailéim a thógáil i Sasana. Mar sin, nuair a chuala mé an chéad fheasachán teilifíse ag tabhairt cur síos ar an dóigh a raibh na hIosraelaigh agus na Palaistínigh in adharca a chéile faoi Iarúsailéim, baineadh scanradh mór asam, ó shíl mé gurbh anseo, i Sasana, a bhí na buamaí á bpléascadh is na tancanna ag bagairt a gcuid gunnaí. D’fhéadfá a rá gur ghlac mé sórt feirge le lucht an dá thaobh freisin: cén teideal a bhí acusan ar Iarúsailéim, nuair ba léir d’aon duine a chuala an t-amhrán sin gur linne, muintir na Sasanach, an chathair lonrúil úd?

*) Tagairt é seo don amhrán úd Jerusalem le Sir Hubert Parry agus William Blake, ar ndóigh. 

Ansin rinne Mamó gáire agus mhínigh sí dom nach raibh ach deisbhéalaí filíochta i gceist le hainm na cathrach san amhrán. Thrácht sí ar chomh tábhachtach is a bhí Iarúsailéim do lucht leanúna an trí chreideamh a bhí ag tabhairt urraime don aon Dia amháin a bhí ann, is é sin, an Chríostaíocht, an tIoslam agus an Giúdachas. Cé gur náisiúnaí Sasanach ab ea í, bhí sí lách leathanaigeanta mar dhuine agus í cairdiúil le daoine ó gach dream reiligiúnach dá raibh ar fáil inár gcathair. Mar sin, nuair a d’inis sí dom céard a bhí i gceist le hIarúsailéim, ní dhearna sí iarracht ar bith fabhrú d’aon taobh i gcoimhlint an Mheán-Oirthir.

Ba é an tátal a bhain sí as an iomlán, áfach, go raibh muidne, na Sasanaigh, na fíor-Ghaill, an oiread sin chun tosaigh ar na hIosraelaigh agus ar na Palaistínigh araon is go raibh muid ag iarraidh Iarúsailéim nua a chruthú inár dtír féin, in áit a bheith ag cur cogaidh ar a chéile faoin gcathair choincréiteach sa Tír Naofa. Sin é an náisiúnachas Sasanach a bhí Daideo agus Mamó a chleachtadh, an cineál náisiúnachais lenar tógadh mise. Ní féidir liom a rá go mbeinn saor ó gach uile shórt ciníochais nó biogóideachta, nó tá mé torrach le peaca na sinsear díreach cosúil leis an gcine daonna ar fad; ach is é an mothúchán is mó a d’fhoghlaim mé a ghlacadh leis an dá dhream thuasluaite sin ná trua, ó bhí siad chomh ceangailte sin de rudaí nithiúla cosúil leis an gcathair bhocht úd, fiú i gcúrsaí creidimh. Sinne, na Sasanaigh, áfach, ba dhaoine de shaghas eile sinn: bhí muid in ann ár gcathair bheannaithe féin a chur ar bun pé áit a raibh cónaí orainn.

Agus nach raibh ár gcuid cathrach tógtha againn ar fud an domhain? Bhí lorg láimhe an tSasanaigh le feiceáil ón Astráil go Meiriceá. Bhí bunadh na dtíortha eile ag plódú isteach sna cathracha a thóg daoine dár muintir féin. Le fírinne nuair a chuala mé an t-amhrán sin á rá ag Mamó cuireadh an chéad shíol leis an tuiscint i mo chroí istigh gurbh í Sasana fíorthír na tairngire agus grá ar leith ag an aon Dia amháin do mhuintir Shasana.

Bhí náisiún amháin ar dhroim an domhain seo áfach nach raibh Mamó ná Daideo ródhoirte dó: ba é náisiún na hÉireann é. Na Gaeil.

Is léir nach raibh an tseanlánúin báúil leis an Eaglais Chaitliceach, ”eaglais na nGael” mar a thugtaí uirthi i leathchaint na sráide, nó bhí siad barúlach go raibh an locht céanna uirthi agus a bhí ar an dá chreideamh thuasluaite: go raibh na Caitlicigh ródhoirte don Róimh mar áit ar leith ar dhroim an domhain, díreach mar a bhí na Giúdaigh agus na Muslamaigh ag dul thar fóir ag urramú Iarúsailéim. Dream eile ab ea na Gaeil nár thuig gur chóir do gach duine a leagan féin d’Iarúsailéim nó den Róimh a thógáil san áit ar tharla sé féin ina chónaí. Scéal eile fós áfach go raibh na Gaeil tar éis ár dteanga a bhaint dár mbéal.

Sin é an scéal: a fhad is a d’fhan mé sa bhaile, ba é an Béarla príomhtheanga mo shaoil. Nuair a chuaigh mé thar tairseach amach, áfach, ba í an Ghaeilge an t-aon urlabhra a bhí le cloisteáil, Gaeilge sráide Shasana agus Bhaile Átha Cliath a fuair a fuaimniú ó Chúige Uladh, a gramadach ó Chúige Chonnacht agus a cuid eascainí ó gach contae idir Tigh Móire agus Donncha Daoi. Ba í teanga chrua chruálach na Tíre Duibhe* í, teanga a bhí truaillithe le crístíní agus le cacamas cainte, díreach mar a bhí timpeallacht na mbólaí seo salaithe ag an ngual. Caithfidh mé a admháil gurb ar éigean a bhí mé in ann a shamhlú go bhféadfainn béarlagair bríomhar na sráideanna sin a aistriú go Béarla na Banríona choíche. Teanga ab ea an Béarla a bhí oiriúnach do na seanleabhair dhlí agus do na hóráidí oifigiúla. Níor ghnách leis an mBanríon féin ach cúpla focal Béarla a rá ar mhaith leis an nós imeachta; ansin chromadh sí ar an nGaeilge le go dtuigfeadh na géillsinigh í. Le fírinne ní raibh mórán Béarla á labhairt sa chúirt ríoga féin ar na saolta seo: bhí an Bhreatnais féin ní ba líofa ag comharba na ríona.

*) Is í an Tír Dhubh atá i gceist ná ceantar an ghuail i Sasana, Black Country mar a deir an Béarla inár n-ollchruinne féin.

Cé go mbíonn lucht athbheochana an Bhéarla ag áitiú gur rud dothuigthe doghlactha ar fad é náisiún chomh láidir, chomh hurrúnta leis na Sasanaigh a dteanga a chailleadh, tá mé admhálach, cé gur le luachanna na Gluaiseachta sin a tógadh mé, nach bhfuil a dhath mínádúrtha leis an bhforbairt sin. Nuair a thosaigh ár muintir ag socrú síos in Éirinn i ndiaidh an ghabháltais a rinne muid ar an tír sin, ní raibh an dara rogha acu i ndáiríre ach dul leis an nGaeilge, ó bhí cultúr chomh saibhir, chomh suimiúil, chomh láidir ag bunadh na tíre. Cláirseacha mallaithe na nGael, mar a deir lucht athbheochana an Bhéarla – chuaigh na cláirseacha sin i bhfairsinge i Sasana féin, chomh maith le ceol na nGael, agus tháinig na focail sna sálaí ag an gceol.

Na ceoltóirí agus na filí sin ó thír na nGael! Ba nós le maithe agus le móruaisle Shasana a shíleadh nach raibh iontu siúd ach sórt searbhóntaí ag baint an fhaobhair de chruatan laethúil an tsaoil lena gcuid fonnadóireachta. Le fírinne ba iadsan na ceannródaithe a chuir tús le gabháltas na nGael ar Shasana. B’iomaí fonn dá gcuid a d’fhoghlaim cosmhuintir Shasana ina n-ainneoin, agus nuair a rinne siad aithris ar na focail nár thuig siad go fóill, thosaigh Gaelú na nGall.

Ar ndóigh níor leor na ceoltóirí le Sasana a chur ag labhairt Gaeilge. Is dócha nach rachaimis leis an teanga iasachta sin chomh hiomlán seo choíche, ach go bé gurbh iad na Gaeil a thug Meiriceá chun míntíreachais. Ó bhí Éire suite idir sinn agus an tOileán Úr, ba dhual dúinn lucht coilínithe na mór-roinne sin a earcú as measc na nGael. Bhuel, admhaím gurbh iomaí duine acu a fuadaíodh óna mhuintir lena chur ar bhord an bháid bháin, sin é an cineál ”earcú” a bhí i gceist dháiríre. Pé scéal é ní raibh lucht ár rialtais inbharúla riamh go raibh a dhath cearr le fairsinge na Gaeilge sna coilíneachtaí. Daoine praiticiúla a bhí iontu, mar ba ghnách do mhuintir Shasana riamh. Bhí na Sasanaigh i dtaithí na Gaeilge sa bhaile cheana féin – ghlac siad leis gur ceann de theangacha tábhachtacha ár ríochta a bhí inti. Bhí muid ag rialú na hÉireann le fada an lá. Níorbh adhnua le haon duine Gaeilge a bheith á labhairt thall ansin.

Gaeilge Mheiriceá! Gaeilge ar leith a bhí inti. Iad siúd a chuir tús leis na Stáit Aontaithe, thugaidís Albanaigh Uladh orthu féin, agus ba í Gaeilge Uladh a dteanga, cé go mbídís sásta Béarla a labhairt leis na huaisle a thagadh ar cuairt ó Shasana. ”Chan fhuil”, ”cha dtuigim”, ”char glanadh an seomra go sea”, sin é an cineál Gaeilge a chloisfeá uathusan, an cineál Gaeilge a chuaigh ar fud an domhain i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Sin í an teanga a chluintear ar na scannáin Mheiriceánacha fosta, agus iad ag tonnadh isteach ó mhonarcha na n-aislingí ar chósta thiar Mheiriceá.

Agus i dteach lucht athbheochana an Bhéarla féin ní féidir macalla na Gaeilge áirithe sin a sheachaint. Sasanaigh go smior ab ea Daideo agus Mamó, ach mar sin féin ba é an scannán ab fhearr leo ná Síobtha ar Shiúl*. Tá a fhios agaibh an ceann a chaitheas súil an chumha (nó ”súil na cumhaidhe” mar a deir an Meiriceánach) ar an saol a bhí sa Deisceart timpeall ar bhlianta an Chogaidh Chathartha (inniu féin tugann muintir an Deiscirt ”an Cogadh eadar na Státaí” air).

*) “Gone with the Wind”

Ní deacair a rá cén fáth a ndearna Daideo agus Mamó an oiread sin comhionannú le cinniúint Scarlóidín Ní Eadhra* agus a muintir. B’ionann, ar bhealach, oidhreacht chultúrtha na Sasanach agus seansaol an Deiscirt: d’fhuadaigh an dá dhúchas le gaoth, ní raibh ceachtar den dá ghrúpa – fíor-Ghaill Shasana ná plandóirí an Deiscirt – in ann stoirm na n-imeachtaí a sheasamh. Ní chanann aon duine an t-amhrán faoi Iarúsailéim i Sasana a thuilleadh, ní léann aon duine saothar Jane Austen ná Edgar Allan Poe féin, ach amháin in aistriúchán Gaeilge b’fhéidir.

*) Scarlett O’Hara

Is éard is ábhar don scannán sin ná an cruatan a d’fhulaing plandóirí saibhre an Deiscirt nuair a baineadh a gcuid sclábhaithe gorma díobh. An mb’fhearr le Mamó is le Daideo, b’fhéidir, na Gormaigh a fhágáil ina sclábhaithe go deo? Ní hea muis. Bhí Mamó in ann na deora goirte a dhoirteadh agus í ag smaoineamh ar sclábhaí gorm ar díoladh a bhean chéile le plandóir eile. Bhí sí tar éis leabhair ar nós Bothán Shean-Tomáis* a léamh, sin nó Eachtraí Fhinn Óig. Thuig sí go maith éagóir na daoirse. San am chéanna bhí sí inbharúla nach raibh sé ceart ná ciallmhar scód a ligean leis na Gormaigh gan iad a ullmhú d’éilimh na saoirse. Ba chóir do na plandóirí ceirdeanna agus scileanna proifisiúnta a mhúineadh do na Gormaigh, ar sise, in áit iad a chur ag baint an diabhal cadáis.

*) “Uncle Tom’s Cabin”. Níl a fhios agam dála an scéil ar haistríodh an leabhar sin go Gaeilge riamh inár n-ollchruinne féin, cé go mbeadh sé thar a bheith fóirsteanach do scéim aistriúcháin an Ghúim, dar liom. Tá a fhios agam go raibh tionchar nár bheag ag an leagan Breatnaise ar fhorbairt na húrscéalaíochta sa teanga sin.

”D’fhéadfá a rá go ndearna muid an botún céanna leis na Gaeil”, ar sise lá amháin. ”Níor mhúin muid léann ná Béarla dóibh, agus inniu níl léann ná Béarla ag aon duine inár dtír féin.”

Cé go raibh Mamó agus Daideo chomh ceanúil is a bhí ar eachtraí Scarlóidín, fuair siad locht ar ghnéithe áirithe den scannán agus den úrscéal araon. Meiriceánach de phór Chaitliceach na hÉireann ab ea Máiréad Ní Mhistéil*, an bhean ar tháinig an scéal óna peann, agus ar ndóigh chuir sí teaghlach Gaelach Caitliceach i lár an aonaigh sa leabhar. ”B’fhearr seanuaisle Protastúnacha Sasanacha a dhéanamh díobh”, arsa Mamó, ”rud a bheadh ní ba chóngaraí d’fhíorimeachtaí na staire.” Sampla de shlítheántacht na nGael a bhí ann, dar leis an tseanbhean, an dóigh ar cham an bhean Éireannach sin an fhírinne. ”Ó muis”, arsa Daideo ansin. ”Is leis na hÉireannaigh na stiúideónna go léir i gCoill an Chuilinn**.” Agus dá réir sin bhí na stiúideónna céanna sásta an leagan Éireannach den stair a chraobhscaoileadh fud fad an domhain: laochra Éireannacha a dhingeadh isteach san áit nach raibh bunús ceart leo, agus cinnte bhí an Ghaeilge á spalpadh ag carachtair stairiúla nach raibh focal den teanga acu de réir na fianaise comhaimseartha.

*) Margaret Mitchell, a scríobh an t-úrscéal úd Gone with the Wind inár n-ollchruinne féin.

**) Is é sin Hollywood. Tagairt atá anseo don mhiotas fhrith-Sheimíteach faoi “na Giúdaigh atá i seilbh Hollywood”. Sa scéal seo tá leagan frith-Ghaelach den mhiotas chéanna le cloisteáil i measc lucht athbheochana an Bhéarla.

Ach cinnte ní rithfeadh le haon duine de ghróintíní na ceirde scannán Béarla a léiriú, agus ní bheadh maoiniú ná urraíocht ar fáil dá leithéid. Ó am go ham ar ndóigh d’fheicfeá an cúpla focal ar an scáileán, mar chuid den fheistiú stáitse, rud éigin cosúil le TOILETES TO WOMANS*, agus ansin bheadh gluaiseacht an Bhéarla sna trithí áthais go ceann coicíse, beag beann ar na botúin ghramadaí.

*) Ar ndóigh bíonn botúin ghránna den chineál seo i nGaeilge na bhfógraí poiblí coitianta go leor inár n-ollchruinne féin.

An Chathair gan Ainm

An chathair bheag ina raibh cónaí orainn, bhí sraith ainmneacha uirthi, mar is gnách i Sasana* ar na saolta seo. Bhí ainm amháin uirthi i gcanúint thraidisiúnta an cheantair, ainm eile i mBéarla na Banríona, agus dhá nó trí leagan Gaelaithe den dá cheann seo in úsáid. Léifeá leagan amháin acu os cionn dhoras mór na comhairle cathrach, leagan eile ar fhógrán na fáilte roimh an gcathair agus leagan eile fós ar an bhfógrán a d’fhág slán agus beannacht ag an gcuairteoir. Níor bhac an Stát riamh le logainmníocht na tíre a mhapáil ná a chaighdeánú mar ba chóir. Bhí a fhios ag an uile dhomhan ainmneacha na gcathrach mór ar nós Londain nó Learphall, agus ba chuma nó vaits leis na húdaráis faoi ainmneacha oifigiúla na gcathrach beag. Bhí a fhios ag a mbunadh cá raibh siad ina gcónaí, agus ní raibh suim ná suiméad ag daoine eile in aon áit den chineál sin.

*) Cosúil leis na logainmneacha Gaeilge sna fógraí poiblí, go minic is go rómhinic.

D’fhoghlaim mé léamh agus scríobh an Bhéarla sa bhaile, i bhfad sular thosaigh mé ar scoil. Bhí saint agam sna leabhair, nó bhí saol eile iontu, saol ba ghalánta, saol ab uaisle i bhfad ná gnáthlá ár gcathrach. Bhí laochra na leabhar ag labhairt Béarla le chéile, Béarla a bhí ag cur thar maoil le hionracas agus le múineadh. Ní raibh a leithéid de ghlan-Bhéarla le cloisteáil sa teach s’againn féin. Fiú nuair a thagadh seanchairde ar cuairt chugainn, ní bhíodh ach Béarla mille maide á labhairt acu. A chanúint féin ag gach uile dhuine acu, í foghlamtha ó fhoinsí éagsúla nach raibh ag teacht le chéile ach ar éigean.

Duine amháin acu b’fhéidir gur chaith sé seal i Sír Eabhrac* agus seal eile i Sír Dhorsait**, agus é ag iarraidh na blúiríní a phioc sé leis ó chaint na nGalltachtaí difriúla go léir a chur in oiriúint dá chéile agus don chaighdeán scríofa – ach ar ndóigh ní dheachaigh an chuid ba mhó d’fhocail chanúnacha na gceantar sin i bprionta in aon leabhar riamh, amach ó fhoclóir mór Dhonaldson*** agus Wauldron**** b’fhéidir. Pé Béarla a chuala mé ón tseanlánúin ba bheag an cuidiú a bhí ann le hadhmad ceart a dhéanamh dá raibh le rá ag na cuairteoirí i bparlús ár dtí. Ar ndóigh bhí crampa gránna na Gaeilge ar an gcuid ba mhó de na cainteanna a chloisfeá uathu, gan aon trácht a dhéanamh ar an lorg a d’fhág teanga sin an tromlaigh mhóir ar dhul na bhfocal.

*) Yorkshire

**) Dorsetshire

***) cf. O Dónaill…

****) …agus de Bhaldraithe!

Thou art a bhí ag duine acu, thou be’st ag duine eile, agus you are ag an tríú duine. Very good a dúirt an fear seo, ach má dúirt, ní raibh a chéile comhrá sásta leis sin, ó bhí sé tar éis unco good a fhoghlaim sa Ghalltacht ab ansa lena chroí féin. Agus cad é ba chiall leis an aidiacht úd silly? ”Amaideach”, a d’áitíodh duine as an mbeirt, agus an chuid eile acu dianbharúlach gurbh é ”ádhúil” an cheartchiall.

Mar sin ní teanga a bhí sa Bhéarla ach iarsmaí teanga – rácáil agus scuabadh na nduillí a bhí scaipthe ar an talamh timpeall an tseanchrainn mhairbh. Ar mhaithe leis an litríocht, go bunúsach, a d’fhoghlaimeofá Béarla, ach an gcabhródh na canúintí labhartha leat, an beagán a bhí fágtha díobh, saothar na n-údar clasaiceach a thuiscint? Agus an bhféadfá an chaint chomhaimseartha a chur ar pár sa chaighdeán chlasaiceach?

Seoirse Óirbhéal ag labhairt

Is beag trácht ar an mBéarla a d’fheicfeá ag scríbhneoirí nua-aoiseacha Shasana, nó rinne an chuid ba mhó acu talamh slán den Ghaeilge mar ghnáthurlabhra phobail, ach is féidir liom tagairt a dhéanamh do cheann d’aistí móra Sheoirse Óirbhéal*, scríbhneoir agus gníomhaí Sóisialach ar chuala an saol mór iomrá air.

*) Múnlaithe ar George Orwell, ar ndóigh. 

Mar is eol do chách, intleachtóir meánaicmeach a bhí ann agus é idir an dá thine Bealtaine i leith a lán rudaí: ní raibh sé cinnte cé acu ab fhearr leis nósanna na meánaicme a thréigean ar mhaithe le béasa an lucht oibre, nó cultúr na meánaicme a mhúineadh don lucht oibre. Is é mo thuairim féin go raibh mo dhuine idir dhá chomhairle i leith an Bhéarla chomh maith. I ndiaidh dó taighde a dhéanamh ar shaol na bprólatáireach Sasanach le haghaidh a leabhair An Bealach go Cé an Bhoigín* rinne sé a mharana ar an teagmháil a bhí aige le cainteoirí dúchais deireanacha na háite, agus ansin bhreac sé síos cúpla alt faoi cheist an Bhéarla. Seo sliocht as a ndúirt sé san aiste Ceist na Teanga agus Cúis an Lucht Oibre i Sasana:

*) “The Road to Wigan Pier”

Bhí stádas réasúnta ard ag an teanga i Scoil Éatúin* mar ábhar teagaisc, ach ar ndóigh ní rithfeadh le haon duine matamaitic, cur i gcás, a mhúineadh as Béarla. Go bunúsach is é an dearcadh a bhí ag lucht riaracháin na scoile ná gur teanga chlasaiceach a bhí sa Bhéarla cosúil leis an Laidin agus go gcaithfeadh an fear uasal Gallda bheith in ann litríocht a léamh i dteanga na sinsear agus tagairt a dhéanamh don litríocht sin ó am go ham, ach sin a raibh ann. Níor fhoghlaim muid ceartfhuaimeanna na teanga ar aon nós, nó b’fhearr leis na múinteoirí an ”Fuaimniú Liteartha” nach bhfuil cosúil le canúint ar bith. Sin é an tuiscint a bhí ag na hoideachasóirí uasalaicmeacha ar an mBéarla mar theanga.

*) Eton

Anseo a aithnímid brí an ”chultúir náisiúnta” mar choincheap, de réir thuiscint na huasalaicme: an dalta atá ag déanamh staidéir ar an gcultúr sin ní fhoghlaimíonn sé ach litríocht a léamh – litríocht nach bhfuil úimléid inti do lucht ár linne, litríocht atá scríofa i stíl nach bhfuil in aon chóngar do chaint na ndaoine.

Tá scríbhneoirí uasalaicmeacha ann i gcónaí agus iad ag iarraidh an tseanteanga a chleachtadh ina gcuid scríbhinní. Chuaigh an Béarla in éag mar theanga labhartha i measc na maithe agus na móruaisle le fada, agus mar sin ní beotheanga é an Béarla caighdeánach in aon áit ná in aon aicme a thuilleadh. Gaeilge a labhraítear i gcúirt an Rí féin, cé go bhfuil an couple of word ag an rítheaghlach go léir, ar mhaithe leis an gcur i gcéill. Níl de réalt eolais ag na scríbhneoirí sin ach traidisiún clasaiceach na litríochta Gallda, agus tá a fhios againn nach gcardálann scéalta na litríochta sin ach saol na huasalaicme anallód.

Is ar éigean a thiocfá ar chur síos ar bith ar obair choincréiteach sa chineál sin scríbhneoireachta, ar oibriú na n-uirlisí. Tháinig na leabhair sin ó pheann leisceoirí cruthanta, daoine nach ndearna bang oibre riamh ina saol. Mar sin ní raibh focail ná teilgeanacha cainte acu ar conas úsáid a bhaint as an tsluasaid nó as an gcasúr féin. Má dhéanann scríbhneoirí uasalaicmeacha Béarla ár linne trácht ar bith ar gharbhobair d’aon chineál nó fiú ar ghluaiseachtaí na ngéag – comharthaí láimhe mar shampla – aithneoidh an léitheoir ar an toirt lorg na Gaeilge ar an bhfoclaíocht.

Tá a lán scríbhneoirí nó smaointeoirí Sóisialacha sa tír seo barúlach gur teanga fhrithghníomhach fhrithdhaonlathach é an Béarla agus nach féidir litríocht lucht oibre a shamhlú sa teanga sin ar aon nós. Ní thig liom aontú leo siúd. Tá sé furasta go leor téarmaí Béarla a chumadh le cúrsaí ár ngluaiseachta a chardáil, agus tá focail ar nós international, communistlaibour* seanbhunaithe sa teanga. Scéal eile áfach go mbeadh stíl nua nó Béarla nua de dhíth le saol laethúil na n-oibrithe monarchan a chur i míotar sa teanga.

*) Is é sin labour, ach mar a fheicimid, is féidir locht a fháil ar chuid Béarla an Óirbhéalaigh.

Chloisfeá canúintí Béarla á labhairt ag garbhrúpálaithe tionsclaíochta anseo agus ansiúd, cé gurb í an Ghaeilge an teanga is mó a shamhlaímid le cruinnithe Pháirtí an Lucht Oibre. Bíonn focail Bhéarla coitianta go maith i nGaeilge na mianadóirí agus iad ag comhrá faoi chúrsaí a gceirde. Is féidir a mhaíomh go bhfuil an tsaoltaithí, na cainteoirí agus an teanga ann le haghaidh litríocht lucht oibre as Béarla. Is í an fhadhb is mó ná nach bhfuil traidisiún liteartha na teanga oiriúnach don chineál sin scríbhneoireachta.

Tá scríbhneoirí prólatáireacha ann i Sasana an lae inniu, fir ar nós Máirtín Maitland nó Seoirse Mac an tSiúinéara, agus iad ag iarraidh tuairisc a thabhairt ar shaol an fhir oibre ina gcuid gearrscéalta agus úrscéalta. Ach is í an Ghaeilge teanga a gcuid leabhar, cé go bhfuil Béarla, nó canúint Shír Eabhrac, ó dhúchas ag Maitland, ar a laghad. Is í an Ghaeilge teanga na hoibre fónta, dar le Tadhg an mhargaidh, agus is é an Béarla béarlagair na leisceoirí sna tithe móra maisiúla. Iad siúd a bhfuil Béarla canúnach ó dhúchas acu, ní thugann siad Béarla air ach ”an chaint shean-Ghallda” nó ”caint na seandaoine”.

Tugaigí faoi deara an dóigh a n-úsáideann an fear oibre an focal sin ”Gallda” agus é ag tagairt dá theanga dhúchais. Ní gnách leis a rá gurb í ”seanteanga na Sasanach” í mar shampla. Sinne, Sasanaigh an lae inniu a bhfuil teanga na hÉireann agus na hAlban á labhairt ag ár dtromlach, ní minic a dhéanaimid ár marana ar bhunbhrí an fhocail sin, ”Gall”. Is éard a bhí i gceist ag na Gaeil le ”Gall” ná forghabhálaí iasachta nó fiú foghlaí mara nach raibh tír cheart dhúchais aige. Nuair a bhíos an Sasanach ag trácht ar na canúintí Béarla – ar chanúintí a theanga sinseartha féin – mar ”theanga Ghallda”, is sampla é de chomh nádúrtha is a bhímid ag dearcadh orainn féin le súil an Ghaeil inár n-ainneoin.

Ar ndóigh ní féidir linn suáilcí na Gaeilge a shéanadh. Is í an Ghaeilge teanga ár gcuid iarchoilíneachtaí i Meiriceá agus san Astráil, agus í ag dul chun cinn ar fud an domhain mar theanga comhchumarsáide. An cultúr ceoil agus fonnadóireachta a fuair muid ó mhuintir na hÉireann in éineacht leis an teanga tabhaíonn sé cairde dár dtír ar fud an tsaoil mhóir. Is féidir a rá nach bhfuil gá againn le teanga náisiúnta ar leith, ó rinne muid ár gcuid féin den teanga idirnáisiúnta – an Ghaeilge.

Sinne, na Sóisialaithe, is dual dúinn bua na Gaeilge i Sasana a fháiltiú is a cheiliúradh mar réamhtheachtaire do bhua na prólatáireachta. Nuair a chaill an Béarla a ghreim ar an gcosmhuintir, bhí a phort seinnte, mar is léir dúinn inniu. Rinne na boic mhóra iarrachtaí leis an teanga a choinneáil beo agus na sluaite síoraí ag iompú chun na Gaeilge, ach ba é an fear oibre a shocraigh an scéal sa deireadh. Rug an Ghaeilge bua, díreach mar a bhéarfas an Sóisialachas bua an lá is faide anonn.

Is féidir a léamh ar an méid thuas go raibh an tÓirbhéalach eolach ar an mBéarla agus ar na ceisteanna móra a bhaineas leis.

[…]

Posted in: Nuacht