Daingean gan chúis

Posted on Meán an tSamhraidh 4, 2014 le

0



gasuirlegaeilge

Cúpla seachtain roimh an gCáisc, thug muid aghaidh mar chlann ar Iarthar Chorca Dhuibhne. D’fhan muid i dteach feiliúnach a ligeann bean dheas as an gceantar agus bhain muid taitneamh mór as an tseachtain. Ní raibh muid riamh i nGaeltacht Chiarraí roimhe sei–bím féin ag dul siar go Conamara go hiondúil–ach sílim gur mhaith an mhaise do na gasúir canúint na Mumhan a chloisteáil agus tamall a chaitheamh i gceantar labhartha Gaeilge.

Níor thuig mé roimh an gcuairt go díreach cé chomh beag is atá an Ghaeltacht i gCiarraí. Chuir sé díomá orm nach raibh muid in ann an tsiopadóireacht a dhéanamh sa Daingean trí Ghaeilge. B’fhéidir go mbeadh eolas agat ar na siopaí cuí dá mbeifeá i do chónaí ann, ach níor labhair ach siopadóir amháin Gaeilge ar bith. Fear óg amháin, thuig sé Gaeilge ach Béarla a thagadh as a bhéal. Bhí mé ag súil le háit ar nós…

Amharc ar an alt bunaidh 34 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht